Lá na nAithreacha, lá mór brabúis!

Lá na nAithreacha, lá mór brabúis!
Lá na nAithreacha
Lá na nAithreacha

Ciarán Dunbar

Tá saol an mhadaidh bháin ag na fir nach bhfuil? Cén fáth a bhfuil lá de dhíth leis na créatúir leisciúla seo a cheiliúradh? Nach mbíonn Lá na nAithreacha ann gach lá?

Nó an bhfuil lá speisialta de dhíth lenár mbuíochas a chur in iúl dár n-aithreacha? Cibé ar bith, níl neart againn air mar seo chugainn Lá na nAithreacha arís!

Déanta na fírinne, cosúil le go leor dár dtraidisiúin ársa, tháinig an nós seo anall ón Oileán Úr agus chan fhuil mórán ársaíochta bainteach leis ach an oiread. Rud Meiriceánach agus nua-aimseartha is ea é amach is amach.

Cuireadh ar bun é de bhrí go raibh Lá na Máithreacha ann cheana agus síleadh go raibh a leithéid de dhíth ar na fir. Cé gur smaoinigh go leor daoine ar a leithéid go neamhspleách ar a chéile tuigtear gurb í Sonora Dodd as Stát Washington, SAM, an duine is mó atá freagrach as an lá ceiliúrtha seo a thabhairt chun cinn.

Chuir sí lá ceiliúrtha ar bun i 1910 in ómós, deirtear, dá hathair féin a thóg seisear de chlann leis féin. Cha raibh mórán de ráth ar iarrachtaí s’aici i dtosach báire agus d’éirigh Dodd í féin as an obair a bhí bainteach leis go dtí gur fhill sí ar a baile dúchais sna 1930í.

Rinneadh iarrachtaí an lá a dhéanamh oifigiúil tríd na blianta ina dhiaidh sin ach ní dhearnadh lá saoire náisiúnta as i SAM go dtí 1972. Mar sin de, tá Lá na nAithreacha againn in Inis Fáil de bhrí gur fhógair rialtas SAM gurb amhlaidh atá!

Faoi lár na n-ochtóidí, bhí ráth as cuimse air agus rinne Comhairle na nAithreacha i SAM cur síos air mar “’an dara Nollaig’ do na tionscadail uile go léir atá dírithe ar fhéiríní d’fhir.”

Seift Eacnamaíochta

In Éirinn de ghnáth, ní bhíonn i gceist (agus ní thugtar aird ar an lá i gcónaí) i Lá na nAithreacha ach cárta a cheannach do d’athair agus, b’fhéidir, dul amach faoi choinne lóin in éineacht leis.

I SAM áfach, ócáid i bhfad níos mó atá ann agus i bhfad níos tráchtála. Tá sé de nós ag daoine rudaí ar nós éadaí a cheannach dá n-aithreacha. Nó rud eile atá iontach coitianta de réir mo chuid fiosrúcháin, gléasanna cocaireachta do bheárbaiciúnna!

Meastar go gcuireann Lá na nAithreacha breis is 10 mbilliún isteach i ngeilleagar na Stát Aontaithe gach bliain.

Mar sin, i ndeireadh na dála, má amharcann muid ar Lá na nAithreacha go réasúnta agus go loighciúil, tuigeann muid nach bhfuil i gceist ach seift le héileamh tomhaltóirí a spreagadh, cleas margaíochta eile atá ann.

Más nuacht é sin duitse, tá brón orm. (Dála an scéil, níl a leithéid ann mar choinín na Cásca ach an oiread agus ní luaitear seacláid sa Bhíobla!).

Stopfaidh mé ansin! Ach seans nach bhfuil aon ghá le bheith soiniciúil, fiú má cumadh an rud chun féiríní nó cártaí a dhíol, seans go bhfuil maitheas éigin ann má chabhraíonn sé le daoine a machnamh a dhéanamh ar thionchar a n-aithreacha ar a saol, ar an obair a dhéanann a n-aithreacha dóibh agus chun a mbuíochas a chur in iúl dóibh?

Cad a cheapfá féin? Bhál, is athair mé féin agus caithfidh mé a admháil, ní dóigh liom go bhfuil gá leis ar chor ar bith. Seans gur duine soiniciúil mé áfach? B’fhéidir é, ach tá an t-ádh orm gur minic a chuireann m’iníonsa a buíochas in iúl dom beag beann ar mhargaíocht!

Athair Teanga

Agus muidne ag caint anseo ar aithreacha, ar mhothaigh tú riamh daoine ag caint faoin ‘athair teanga’? Níor mhothaigh is dócha, ní aon iontas é sin ach tuigeann muid go léir cad is ciall le ‘máthair-theanga’ agus an tábhacht leis an choincheap sin.

‘Máthair-theanga’ a thugtar go coitianta ar do theanga dhúchais, nó do chéad teanga, ach ní ‘athair-teanga’ riamh – cad chuige sin?

Maíonn roinnt daoine go bhfuil sé seanfhaiseanta is míréasúnta idirdhealú a dhéanamh idir an dá choincheap agus nach bhfuil aon tionchar ar leith ag bean ar fhorbairt teanga a bpáistí thar thionchar an athar.

Tá a fhios ag gach duine ó theaghlach ilteangach nach fíor sin áfach agus go mbíonn lámh in uachtar ag teanga na máthar i gcónaí, sna blianta tosaigh ar a laghad.

D’ainneoin sin, mothaím go bhfuil sé i bhfad Éireann níos coitianta ná mar a bhí go labhraíonn fear an Ghaeilge lena bpáistí fiú nuair nach bhfuil an bhean ábalta nó toilteanach a leithéid a dhéanamh (Ar ndóigh, tarlaíonn a mhalairt chomh maith, agus seans go dtarlaíonn sé níos minice fiú).

Títear domhsa go bhfuil glúin úr de Ghaeil á tógáil le Gaeilge ag tuismitheoir amháin, mothaím gur rud é sin atá ag éirí níos coitianta agus domhsa cibé ar bith, is comhartha dóchais é mar is comhartha é go bhfuil an Ghaeilge ag fás seachas ag fáil bháis.

Maith iad cibé ar bith! Anois, seans go bhfuil ‘Lá na dTuismitheoirí a Thógann a bPáistí le Gaeilge’ de dhíth orainn seachas lá a iompórtáladh ó SAM ar mhaithe le cártaí a dhíol?

Close
Close