Eoin Ó Murchú
Tá an rialtas an-sásta leis féin go bhfuil margadh déanta acu maidir le haisíoc na nótaí gealltanais ar glacadh leo mar gheall ar phraiseach Anglo-Irish Bank.
Agus gan dabht, tá na Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre ríméadach freisin go bhfuil an t-ualach mór sin bainte de ghuaillí na tíre ag an bpointe seo.
Ach an bhfuil i ndáiríre?
Ar an léamh is fearr tá sábhálacha móra le déanamh i mbliana agus go cionn deich mbliana eile toisc nach mbeidh an t-aisíoc míle milliún le déanamh.
Ach mar a léiríonn an Sunday Independent beidh costais eile ag baint le deireadh a chur le Anglo-Irish ag baint €750 milliún uainn i mbliana féin – costas nach bhfágfadh mórán den sabhailt míle milliún ag deireadh thiar.
Níos measa ámh, níl deireadh leis an fiacha seo.
Ta an t-aisíoc curtha siar, chomh fada go deimhin agus 2053, a chiallaíonn go mbeidh daoine atá ina
bpáistí anois ag íoc as na fiacha seo nuair a bheidh siad ina 40í.
I ndáiríre is é an pointe is tábhachtaí ná nach bhfuil sé ceart go mbeadh na fiacha seo orainn mar phobal in aon chor.
Ní hiad muintir na hÉireann a rinne an droch-infheistíocht nó a fuair brabús na hinfheistíochta.
Ach cuireadh an t-ualach orainn go héagórach cé go raibh baint ag bainc na hEorpa leis na caillteanais níos mó ná mar a bhí againn féin.
Agus cuireadh iachall ar rialtas na linne teacht i gcabhair ar Anglo-Irish Bank toisc go raibh faitíos ar Bhanc Cheannais na hEorpa (ECB) go dtitfeadh an córas baincéireachta san Eoraip ar fad as a chéile mura dtiocfadh.
Agus léiríonn na figiúirí go bhfuil muntir na hÉireann i ndiaidh 42% den chostas a íoc i dtaobh sábháil an chórais bhaincéireachta sin, agus na brabúis ag dul go dtí na bainc Ghearmaineacha is Francacha a bhí taobh thiar den ghéarchéim ón tús.
Níl sé sin ceart, agus i gcaitheamh an fheachtas toghchánaíochta i 2012 d’fhógair idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre nach raibh sé ceart is nach nglacfadh siadsan leis.
Ach mar a mhínigh Pat Rabbitte, sin é an cineál rud a deirtear i gcaitheamh toghcháin!
Ag iarraidh iad féin a chosaint faoi na hargóintí seo deireann an rialtas nach raibh aon rogha againn, gur fantaisíocht é a bheith ag ceapadh go scriosfaí na fiacha.
Ach sin é a rinne an Ioslainn.
I reifreann, dhiúltaigh pobal na hIoslainne glacadh leis an fiacha. Níor thit an spéir isteach orthu.
A mhalairt, tá an Ioslainn ar ais sna margaí idirnáisiúnta airgeadais le dhá bhliain, tá fás – fás fírinneach – san eacnamaíocht acu, leibhéal dífhostaíochta ag titim go mór agus dóchas in ann do mhuintir na tíre sin gan fiacha móra.
Sea, bhí rogha ann agus léirigh an Ioslainn gur éirigh leo leis an rogha sin.
Ach tá polaiteoirí na bpáirtithe móra anseo – Fianna Fáil a chuir tús leis an bpraiseach seo, agus páirtithe an rialtais – dílis don Aontas Eorpach na hEorpa sula mbíonn siad dílis do mhuinitr na hÉireann.
Tá leas an Aontais le cur sa tús-áit agus muide taobh thiar de.
Mar sin, ní raibh an rialtas sásta na fiacha a shéanadh, is ní raibh siad sásta iachall ceart a chur ar an Aontas mar gheall orthu.
Cinnte, tá sábháil sa ngearrthéarma – cé gur sábháilt i bhfad níos mó ná mar atá an rialtas ag maiomh.
Ach is ar shliocht ar sleachta atá an t-ualach curtha agus éagóir deimhnithe orainn ag ar rialtas féin.
Mar go dtí seo bhí an seans aige i gcónaí na fiacha seo a dhiúltú, ach anois tá muid i ndiaidh fiacha stáit a dhéanamh díobh go cinnte is go deo.
Droch-mhargadh é sin do phobal nár thuill a leithéid.