Mórphlean gníomhaíochta na Ceathrún Gaeltachta seolta

Mórphlean gníomhaíochta na Ceathrún Gaeltachta seolta

Sheol trí Aire Rialtais Mórphlean Gníomhaíochta Deich mBliana na Ceathrún Gaeltachta ag cruinniú mullaigh i gColáiste Feirste ar na mallaibh.

“Tá dhá phríomhrud i gceist leis an Mhórphlean,” arsa Seán Mistéil, Cathaoirleach na Ceathrún.

“Tá muid ag iarraidh go mbeidh margaíocht níos fearr á déanamh ar an Cheathrú Ghaeltachta agus go mbeidh níos mó deiseanna ann do mhuintir an iarthair.”

Tugadh le fios; go gcuirfear tús le tógáil fhoirgneamh nua Coláiste Feirste i mí an Mheithimh 2014, go dtógfar Áras Gnó ar Bhóthar na bhFál (beidh státseirbhísí ag athlónú anseo), go dtógfar 60 teach/árasán do theaghlaigh le Gaeilge, go dtógfar spórtlann nua ar luach £3.5 milliún agus go dtógfar ionad liathróid lámha ar luach £.5 milliún sna blianta amach anseo.

“Bhí muintir an iarthair ar an ghannchuid le fada go leor,” arsa an tAire Cultúir, Ealáin agus Fóilíochta, Carál Ní Chuilín.

“Ní mór dúinn leas a bhaint as stádas na Ceathrún. Siocair go bhfuil na Ranna difriúla tagtha le chéile, is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na riachtanais éagsúla a bhaineann leis an díothacht shóisialta agus ar na fáthanna éagsúla atá léi,” a dúirt an tAire.

Tá an Saineolaí Athghiniúna, Clive Dutton, fostaithe ag an Roinn Chultúir, Ealáin agus Fóilíochta le ceannasaíocht a dhéanamh ar an Phlean Gníomhaíochta. Deir sé go mbraitheann achtú an Phlean Mhóir ar chumas na n-údarás agus ar chumas ceannairí pobail le beartanna fiúntacha a chur i gcrích.

Ceathrú Gaeltachta

Moltar sa tuarascáil go mbeidh:

100 gnó úr lonnaithe sa Cheathrú Gaeltachta faoi 2017

Leibhéal fostaíochta ar chomhmhéid le leibhéal an tuaiscirt faoi 2017

Deiseann buana fostaíochta a chruthú do chéimithe an Ghaeloideachais

Athfhorbairt a dhéanamh ar cheantar Shráid an Chaisleáin

Méadú faoi dhó ar líon na múrphictiúir sa Cheathrú Gaeltachta faoi 2016.

Aithne ar Bhéal Feirste mar ‘Chathair na múrphictiúir’ go hidirnáisiúnta faoi 2016

Líon na dtuarasóirí méadaithe go 250,000 faoi 2018

Tús le tógáil fhorgneamh nua Choláiste Feirste in Earrach, 2014

Plean teanga comhtháthaithe i bhfeidhm roimh Dheireadh Fómhar, 2014

Close
Close