Ciarán Ó Pronntaigh
Bádh thart ar 3,400 duine a bhí ar bháid neamhoiriúnacha sa Mheánmhuir anuraidh.
Meastar go mbeidh figiúirí na bliana seo níos measa arís.
Samhlaímis sin, ar feadh soicind. Sin idir dhá oiread agus trí oiread den líon daoine a maraíodh nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill. Ach ní dhéanfar aon scannán Hollywood faoi na daoine bochta seo a cailleadh go huaigneach amach ó chósta na hEorpa.
Cén sórt scaoill a cuireadh sna daoine seo a thug orthu iad féin agus a dteaghlach a chur ar bord báid agus an t-aistear contúirteach a dhéanamh óna dtír dhúchais go dtí an t-iarthar?
Cogadh, céasadh agus cur faoi chois na cúiseanna is mó a thugann ar dhaoine imeacht an chéad lá. Tamall ó shin, dhírigh na meáin s’againn ar chás na gCríostaithe a bhí faoi chois ag ‘An Stát Ioslamach’ (SI) sa tSiria.
Chonaic muid pictiúir ghránna de dhaoine a dícheannaíodh agus chuala muid scéalta faoi chailíní a díoladh mar chreach le bheith ina sclábhaithe gnéis ag na trodairí.
Ba bhocht an saol a bhí acu agus thuig muid nach raibh an dara suí ag na daoine seo ach teitheadh, an oiread a bhí lúth na gcos leo. Cuid acu, bhí siad gafa ar shléibhte gan teacht ar uisce ná bia.
Agus tá an scéal céanna ann do na milliúin eile sa réigiún seo. Tá an fuath céanna ag SI do na Siaigh, do dhaoine a d’oibrigh don stát agus do dhuine ar bith nach n-umhlaíonn dóibh.
Is sa tSiria agus san Iaráic is mó a bhfuil svae acu ach tá comhghuaillithe láidre acu sa Libia, chomh maith, agus is ó na tíortha seo, mar aon leis an Afganastáin, is mó a thagann na daoine a fheicimid ag teacht chun na hEorpa anois.
Bheadh sé doiligh orainne, an taobh seo domhain, an cineál aistir atá roimh na teifigh seo a shamhail. Nuair a imíonn tú ó d’áit dhúchais bíonn tú ag dul sa seans i rith an ama, gan fios agat cá huair a gheobhaidh tú féin nó do theaghlach an chéad ghreim eile bia. Teitheann daoine lena dtig leo a iompar ar a ndroim.
Ní fada a mhaireann sin. Na seandaoine agus na heasláin an dream is luaithe le titim ag taobh an bhóthair. Ní nach ionadh gur gairid go mbíonn siad i dtuilleamaí gáinneálaithe ar dhaoine. Bíonn greim an fhir bháite láidir ach bíonn sé dall.
Íocfar cibé praghas a iarrtar le háit a fháil ar bhád dá gcuid, is cuma cá mhéad duine a bhrúitear isteach air.
Ní miste a mheabhrú, ag an phointe seo, gur sna tíortha seo a fearadh cogadh in éadan an lucht ceannais le blianta anuas. Cuireadh an ruaig ar na rialtais i dtrí cinn acu, tá an tUachtarán al-Assad fós i réim i gcuid den tSiria.
Ach, níor tháinig fuascailt ón daorsmacht leis an ‘saoradh’ seo. Ina áit, bhí daoine a bhí faoi chois anois sa rialtas, na daoine a raibh an chumhacht acu lá ag troid go mór ina gcoinne.
Bheadh róshimpliú i gceist dá ndéarfaí gur cogadh na Siach i gcoinne na Sonnaíoch a bhí ann ach is cinnte go bhfuil grúpaí áirithe in inmhe teacht i dtír ar an teannas atá ag fás eatarthu.
Ní haon scéal nua é scéal na dteifeach, ar ndóigh.
Tá na milliúin teifeach i gcampaí san Iordáin, sa Tuirc, sa Liobáin agus i dtíortha eile máguaird agus cé gur tíortha bochta iad bhí siad ag déanamh a ndíchill ar bheagán fóirithinte. Cluas bhodhar a fuair siad den chuid is mó.
Agus, i rith an ama, bhí an líon daoine a bhí ag tabhairt aghaidh ar an Eoraip ag fás. B’fhéidir gur thuig siad go ndruidfí na geataí go luath, b’fhéidir gur shíl siad gur fearr an saol a bheadh acu sa Ghearmáin ná blianta a chaitheamh i gcampa bocht sa Tuirc.
Agus, ansin, roinnt laethanta ó shin, foilsíodh pictiúr de ghasúr trí bliana d’aois, Aylan Kurdi, é sínte maol marbh ar an trá. Seans gur fearr a thuig daoine go raibh gné dhaonna ag baint leis an ghéarchéim agus go raibh an ghéarchéim ar leac an dorais, anois.
Chonaic muid gnáthdhaoine, daoine taobh amuigh den mhaorlathas agus den chumhacht, ag seasamh an fhóid, ag rá go gcuirfidh siad fáilte roimh na teifigh beag beann ar na húdaráis. Agus níorbh fhada gur chuir sin náire ar na polaiteoirí.
An Ghearmáin an tír ba mhó a dúirt go mbeadh fáilte roimh gach teifeach ón tSiria agus léirigh na teifigh a mbuíochas as an fhlaithiúlacht. Ach léiríonn polasaí fial na Gearmáine fadhb leis an Chomhphobal Eorpach trí chéile.
Tá géarchéim fhollasach ann ach níl na tíortha ábalta obair ar bhonn ar bith comhordaithe. Is é an cheist is práinne anois, an bhfuil an Comhphobal, mar eagraíocht, inchurtha leis an dúshlán? Idir an dá linn tá an ghéarchéim ag dul in olcas.