Ciarán Dunbar
Go horgánach, nó mar thoradh ar pholasaí stáit, tá treibh nua ar an saol in Éirinn – na Tuaisceart-Éireannaigh.
Ach cheana, nuair a chuaigh mé á gcuardach ar na meáin shóisialta ba léir go raibh fearg ar go leor daoine gur cuireadh an cheist: bhí siad ag argóint nach raibh a leithéid ann.
Mar sin féin, léiríonn torthaí an daonáirimh is deireanaí (2011) gur mheas 40% de mhuintir na Sé Chontae gur Briotanaigh amháin iad, 25% gur Éireannaigh amháin iad agus 21% gur Tuaisceart-Éireannaigh amháin iad. Bhí 14% den daonáireamh ina ‘eile’.
Léirigh sé gur tógadh mar Chaitlicigh 58% dóibh siúd a mheas gur Tuaisceart-Éireannaigh amháin iad – an tromlach.
Ach más coitianta Tuaisceart-Éireannachas, is rún é do go leor daoine i gcónaí.
Níor éirigh liom ach triúr a aimsiú a bhí sásta labhairt liom, an Dr Ian Malcolm, ‘Julia’ agus ‘Aoife’.
Bhí orm ainmneacha cléite a úsáid don bheirt bhan, ar an ábhar nár mhothaigh siad compordach lena dtuairimí pearsanta a bheith ar eolas ag an phobal i gcoitinne.
D’athraigh mé corr-shonraí eile anseo is ansiúd ar an ábhar céanna.
Cé gur léir go bhfuil an pobal Éireannach agus an pobal Tuaisceart-Éireannach fite fuaite lena chéile, is cosúil nach ábhar cainte oscailte é.
Mar sin de – cad is Tuaisceart-Éireannach ann?
Dar le hAoife, is ceist meoin agus cultúrtha é: “Creidim go bhfuil meon ar léith ag cuid mhór de na daoine ó Thuaisceart-Éireann.
“Sílim go mbíonn dearcadh daoine ó Thuaisceart-Éireann níos loime, níos marbhánta b’fhéidir ach níos ionraice (“a spade is a spade”) ná formhór de na daoine ó Dheisceart Éireann.
“Is cineál náisiúntachta é sílim. Go cinnte, tá mé bródúil gur as an cheantar seo mé.
“Baineann sé go cinnte le mo chuid féiniúlachta,” a dúirt sí.
Tá clú ar an Dr Ian Malcolm mar thráchtaire agus mar aontachtaí le Gaeilge, thug sé a shainmhíniú féin: “Duine atá sásta go leor le coincheap Thuaisceart Éireann.
“Thig leo a bheith ag breathnú go geanúil ar Londain nó ar Bhaile Átha Cliath, ag brath ar bhun-pholaitíocht s’acusan.
“Ach sa deireadh thiar tá siad socair go leor leis an lipéad ‘Tuaisceart-Éireannach’.”
An náisiúntacht é Tuaisceart-Éireannach mar sin?
“Ciallaíonn sé nach bhfuil siad fíochmhar sa ‘mhór-náisiúntacht’ s’acusan, ach tá claonadh ‘Briotanach’ nó ‘Éireannach’ acu i gcónaí,” a dúirt Ian.
“Is féidir é a chur ar bhealach eile, mar a rinne mé fadó nuair a mhothaigh mé gur chóir an chatagóir ‘Britirish’ a chur sa daonáireamh, chun an dá snáithe s’againne i dtaobh seo an oileáin a aithint.”
Dar le Julia is casta an rud é cúrsaí féiniúlachta ar fad – do gach duine – agus nach ceist pholaitiúil í ar chor ar bith.
“Seo mar a fheicimse féin é, is iníon mé, is máthair mé, is deirfiúr mé, is aintín mé,” a dúirt sí.
“Bíonn cuid mhór féiniúlachtaí éagsúla ag duine, chan díreach ceann amháin fiú ag am amháin.
“Go minic, is Éireannach mé.
“Ach, abair gur ag plé le daoine sa deisceart fá chearta teanga – is soiléir dom nach ionann muid agus gur Tuaisceart-Éireannach ansin mé.”
Luaigh Julia an tionchar a imríonn meáin na Breataine uirthi:
“Is duine ón Ríocht Aontaithe mé nuair a éistim le [BBC] Radio 4 agus nuair a léim na nuachtáin. Go dtí go bpléann siad na sé chontae, agus ansin is Éireannach arís mé,” a mhínigh sí.
Dar le Julia, is toradh ar mheascadh é an Tuaisceart-Éireannachas ach is cinnte léi go mbaineann an meascadh sin le gach duine, ní le Tuaisceart-Éireannaigh amháin.
“B’fhéidir nach bhfuil mé á mhíniú go ró-mhaith ach go bunúsach, tá meascán mearaí d’fhéiniúlachtaí againn uilig má tá muid ionraic faoi.
“Rud amháin deireanach – is Gael i gcónaí mé,” a dúirt sí ag tabhairt lipéad agus féiniúlacht eile isteach sa scéal.
Ní ceist polaitíochta é Tuaisceart-Éireannachas do Julia: “Sílim go meascann náisiúntóirí é seo le ceist polaitíochta. Ach níl ciall leis.
“Ar mhothaigh daoine níos Éireannaí mar gheall ar Bhrexit?
“Ní dóigh liom é, ach b’fhearr leo Éire Aontaithe ar chúiseanna eacnamaíochta.”
Aisteach go leor, níor aontaigh Aoife leis an tuairim sin in aon chor, dar léi is buille é an Bhreatimeacht don fhéiniúlacht.
Creideann sí go dtitfidh líon na dTuaisceart-Éireannach sa chéad torthaí daonáirimh eile.
“Mothaím, sa dóigh is nár mhothaigh mé roimhe, ceangal láidir le hÉirinn i ndiaidh an toraidh dhiúltaigh,” a dúirt sí.
Ach cosúil le Julia, ceanglaíonn Aoife an cheist leis na meáin chumarsáide: “Caithfidh go ndeachaigh na struchtúir shochaíocha i bhfeidhm orm agus mé ag fás aníos; BBC, welfare state agus srl.
“Mhothaigh mé go láidir go raibh mé i mo chónaí sa Ríocht Aontaithe. Mhothaigh mé iontach buíochasach as an stát leasa.”
D’ainneoin na Breatimeachta, tá Ian fós den tuairim go bhfuil borradh faoi Thuaisceart-Éireannachas agus go leanfaidh sé sin ar aghaidh.
“Ó thaobh na téarmaíochta oifigiúla de, rud réasúnta nua atá ann,” a dúirt sé, “ach tá féiniúlacht an ‘Tuaisceart Éireannach’ anois ag fás de réir a chéile, mar a léiríonn pobalbhreitheanna agus suirbhéanna.”
Ach an Éireannaigh iad Tuaisceart-Éireannaigh nó dream iomlán difiriúil?
“Gan aon agó. Is Aontachtach mé, agus mé bródúil as, ach aithním go bhfuil snáith láidir Éireannach ionam.
“Nuair atá Éire ag imirt in aghaidh Shasana sa rugbaí ní ag tacú leis na Sasanaigh atá mé,” a dúirt Ian.
Leag Ian an-bhéim ar an chomhcheangal a fheiceann sé idir pobail an Tuaiscirt:
“Ach oibríonn sé ar dhóigh eile fosta: mar Aontachtach, tá i bhfad níos mó i gcoitinne agam leis an Phoblachtánach is poblachtaí i dTuaisceart Éireann ná mar atá agam le duine ó Finchley.
“Agus ag an am chéanna tá níos mó i gcoitinne aige liomsa ná mar atá aige le duine ó Bluebell i mBaile Átha Cliath.
“Aithníonn ciaróg ciaróg eile agus sílim go n-aithníonn muid i dTuaisceart Éireann go bhfuil ceangal faoi leith againn mar Ultaigh.
D’aontaigh Aoife le hIan go bhfuil ceangail idir Éireannachas agus Tuaisceart-Éireannachas, cé nár chreid sí sin i gcónaí.
“Creidim anois gur leagan d’Éireannachas é Tuisceart-Éireannachas go cinnte.
“Ach is cuimhin liom nuair a bhí mé 18 agus mé ag [tosú cúrsaí staidéir i Sasana], ar an chéad lá tugadh fáilte roimh na mic léinn úra ar fad.
“Luaigh an fear a bhí i mbun an choláiste na tíortha as a tháinig muid ar fad. Luaigh sé Éire chomh maith leis na tíortha eile.
“Ach ní dhearna sé trácht ar Thuaisceart Éireann agus is cuimhin liom go raibh iontas orm gur fágadh amach mé.
“Ní raibh sé go dtí b’fhéidir 3 bliana ina dhiaidh sin gur thuig mé gur leor ‘Éire’ fá choinne na Sasanach!”
Macasamhail Iain, agus neamhchosúil le Julia, tá blas na polaitíochta ar Thuaisceart-Éireannachas Aoife:
“Ba as ‘Baile Beag’ m’athair, sráidbhaile beag a n-amharcann daoine air mar baile aontachtach ann. Bhí óige ghalánta, órga ag m’athair ann agus tá an-chuid cairde againn ann go fóill.
“Bhí sé de nós orm dul chuig ‘Baile Beag’ le m’athair gach deireadh seachtaine chun cuairt a thabhairt ar mo chuid sean-uncailí agus mé óg.
“B’fhéidir go bhfuil dearcadh báúil agam ar chúrsaí Aontachtacha mar gheall air sin.
“Lena chois sin, agus mé ag fás aníos, bhí na trioblóidí faoi lán seoil.
“I mo thuairim, rinne na Sealadaigh slad níos measa ná na dílseoirí agus chreid mé nárbh fhiú an t-uafás ar fad ‘ceist bhunreachtúil’ ar bith.
“Sílim gur fhás fuath istigh ionaim roimh aon smaoineamh faoi Éire Aontaithe.
Teanga oifigiúil Phoblacht na hÉireann í an Ghaeilge agus ceangal aici le féiniúlacht an stáit ó dheas – cén ceangal atá aici le Tuaisceart-Éireann?
“Domhsa tá dlúthbhaint idir an dá rud,” dúirt Aoife, “níl codarsnacht ar bith eatarthu.”
“Ach aithním nach mbeadh an dearcadh sin ag chuile dhuine a mhothaíonn Tuaisceart-Éireannach.
“Ach i ndáiríre is é sin ceann de na buntáistí a baineann leis an Tuaisceart-Éireannachas – éagsúlacht.
“Is féidir go bhfuil an Ghaeilge bainteach leis ach ní chaithfidh sé a bheith gan amhras.”
Tá dúspéis ag an Dr Ian Malcolm sa cheist áirithe sin le fada an lá.
“Deirim i gcónaí nach mbaineann an Ghaeilge leis an pholaitíocht. Tá sé sin fíor ach ar an drochuair bíonn polaiteoirí ag iarraidh pointe polaitiúil a dhéanamh leis an teanga i dtólamh.
“Níl i gceist ach teanga – modh cumarsáide – agus thig leat do rogha rud a rá i dteanga ar bith. ‘Dia leis an Bhanríon’, ‘Rí Liam Abú’ agus mar sin de.
“Ar an drochuair tá ‘cumhachtaí speisialta’ bronnta ar an Ghaeilge mar gheall ar an pholaitíocht i dTuaisceart Éireann, ag déanamh rud polaitiúil aisti.
“Is maith is cuimhin liom oíche amháin agus mé ar an ollscoil nuair a bhí mé ag coisir. B’eol do na mic léinn eile gur Aontachtach mé toisc nár choinnigh mé luí mo chroí faoi cheilt ariamh ach ní raibh sé mar ábhar díospóireachta againn go dtí an oíche sin.
“Ach thosaigh na ceisteanna. ‘Is Aontachtach thú’, a dúirt siad, ‘ach ní thig leat bheith i d’Aontachtach agus gean a bheith agat ar an Ghaeilge’.
“Bhí siad den tuairim gur bhain an Ghaeilge le coincheap an Phoblachtachais.
“Mhínigh mé nach bhfuil inti ach teanga, ach mar sin féin bhí siad den bharúil nach féidir le duine nach Poblachtaí é (nó Náisiúnach ar a laghad) bheith báúil don teanga.”
Cén fáth a raibh drogall ar dhaoine labhairt liom don alt seo, agus cén fáth a raibh orm ainmneacha cléite a úsáid?
“Seans maith go n-athróidh sé sin agus daoine ag éirí níos compordaí leis an ainm,” arsa Ian.
“Maidir le daoine ón taobh náisiúnach, is follasach go mbeadh drogall orthu a rá go bhfuil siad sásta le coincheap Thuaisceart Éireann.
“Agus, ós rud é go bhfuil an t-alt seo á scríobh i gcomhthéacs na Gaeilge, is féidir go bhfuil drogall ar dhaoine ón taobh Phrotastúnach teacht amach go poiblí.
“Ar mo thaobhsa de, ní raibh an fhadhb seo agam aríamh. A luaithe agus a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge, bhí mé níos mó ná sásta na tuairimí polaitiúla s’agamsa a chur in iúl.
“Ní thig liom a sheachaint gur Aontachtach go smior mé agus tá mé sásta an méid sin a chur os comhair an phobail.
“Fuair mé drochíde mar gheall air ó am go chéile ón dá thaobh ach sílim go bhfuil teachtaireacht fhiúntach agam agus mé breá sásta í a scaipeadh tríd an Ghaeilge.
“Ar bhealach, bhí, agus tá, ról agam mar urlabhraí Aontachtach i saol na Gaeilge.
“An dúshlán atá againn anois, dar liom, ná an scéal sin a scaipeadh i measc na bpolaiteoirí Aontachtacha iad féin!
“Mar atá, is linn go léir an Ghaeilge.”