Le dhá lá anuas tá Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag plé tuarascála ón chomhchoiste ar an ochtú leasú ar bhunreacht na hÉireann.
Moltar sa tuarascáil an leasú a aisghairm agus reachtaíocht a thabhairt isteach chun gur féidir tobscor, nó ginmhilleadh, a fháil suas go dhá sheachtain déag.
Bhí scaifte cruinnithe san fhearthainn taobh amuigh de gheataí Theach Laighean ag éisteacht le gach uile fhocal agus an díospóireacht á craoladh beo taobh istigh.
Bhí grúpaí gníomhaíochta ar nós Rosa agus Strike4Repeal, comh maith le hAontas na Mac Léinn Éireann, i láthair lena dtacaíocht a léiriú ar son aisghairm a dhéanamh ar an ochtú leasú.
Bhí siad ag súil go nglacfadh an Rialtas le moltaí an chomhchoiste agus go socrófaí dáta agus foclaíocht chruinn don reifreann.
Ag labhairt os comhar na Dála dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris:
“These are not faceless women. They are our friends and neighbours, sisters, cousins, mothers, aunts, wives.
“Each woman is dealing with her own personal situation and making what is a deeply difficult decision.
“Because this time around, let's be honest about this - this is not a decision or a procedure that anyone undertakes lightly.”
Sa bhliain 2016, thaistil 3,265 de mhná na hÉireann go dtí an Ríocht Aontaithe agus chuaigh cuid eile go tíortha ar nós na hÍsiltíre le deireadh a chur le toircheas.
Bhí os cionn 1,200 dóibh súid a rinne an turas go dtí an RA idir 30 and 39 bliain d’aois.
Bhí os coinn 1,500 idir 20 and 29 bliain d’aois agus bhí 255 de na mná os cionn 40 bliain d’aois.
Ach ní gach Teachta Dála a bhí ar son aisghairm a dhéanamh ar an ochtú leasú.
Labhair an Ciarraíoch Michael Healy Rae TD amach in éadan ginmhillte de chineál ar bith.
“People voted for the 8th amendment, in huge numbers, it has saved many lives.
“It could be 100,000 lives, it could be 50,000, it could be 5,000 saved by the 8th amendment.
“It means that there are thousands of people who are living in this world today, who are walking the streets today thanks to that amendment - and then we're talking about repealing it.”
Ar ndóigh is ag pobal na tíre a bheidh an cinneadh deiridh.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil cheana féin go bhfuil súil aige go mbeidh Reifreann ann ag deireadh mí Bealtaine nó ag tús mí Meithimh na bliana seo.