Mark Harte: Oifigeach Tacaíochta Teanga ag Ollscoil na Banríona

Tá Oifigeach Tacaíochta Teanga úrnua ceaptha ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, mar atá an t-iar-pheileadóir le Tír Eoghain agus tráchtaire teilifíse Mark Harte.

Is é seo an chéad uair riamh a bhfuil duine fostaithe ag Ollscoil na Banríona sa ról seo agus céim ollmhór atá ann don ollscoil féin agus do phróifíl na Gaeilge ar champas. 

Beidh tionchar tábhachtach ag Mark maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hollscoile, ag obair le daoine atá ag déanamh staidéar ar an teanga agus leo siúd nach bhfuil araon. Beidh Mark ag obair go dlúth le léachtóirí chomh maith leis an Chumann Ghaelach. 

Beidh saol na Gaeilge níos láidre in Ollscoil na Banríona le cuidiú Mark, agus nach iontach an rud é an tacaíocht agus an t-aitheantas seo don Ghaeilge a fheiceáil, rud a rachaidh chun tairbhe do na mic léinn, do na léachtóirí agus don phobal ar fad.

Close
Close