Ross Ó Briain
Nach nochtach í an eachtra a thit amach idir Panti Bliss, laoch mhuintir LADT na hÉireann agus RTÉ, craoltóir náisiúnta na tíre, le déanaí maidir le dearcadh an phobail i leith na fuathchainte?
Murar féidir le duine leispiach, aerach, déghnéasach nó trasinscneach a rá go gceapann sé go bhfuil duine eile homafóibheach ina choinne, cé eile a dhéanfaidh gearán ar a shon?
An sainmhíniú a dhéantar ar an homafóibe ná ‘mídhúil neamhréasúnach a bheith agat i leith na homaighnéasachta’.
Mar sin, an raibh Panti ag dul thar fóir nuair a dúirt sí go síleann sí go bhfuil iriseoirí agus eagraíochtaí áirithe a chreideann nár cheart go mbeadh an tsaoirse agus na cearta céanna ag lucht LADT is atá ag saoránaigh eile na tíre a bheith maslach ina coinne? Ní dóigh liom é ar chor ar bith!
Aontaím go huile is go hiomlán le saoirse na cainte agus saoirse na meán ach céard é an difear idir saoirse na cainte agus an fhuathchaint?
Conas an féidir linn dul i ngleic leis an fheiniméan seo in aois an idirlín agus na teicneolaíochta?
Bhí cara liom ag obair ar fheachtas anuraidh i gComhairle na hEorpa, eagraíocht atá lonnaithe i Strasbourg na Fraince, a raibh sé mar sprioc aige cultúr na fuathchainte atá le feiceáil go forleathan ar fud an idirlín a laghdú.
Tugann an t-idirlíon deis do dhaoine rud ar bith a rá gan mórán drochthorthaí a bheith ann toisc gur daoine do-aithnide muid ar fad taobh thiar de scáileán an ríomhaire. Ach an féidir le feachtas mar seo dul i ngleic i gceart le fadhb na fuathchainte? Beidh le feiceáil.
Ní hinstitiúid de chuid an Aontais Eorpaigh í Comhairle na hEorpa, ach eagraíocht eile ar fad a bhfuil 47 dtír mar bhall di, an Rúis san áireamh. Tá an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine faoina húdarás chomh maith. Cén chaoi, mar sin, an féidir leis an Rúis dlí nua fríth-homaighnéasach a chur i bhfeidhm sa bhliain 2013 agus í mar bhall den eagraíocht seo?
Anuas air sin, cén fáth ar tugadh tacaíocht don Rúis a bheith ina thír aíochta do na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh a bhí ar siúl in Sochi le mí anuas? De réir dealraimh, tá sé mar chuspóir ag an gCoiste Oilimpeach cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn.
Ní dóigh go bhfreagraíonn dlíthe na Rúise do na luachanna seo. I ndáiríre, áfach, an bhfuil cúrsaí in Éirinn níos fearr ná mar atá siad sa Rúis, nuair a íocann craoltóir na tíre €85,000 d’airgead an cháiníocóra toisc gur léirigh duine éigin gur cheap siad go raibh leithcheal á dhéanamh ina choinne?
Mar a dúirt Panti san óráid ar thug sí uaithi in Amharclann na Mainistreach cúpla seachtain ó shin, bíonn drogall ar roinnt daoine aeracha glacadh lena mothucháin fhéin go minic. Dar léi, is í an tsochaí chaolaigeanta ina bhfásaimid aníos is cúis leis seo.
Bíonn deacrachtaí acu, chun aistriúchán díreach ón mBéarla a dhéanamh, le ‘teacht amach as an gcófra’. Measann daoine nach rud é seo a tharlaíonn ach uair amháin i saol an duine aeraigh, ach is próiseas leanúnach, fadálach, tuirsiúil é.
I ngach post nua a thosaíonn tú nó gach uair a bhaileann tú le duine nua, bíonn an imní chéanna ort – an nglacfaidh siad liom nuair a n-insímse an fhirínne leo?
Tá deighilt ann sa phobal LADT fhéin maidir le cearta pósta chomh maith. Creideann dream amháin gur cheart go mbeadh na cearta pósta chéanna ag an bpobal LADT, agus ceapann dream eile nár cheart don phobal LADT a bheith chomh tóghta sin le coincheapa an tromlaigh.
Agus an reifreann maidir le pósadh comhghnéis ag druidim linn, is léir go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal. Cibé rud a tharlóidh amach anseo, áfach, tá orainn dul chun cinn mór a dhéanamh fós le cinntiú go bhfuil na cearta céanna ag gach saoránach sa tír.