Oifigigh Ghaeilge chun leanúint sna hollchomhairlí

Oifigigh Ghaeilge chun leanúint sna hollchomhairlí
Agallamh: Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn - ceist na nOifigeach Gaeilge

Leanfaidh Foras na Gaeilge leis an mhaoiniú atá á chur ar fáil acu d’oifigigh forbartha Gaeilge i gcomhairlí áitiúla an tuaiscirt nuair a aistreofar cumhacht ó 26 comhairle chuig 11 ollchomhairle Dé Céadaoin seo chugainn.

Tá scéim trí bliana faoi sheol ag Foras na Gaeilge a chlúdaíonn 50% de thuarastail na nOifigeach Gaeilge i gComhairle Léim an Mhadaidh, Machaire Fíolta, An Corr Críochach, Dún Geanainn agus Doire.

Tríúr atá fostaithe faoin scéim faoi láthair. Deir Foras na Gaeilge go léanfar leis an scéim go dtí Méan Fómhar 2016.

“Beidh Foras na Gaeilge solúbtha i dtaca le haistriú feidhmeanna na nOifigeach Gaeilge chuig na hollchomhairí úra,” a dúirt Leas Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

La haistriú na Céadaoine, beidh seirbhísí Gaeilge an tSrátha Báin ag teacht faoi choimirce Phóil Uí Fhrighil, an tOifigeach Gaeilge i gcathair Dhoire.

Níl aistriú dualgaisí socruithe leis na hoifigigh eile atá fostaithe faoi scéim an Fhorais i gComhairle Léim an Mhadaidh, Machaire Fíolta, An Corr Críochach ná Dún Geanainn.

Tuigtear do Meon Eile go mbeidh ar an Oifigeach Gaeilge i gComhairle na hÓmaí limistéir Fhear Manach a chlúdach ón Chéadaoin seo ar aghaidh.

Tá triúr i mbun cúraimí Gaeilge i gComhairle an Iúir agus Mhúrn – an ceantar céanna inar léirigh polaiteoirí aontachtacha a gcuid feirge faoi shuaitheantas dátheangach na Comhairle.

Níl Oifigeach Gaeilge na hÓmaí (post páirtaimseartha) ná an triúr atá fostaithe in Aonad na Gaeilge i gComhairle an Iúir agus Mhúrn i gcúiteamh ar Scéim Fhoras na Gaeilge.

Comhdháil d’ollchomhairlí le díriú ar chur chuige dátheangach

Comhdháil faoi bheartais teanga sna hOllchomhairlí

Tugadh Ardfheidhmeannaigh na n-ollchomhairlí úra le chéile ag comhdháil faoi dhea-chleachtas sa dátheangachas i gcathair Ard Mhacha.

Déanfar cumhacht a aistriú ón 26 comhairle áitiúil chuig an 11 ollchomhairle maidin Dé Céadaoin seo chugainn.

Le móramh náisiúnach i gceithre cinn de na 11 ollchomhairlí, deir Sinn Féin agus SDLP go bhfuil siad sásta tús áite a thabhairt don Ghaeilge.

Tá cóimheas na cumhachta ag páirtí na Comhghuallíochta i gcomhairle Bhéal Feirste. Níl aon fhógra déanta ag na hollchomhairlí le mórámh aontachtach faoi bheartas dátheangach.

Léarscáil faoi staid na Gaeilge i measc na gcomhairlí nua

View Eolas ar chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt in a full screen map

Buíochas le Conradh na Gaeilge as a dtacaíocht i gcur ar fáil figiúirí na léarscáile.

Close
Close