Seoladh ‘GaelStair', togra oidhreachta Gaeilge de chuid Spórtlann na hÉireann, an tseachtain seo i ndiaidh dóibh maoiniú a fháil ón National Lottery Heritage Fund.
Tá an oiread doiciméad agus déantán bailithe ag Gaeil Bhéal Feirste i gcaitheamh na mblianta, go háirithe ó na 60í agus 70í ar aghaidh, a bhaineann le hathbheochan na teanga sa chathair. Níl aon ceist ann go bhfuil éachtaí iontacha bainte amach ag an phobal: forbairt Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, bunú fiontar sóisialta, cuir ar bun na gcéad scoileanna Gaeilge ó thuaidh, agus go leor eile lena chois.
Tá sé beartaithe ag na daoine taobh thiar de 'GaelStair' an chartlann seo uilig a chur in eagar, a fhorbairt agus a chur i láthair an phobail mhóir. Beidh taispeántas ar stair na Gaeilge i mBéal Feirste mar chuid den obair, rud a thabharfaidh léargas ar aistear na teanga sa chomhthéacs comhaimseartha agus ar na dúshláin a bhí roimpi.
Is i Spórtlann na hÉireann, ionad spóirt de chuid Choláiste Feirste, a bheidh an tionscadal lonnaithe. Beidh deis ag daltaí Choláiste Feirste foghlaim ón togra agus staidéar agus taighde níos doimhne a dhéanamh ar an stair a bhfuil nasc acu ar fad léi ar bhealach éigin.
Seoladh an tionscadal ag Páirc Rosgoill ar Bhóthar Seoighe an tseachtain seo caite agus labhair Meon Eile le Pilib Ó Ruanaidh, Príomhfheidhmeannach Iontaobhas na Gaelscolaíochta, le Micheál Mac Giolla Ghunna, Príomhoide Choláiste Feirste, agus le Máire agus Seán Mac Seáin, beirt a bhí croílár i mbunú agus i bhforbairt Bhóthar Seoighe agus Bhunscoil Phobal Feirste.