Neamhchinnteacht faoin tuaisceart i bhfeachtas Brexit

Neamhchinnteacht faoin tuaisceart i bhfeachtas Brexit

Michaeline Donnelly

Leis an reifreann maidir le “Bréalú” nó “Brexit” ag tarraingt orainn i mí Meithimh, tá an díospóireacht faoi lán seoil, ach cad é an tionchar a bheas aige orainne sna Sé Chontae?

Tá an tuaisceart ar an áit is lú a bheidh ag vótáil ar an 23ú Meitheamh le 1.81 milliún duine (nó 1.5% dóibh siúd a bhfuil vóta acu), ach glactar leis go mbeidh éifeacht níos troime anseo ná mar a bheidh in áit ar bith eile.

Maith nó olc linn é, is é an Tuaisceart an t-aon áit a bhfuil teorainn talaimh ann le ballstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus baint aige le go leor tionscnamh trasteorann eacnamaíochta, polaitiúla agus cultúrtha.

Is beag tionchar a bheidh ag muintir an tuaiscirt ar an reifreann seo, ach dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAE, bheadh tionchar díreach aige sin ar ár rathúnas agus ar ár slándáil, agus ní chun ár leasa a bheadh sé dar le gach anailís.

Tá sé deacair le rá go díreach cad é mar rachadh an “Bréalú” i bhfeidhm anseo mar go bhfuil an oiread sin neamhchinnteachta ag baint leis, ach tá an chosúlacht ann gur tionchar diúltach a bheadh ann, ag an tús ar a laghad.

Ó tharla go bhfuil Poblacht na hÉireann ar an phairtnéir is mó tradála atá ag an tuaisceart, bheadh go leor deacrachtaí le sárú go háirithe ó thaobh talmhaíochta de, an earnáil is mó anseo.

Ar ndóigh, tá an earnáil seo ag brath go mór ar fhóirdheontais an AE, agus bheadh ar rialtas na Breataine clár substainiúil cúitimh a chur le chéile leis an rud a chur ina cheart.

Ní dóigh liom go pearsanta go dtarlódh sin.

An fhadhb atá ann mar a fheictear domsa ná gur cuma agus gur ríchuma cá mhéad airgid a shábhálfaí dá bhfagfaimís an Margadh Aonair, is beag seans go dtiocfadh sé chomh fada linne anseo.

Ar ndóigh tá ceisteanna ann chomh maith maidir le gnó agus fostaíocht, ollscoileanna, imirce agus soghluaisteacht dhaoine.

Ach an neamhchinnteacht is mó don tuaisceart ná an éifeacht a bheadh ag “Bréalú” ar an phróiseas síochána.

Creideann Baile Átha Cliath go láidir go bhfuil ról lárnach ag ballraíocht an AE sa phróiséas go dtí seo, agus go bhfuil an tAontas mar ‘powerful, if understated, force for good for everyone in Northern Ireland’, dar le Charlie Flanagan agus é ag caint ina ról mar Aire Gnóthaí Eachtracha ag comhdháil i Londain i Meán Fómhair.

Tá Comhaontú Aoine an Chéasta bunaithe ar an chomhthéacs Eorpach le ballraíocht ag Éirinn agus an Bhreatain beirt san Aontas Eorpach san áireamh.

Dar ndóigh, is ón Eoraip a thagann go leor den airgead síochána agus athmhuintearais, agus arís, bheadh seo ina chailliúint ollmhór.

Aontaíonn na páirtithe Náisiúnacha gur chéim ar chúl a bheadh ann dá nglacfaí le céimeanna i dtreo rialú teorann arís.

Coicís ó shin, dúirt an LeasChéad-Aire Martin McGuinness gur cheart go mbeadh pobalbhreith ann ar cheist na teorann sa chás gur vótáil daoine i bhfábhar an tAE a fhágáil.

Fiú dá dtarlódh “Bréalú”, is beag seans go mbeadh rialtas na Breataine sásta pobalbhreith a dhéanamh, agus fiú dá mbeadh, tá sé léirithe arís agus arís i bpobalbhreitheanna go mbeadh tromlach na ndaoine sna Sé Chontae i bhfách le fanacht mar chuid den Ríocht Aontaithe.

Ach, tá sin uilig iontach hipitéiseach ag an phointe seo.

Caithfidh mé a rá nár shíl mé riamh go mbeadh vóta chomh cóngarach ann ar cheist an neamhspleáchais in Albain – léiríonn sin nach féidir a bheith cinnte faoi na ceisteanna seo, go dtí go dtosaíonn na rothaí ag gluaiseacht.

Mar a tharlaíonn sé, tá an UUP ag tacú leis an fheachtas le fanacht san AE – dúirt Mike Nesbitt gurb ionann “Bréalú” agus tús an deiridh don Ríocht Aontaite, go háirithe le Nicola Sturgeon ag rá go mbeadh sí ag glaoch an dara reifreann ar cheist an neamhspleáchais thall in Albain.

Tá an DUP ag tacú leis an fheachtas leis an Aontas Eorpach a fhágáil i ndiaidh díoma a bheith orthu maidir leis an ath-idirbheartaíocht ag David Cameron ar an bhallraíocht.

Dúirt Arlene Foster nach bhfaca siad aon rud nua ann a d’athródh polasaí s’acu, agus mar sin go raibh orthu vótáil ar son “Bréalú”.

Sin ráite, dúirt Foster gur luigh sé le gach duine aonair a n-intinn féin a dhéanamh suas, agus a vóta féin a chaitheamh.

Ar cheist na teorann, dúirt Boris Johnson nach mbeadh tionchar ar bith ag “Bréalú” ar an chomhlimistéar taistil idir Éirinn agus an Bhreatain, a bhí ann i bhfad sula raibh an tAE ann.

Is cuma cad é a deir Boris áfach, an t-aon chinnteacht atá againn ná go dtí go dtarlaíonn sé, nach féidir a bheith cinnte faoi rud ar bith!

Close
Close