Is ann don ghéarchéim ach is cuma le daoine

Is ann don ghéarchéim ach is cuma le daoine

Ciarán Dunbar

Bhí sé ina raic idir Arlene Foster agus Martin McGuinness ag cruinniú de chuid na Comhairle Thuaidh Theas Dé hAoine mar gheall ar dhá bhratach phoblachtacha a cuireadh ar foluain ar Stormont.

Crochadh iad, brat trídhathach na hÉireann agus brat ‘Phoblacht na hÉireann’, ar chrainn bhrataí an fhoirgnimh Dé Céadaoin.

Tá an t-ábhar á fhiosrú ag an PSNI.

Tá an díon, agus an ceathrú hurlár ann, faoi smacht ag comhlacht tógála faoi láthair agus tá amhras á chaitheamh ar dhuine de na hoibrithe acu siúd.

Dúirt an tAire Arlene Foster ón DUP gur “masla ollmhór” a bhí ann agus tá an DUP ag iarraidh fiosrúchán iomlán ar an ábhar.

Ach dar le náisiúnaithe nach raibh ann ach “cleas magúil” – “mórán cainte ar bheagán cúise” a dúirt an LeasChéad-Aire Martin McGuinness mar fhreagra.

Do náisiúnaithe, bhí sé ina ghníomh sotalach, magúil agus dána, ach greannmhar mar sin féin, agus is léir gur bhain siad i gcoitinne sult as an eachtra.

Tá aontachtaithe ar buile glan faoi áfach agus tháinig bleaist phreasráitis amach astu níos tapúla ná mar a bheadh iriseoir ar bith ag súil leis.

Táthar ag gearán faoi Aontachtaithe bheith ag dul thar fóir leis an chleamhsan ach tá fios a ngnó acu – agus tá a vóta ag dul in airde.

Bhrúigh an ‘cleas’ seo cnaipí na nAontachtaithe, mar a deir an ceann eile.

Ach lena chois sin léirigh sé go rímhaith bunfhadhbanna an Tuaiscirt agus bunfhadhbanna Stormont.

I ndeireadh na dála, bhí náisiúnaithe níos spreagthaí agus aontachtaithe níos tógtha faoi seo ná mar a bhí siad le polaitíocht an Chnoic le fada – cé go bhfuil “géarchéim®” ollmhór á bagairt faoi láthair.

Baineann sé sin le leasuithe atá rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh ar Stormont a chur i bhfeidhm mar aon le leasuithe sa chóras Leasa Shóisialaigh.

Tá na páirtithe aontachtacha uile go léir i bhfabhar ach tá Sinn Féin, an SDLP agus an Glasach i gcoinne a thugtar “ciorruithe na dTóraithe” orthu.

Tá súil amháin nó dhá shúil go leith ag Sinn Féin ar an chéad toghchán eile ó dheas agus tá súil ag an SDLP ar Shinn Féin.

Tá cuma ar an scéal áfach go bhfuil u-chasadh nó dhó déanta acu beirt ar an ábhar.

Ach mura gcuirfear na ciorruithe seo i bhfeidhm bainfear den bhlocdheontas a thagann ó Londain agus ísleofar an buiséad go mór – rud a rachaidh i bhfeidhm go géar ar gach duine.

Ach tá SF agus an SDLP docht daingean ar an cheist – go poiblí cibé ar bith.

Tá baol ann anois go nglacfaidh Westminster na cumhachtaí a bhaineann leis an chóras Leasa Shóisialaigh ar ais chucu féin agus go gcuirfidh siadsan i bhfeidhm iad.

Sin an rud atá aontachtaithe ag iarraidh, déarfadh an soinicí gurb é sin an rud atá ón SDLP agus SF chomh maith.

Mar sin de, tá ‘Stormont’ mar is eol dúinn é ar tí titim as a chéile agus, mar sin de, bunsraith an “phróisis síochána®.”

Ach más fíor sin, cá bhfuil an 100,000+ duine amuigh ag agóidíocht, ag guí, ag lasadh coinnle, ag impí ar na polaiteoirí plé a dhéanamh agus teacht ar réiteach.

Níl siad ann.

Níl mórán daoine tógtha faoin ghéarchéim seo.

An é nach gcreideann an pobal gur fíor-ghéarchéim é seo, nó an é gur cuma leo?

Meascán den dá rud is dócha.

Baineadh úsáid as an fhocal ‘géarchéim’ rómhinic go dtí seo agus mar an gcéanna le cruachás Bhuachaill na mBréag, ní chreideann daoine anois go bhfuil aon mhadra allta ag ionsaí na gcaorach.

Ach chan é sin amháin atá i gceist.

Tá sé doiligh a mhaíomh go bhfuil rialtas maith á sholáthar ag an Fheidhmeannas – cé gur féidir go bhfuil sé ag feidhmiú i bhfad níos éifeachtaí ná mar a dhéanann tráchtairí iarracht a chur i láthair.

Is áit fhíorbheag í na Sé Chontae agus tá a gclár oibre féin ag na tráchtairí céanna, is gan anailís chruinn neamh-chlaonta.

Do náisiúnaithe, mar náisiúnaithe, is beag a sholáthair Stormont.

Tháinig cothrom na Féinne sibhialta le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Ach níor tháinig cothromas sóisialta eacnamaíochta do cheantair ar nós Iarthar Bhéal Feirste mar shampla – déarfadh aontachtaithe agus easaontóirí poblachtacha gur ar Shinn Féin féin an locht as sin.

Chomh maith leis sin, níor tháinig comhionannas polaitiúil nó cultúrtha as agus ní dócha go dtiocfaidh choíche.

Arís, taobh amuigh de Shinn Féin agus an SDLP is beag tacaíocht a mbeadh ann dó sin – go háirithe sna meáin agus an ‘Todhchaí Roinnte (Briotanach)’ á síor-mholadh mar réiteach ar fhadhbanna an Tuaiscirt.

Dar le tráchtairí aontachtacha caithfidh Sinn Féin glacadh go bhfuil siad sa Ríocht Aontaithe agus sin é eithne na faidhbe agus réiteach na faidhbe.

Maidir leis an Tionól, gheall Gerry Adams tráth; “Beidh sé i gcónaí ina chath in aghaidh an lae idir iad siúd atá ag iarraidh an uas-athrú agus iad siúd atá ag iarraidh an status quo a choinneáil."

Bhí Sinn Féin dílis don gheallúint sin, agus thug aontachtaithe cath ar ais dóibh ach tá sé sin ag cruthú na híomhá nach bhfuil Stormont ag feidhmiú – cé gur féidir a argóint gur gnáth-pholaitíocht é sin.

Ach is léir gur shíl cuid mhaith den teachtaireacht go mbeadh poblachtachas agus náisiúnachas marbh faoin am seo agus gurbh í sin an fhís a bhí ag Aontachtaithe i gcoitinne nuair a ghlac (50% cibé ar bith) le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Mar sin de, ní nach ionadh, nach mbeadh siadsan ró-bhuartha dá mbeadh Stormont ann nó as – ní hé seo mar a shamhlaigh siad go mbeadh sé.

Beidh lámh in uachtar ag Aontachtaithe sna cathanna laethúla seo i dtólamh ar dhá chúis – tá níos mó acu ann agus tá siadsan ag cosaint an status quo – tá sé i gcónaí níos éasca do na cosantóirí.

Ní nach ionadh mar sin nach mbeadh go leor náisiúnaithe ró-bhuartha mura mbeadh Stormont ann ach an oiread.

Agus i ndeireadh na dála, is í aidhm Sinn Féin deireadh a chur le Tuaisceart Éireann.

Mar a mhaígh an colúnaí leis an Andersontown News ‘Squinter’ ar Twitter, “Glac leis: ní oibríonn ‘Tuaisceart Éireann’, níor oibrigh riamh.”

Ní dóigh go mbeadh deora ar bith i dTeach Uí Chonghaile dá dtitfeadh Stormont as a chéile.

Cé nach n-aontódh easaontóirí poblachtacha liom – níl aon ghrá ag Sinn Féin do ‘Northern Ireland’.

Mar sin féin, ach is ‘tálaí airgid’ iontach é do na páirtithe– go háirithe do Shinn Féin mar go n-úsáideann siadsan a dtuarastail leis an pháirtí a mhaoiniú agus le gníomhairí a fhostú – an gcoinneoidh sé sin ar bord iad i ndeireadh na dála?

Ar an lámh eile, bheadh na páirtithe eile ar fad san fhaopach céanna.

An cheist is mó do Shinn Féin ag an phointe seo mar sin ná cén chaoi a chinntiú nach mbeidh an milleán ar fad orthu agus cén tionchar a bheas aige seo go léir ar na toghcháin ó dheas?

Tuigeann na hAontachtaithe sin go maith agus tá siad ar buile faoi.

Uime sin, tá an bhuncheist beo leis i gcónaí.

Ní oibríonn Tuaisceart Éireann do náisiúnaithe – fiú mura bhfuil siad ag iarraidh Éire Aontaithe maidin amárach agus fiú mura bhfuil aon ghrá acu don “Saorstát” agus, den chuid is mó, níl.

Agus d’Aontachtaithe tá sé mar an gcéanna, diúltaíonn formhór náisiúnaithe an Tuaiscirt glacadh leis an réaltacht agus aon dílseacht á léiriú don “tír” inar rugadh iad.

Close
Close