Laghdú ar líon na ndaltaí scoile ó thuaidh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu?


Tuairiscíodh ar Meon Eile Dé Luain 26 Samhain gur tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaltaí scoile ó thuaidh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí acu, de réir figiúirí a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais.

Dar leis na figiúirí gur thit líon na bpáistí a bhfuil an Ghaeilge sa bhaile acu le beagnach 50% ó fógraíodh figiúirí an daonáirimh scoile roimhe sin cúig bliana ó shin. 

Ó foilsíodh alt an tuairisceora Ciarán Dunbar, tá cuid de na meáin, eagraíochtaí Gaeilge agus daoine eile nach iad ag cur spéis san ábhar.

Seo an méid a scríobh sé ar Meon Eile an mhí seo caite:

EISIACH: Titim ar líon na ndaltaí scoile ó thuaidh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí acu

26 Samhain 2018

Tá meath suntasach tagtha ar an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh ó thuaidh, de réir figiúirí de chuid na Roinne Oideachais. 

Dar leis na figiúirí sin bhí an Ghaeilge mar theanga an tí ag 481 pháiste bunscoile agus meánscoile i dTuaisceart na hÉireann anuraidh.

Sin beagnach leath an mhéid a bhí ann cúig bliana ó shin nuair a cláraíodh 821 dhalta a raibh an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu.

Bailítear an t-eolas mar chuid de dhaonáireamh scoileanna – bunaithe ar na daltaí cláraithe leis an scoil ar an Aoine sa chéad seachtain iomlán i mí Dheireadh Fómhair.

Is iad na tuismitheoirí iad féin a líonann an fhoirm seo isteach, ach tá amhras caite ag eagraíochtaí Gaeilge ar an mhodheolaíocht a bhaineann leis an suirbhé.

Deir Foras na Gaeilge go bhfuil dúshláin ar leith ag baint leis an Ghaeilge ó thuaidh de bharr an stádais ísil atá aici sa churaclam scoile. 

Dar leis an chomhlacht forfheidhmithe trasteorann, is é an líon beag daoine atá ábalta an Ghaeilge a thabhairt ag an chaighdeán is gá le hí a úsáid mar theanga theaghlaigh is cúis leis an líon íseal páistí a bhfuil sí acu mar theanga an tí:

“Is de réir mar a bheidh líon na ndaltaí sa chóras Gaelscolaíochta ag dul i méid agus de réir mar a bheidh na daltaí sin ag cur tús lena dteaghlach féin a fheicfear ardú suntasach ar an líon teaghlach a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu.”

Tá an Foras ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil maidir leis an mhodheolaíocht atá in úsáid ag an Roinn Oideachais leis na figiúirí sin a bhailiú.

In 2014 cuireadh de chúram ar an eagras Glór na nGael tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge.

Tá 201 theaghlach Gaeilge cláraithe le Glór na nGael ó thuaidh – cé go bhfuil an grúpa cinnte go bhfuil níos mó ná sin ann.

 Macasamhail an Fhorais, tá Glór na nGael in amhras faoi mhodheolaíocht na Roinne Oideachais.

Tá Glór na nGael agus Conradh na Gaeilge araon i mbun taighde maidir le líon na dteaghlach lán-Ghaeilge faoi láthair.

De réir dhaonáireamh 2011, tá an Ghaeilge mar phríomh-theanga ag 4,164 duine ó thuaidh.

Maidir leis na figiúirí ón Roinn Oideachais, is í an Pholainnis an teanga tí is mó sa tuaisceart i ndiaidh an Bhéarla: 2,041 dhalta, líon atá ardaithe ó 1,529 ndalta cúig bliana ó shin.

De réir na bhfigiúirí scoile seo, níl Albainis Uladh ó dhúchas ag páiste ar bith sa tuaisceart agus cha raibh cúig bliana ó shin ach an oiread.

https://www.education-ni.gov.uk/sites/default/files/publications/education/School-enrolments-data-collection-and-validation-17-18.pdf

Ó foilsíodh an t-alt seo thuas d’iarr muid ar an Roinn Oideachais soiléiriú a thabhairt ar na figiúirí daonáirimh scoile sin agus ar an mhodheolaíocht a bhí in úsáid acu agus iad ag bailiú na bhfigiúirí.

Seo é comhfhreagras a fuair muid: 

“When a child enrols in a school, their parent completes a data collection form supplied by the school. This information is then recorded on the schools management system. The information recorded includes home language. In October each year schools send their census returns to the Department. Home language is included in this return”. 

Chomh maith leis an cheist seo, d'iarr Meon Eile ar an Roinn Oideachais soiléiriú a thabhairt ar an cheist dhíreach a chuirtear sna cáipéisí bailithe sonraí a líonann tuismitheoirí isteach.

Seo é an freagra a tugadh dúinn:  

"There is no question just a section on the form for Home Language with a blank space beside to allow the parent to enter the home language of their pupil. The home language field does not default to English. For a pupil to have English recorded as their home language this will have been selected by the school on their administration system."

Seo thíos na staitisicí deireanacha ón Roinn Oideachais i dtaca le hearnáil na Gaelscolaíochta ina hiomláine a bailíodh in 2017/8. 

Léirítear iontu go bhfuil líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge ardaithe 321 ó anuraidh agus go bhfuil anois 6,184 dalta in earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh.

Close
Close