Faoi Acht na Gaeltachta 2012, caithfidh achan cheantar Gaeltachta plean teanga a ullmhú a mbeidh sé de sprioc aige an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú.
Tá Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt ag obair ar an phleanáil teanga i Limistéar Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir.
Rinne Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt suirbhé ar na mallaibh ar staid na Gaeilge sa cheantar mar chuid den phlean teanga atá le cur le chéile acu.
Léiríonn torthaí an tsuirbhé seo gur Béarla is mó a bhíonn á labhairt sa bhaile ag 56% de pháistí an cheantair.
Léiríonn siad fosta go bhfuil Gaeilge líofa ag 69% den phobal sa cheantar agus go labhraíonn 67% an teanga ar bhonn laethúil.
Sa bhliain 2007 léirigh Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht gur dhúirt níos mó ná 75% gur labhair siad Gaeilge go laethúil.
Rinneadh nuashonrú ar an Staidéar céanna sa bhliain 2015 a thug le fios go raibh 69% den phobal sa cheantar ag labhairt i nGaeilge ar bhonn laethúil.
Agus i mbliana seasann an figiúr ag 67%. Is ábhar imní é seo a thugann le fios go bhfuil meath leanúnach ag teacht ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.
Labhair muid le hAodh Mac Ruairí, Cathaoirleach ar Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, faoin scéal.
Tá an chéad dréacht den phlean teanga críochnaithe ag an Choiste agus é curtha os comhair Údarás na Gaeltachta. Is faoi Údarás na Gaeltachta anois cinneadh a dhéanamh an plean a cheadú nó a dhiúltú.
Má fhaigheann siad cead leanúint ar aghaidh leis an phlean, beidh seacht mbliana acu ansin le gníomhaíochtaí éagsúla an phlean a chur i bhfeidhm.