Mórthionól na gCeanneagraíochtaí agus na nOifigeach Pleanála Teanga 2023

Gach cúpla mí eagraíonn Údaras na Gaeilge imeacht ina dtagann na ceanneagraíochtaí agus na hOifigigh Pleanála Teanga ó gach cearn den tír le chéile le haghaidh mórthionóil. Thar chúpla lá bíonn ceardlanna acu, agus plé faoin Ghaeilge ina bpobail féin agus faoi na bealaí chun an teanga a fheabhsú agus a fhorbairt.

I mbliana, den chéad uair riamh, reáchtáladh na himeachtaí i mBéal Feirste. Thug an grúpa mór cuairt ar go leor ionad agus scoileanna Gaeilge sa chathair, chomh maith leis an Spórtlann agus Raidió Fáilte. 

Tugadh cuireadh do Meon Eile freastal ar na himeachtaí agus labhair muid le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fhís an Phobail a bhí ina chathaoirleach ar an lá. Labhair muid le Siubhán Nic Grianna ó Údaras na Gaeilge a dúirt go mbaineann imeachtaí mar seo le caidreamh a chothú idir grúpaí éagsúla ó gach cearn den tír.

Mhínigh triúr oifigigh dúinn cad é a shíl siad den léargas ar an obair atá ar siúl i mBéal Feirste, mar a bhí: Chloe Ní Mháille as Inis Oirr, Laoise Ní Dhúda as Maigh Eo agus Dónall Ó Cnáimhsí as Gaoth Dobhair.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close