Scott de Buitléir
San aois seo, is cuid lárnach dár gcultúr í an teilifís réaltachta. Ó ghlac Big Brother seilbh ar intinní na milliún roinnt blianta ó shin, tá go leor againn gafa leis an scáileán beag; ó ghrúpa ina gcónaí le chéile i dteach go campa i ndufair, ainmhithe beaga (nó píosaí dóibh) á n-ithe os comhair an cheamara.
Ach le teacht ré seo na réalteachta, tháinig doiléiriú ar an líne idir céard is bréagach ann agus céard is fíor ann ar ár scáileáin, agus is cosúil anois nach dtuigeann muid an difríocht eatarthu a thuilleadh. Bíonn muid ar thóir an chéad chlár cháiliúil eile, agus tá seans ann go bhfuil sé aimsithe againn – trí thimpiste.
Gan aon dabht, is uafásach an scéal atá i mbéal an phobail domhanda faoi láthair faoi Oscar Pistorius, fear neamhghnách ón tús.
Más fíor an méid atá ráite aige sa teach cúirte i Johannesburg, ba thragóid uafásach é an méid a tharla; gur shíl sé gurbh ionsaitheoir nó gadaí í a chailín, an mainicín Reeva Steenkamp.
Más bréagach é, ba léir gur mharaigh sé í go foréigeanach ina theach féin, cé go bhfuil sé ráite aici go déanach go bpósfadh sí Oscar, dá gcuirfeadh sé ceist uirthi.
Pé scéal é, tuigtear go maith go mbeadh suim leathan phoiblí sa chás cúirte seo.
Mar a mhínigh an tuairisceoir Robyn Curnow ar CNN le déanaí, tá aghaidh Oscair ar fud na háite ina thír dhúchais, é ina shiombal den Afraic Theas nua.
Ach ní amháin san Afraic Theas atá an cás seo suimiúil ach ar fud an domhan chomh maith toisc a chlú mar fhear spóirt agus buaiteoir bhonn Oilimpeach.
An cheist ar chóir a chur os ár gcomhair, áfach, ná cé mhéid spéise ar chóir dúinn mar phobal domhanda a thaispeáint sa chás áirithe seo.
Ón tús, cuireadh an stáitse le chéile ar nós go mbeadh seó mór ar siúl.
Tá ceamaraí, iriseoirí, tuairisceoirí agus foirne meán eile bailithe le chéile don gcás cúirte is mó agus is cáiliúla (go dtí seo!) i mbliana.
Go dtí an pointe seo, tá a leithéid go hiomlán normálta; is gnáth do na meáin teacht le chéile ón iliomad tíortha agus eagras nuachta chun an scéal a insint dá lucht féachana/éisteachta féin.
Ach cérbh é an uair dheireanach go ndearnadh clúdach nuachta leanúnach ar chás cúirte, é craolta ar fud an domhain?
Cás Anders Behring Breivik, creidim, agus más fíor é sin, is cúis imní é an cónascadh.
Ach ar nós eipeasóid phléascach nua (nó sraith iomlán úr, b’fhéidir), tagann sé chun solais anois go bhfuil deartháir Oscair cúisithe as ucht bean a mharú i 2010, nuair a tharla timpiste bóthair idir Carl Pistorius agus tiománaí gluaisrothair.
Bhí cás cúirte Carl le bheith ar siúl le linn chás cúirte a dheartháir, ach cuireadh ar athló é, ionas go mbeadh Carl in ann freastal ar chás Oscair. Ní imeacht aonair atá i mbéal an phobail anois, ach dhá chás faoi leith, le teaghlach amháin páirteach.
Is réalta nua iad na deartháireacha Pistorius; éirí agus meath na cáile san Afraic Theas.
Is í an fhadhb mhór atá ann lenár gcuid spéise sna scéalta seo ná nach bhfuil muid ag breathnú ar chlár de chuid Law & Order, Criminal Minds ná aon sraith teilifíse eile.
Seo í an nuacht. Fíornuacht, gan aon aisteoirí.
Baineann na scéalta seo le fíor-dhaoine, a saolta agus na fíor-mhothúcháin a bhaineann leo. Níl sé seo ag teacht as script éigin, scríofa ag drámadóir cliste i Los Angeles.
Ar chúis éigin, is cosúil – ní hea, is soiléir – go bhfuil muid uilig tar éis glandearmad a dhéanamh air sin.
Sin uilig ráite, nílim ag rá nár cheart dúinn spéis éigin a léiriú sa chás i Johannesburg, ach cén fáth nach bhfuil muid chomh gafa le scéalta báis anseo in Éirinn?
I ndiaidh dom gearán beag a dhéanamh ar líne, tháinig freagra suimiúil chugam ó chara i mBéal Feirste; is tarraingteach an stíl agus an cur i láthair taobh thiar den léiriú ar chás Oscair.
Bhíodar ag déanamh cláir as.
Cén fáth, mar sin, nach bhfuil muid ag iarraidh níos mó a fháil amach faoi Cholm Kavanagh, fear ina dhaichidí a aimsíodh le déanaí i seomra óstáin i gCeatharlach, é ceangailte suas agus marbh? Cén fáth a bhfuil na Gardaí ag rá nár dúnmharaíodh é, ach nach bhfuil siad in ann cúis an bháis a fhógairt ach an oiread?
Dúirt an Talbot Hotel nach raibh an tUasal Kavanagh ina aonar nuair a tháinig sé chun an óstáin, ach cén fáth nach bhfuil siad toilteanach labhairt leis na meáin faoi? Cén fáth nach ainm i mbéal an phobail é ainm Colm Kavanagh faoi láthair?
An féidir leatsa a rá, agus tú á léamh seo, gur chuala tú fiú is focal faoin gcás aisteach sin? Seans maith nár chuala, agus tuigtear sin más ea; tá na meáin róghafa le scéalta ‘móra’ chun aire a thabhairt ar scéilín beag bídeach faoin tuath in Éirinn.
Agus céard faoi dhúnmharú an Gharda Adrian Donohue, a maraíodh thart ar mhí ó shin i gContae Lú?
Cén fáth go bhfuil dearmad déanta ag na seirbhísí nuachta air? Nach raibh gach éinne ag rá gur tubaiste mhór a bhí ann, do na Gardaí agus don tír uilig nuair a maraíodh é?
An bhfuil biseach tagtha orainn anois? Ar mhaith muid don té a mharaigh é? Is beag seans, ach tá sé ar nós nach raibh ann in Adrian ach carachtar san eipeasóid dheireanach, agus go bhfuil an sraith tar éis bogadh ar aghaidh.
Níl sé cothrom dom an locht a chur ar ‘na meáin’ uilig ach fós féin is annamh dúinn – mar thomhaltóirí na meán – a bheith ag plé na gcásanna seo anois.
Is cosúil go bhfuil níos mó spéise againn sa chlú, sa stíl agus san atmaisféar a bhaineann le cás cúirte Pistorius san Afraic Theas.
Ach ná ligfimis dúinn dearmad a dhéanamh ar an difríocht idir an drámaíocht agus an fíorshaol.