Le Chéile Trí Chultúr – athmhuintearas pobail i measc óige an tuaiscirt

Le Chéile Trí Chultúr – athmhuintearas pobail i measc óige an tuaiscirt

Corradh an ama seo anuraidh, seoladh an togra ceannródaíoch ‘Le Chéile Trí Chultúr’ le hathmhuintearas a chothú idir an pobal náisiúnach agus an pobal aontachtach tríd an chóras oideachais.

Tá 36 scoil ó leithéidí Oirthear Bhéal Feirste, Lios na Scéithe agus Baile Nua na hArda tagtha le chéile le tabhairt faoin togra. Is é an Cultúr Gaelach a fheidhmíonn mar uirlis athmhuintearais sna ceardlanna oibre.

D’fhreastal Meon Eile ar cheardlann ar an Bhaile Manach ar na maillibh.

D’fhiosraigh muid dul chun cinn an togra, a thionchar i gclós na scoile agus d’fhiafraigh muid de na páistí féin faoina dtuairimí i léith an chultúir Ghaelaigh…

Le Chéile Trí Chultúr

Chuir an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn £300,000 ar fáil do Chomhairle na Gaelscolaíochta leis an togra a chur i gcrích thar thréimhse dhá bhliana (2011-2013).

Tá ‘Le Chéile Trí Chultúr’ ar cheann de 22 togra atá á maoiniú faoin chlár ‘Sharing in Education’ de chuid an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn.

Tiocfaidh an clár agus an 22 scéim éagsúla chun críche ag deireadh na bliana.

Close
Close