Ócáid teifeach san ionad Redeemer Central

Bhí imeacht ar leith ar siúl níos luaithe sa tseachtain san ionad Redeemer Central i lár Bhéal Feirste inar pléadh cás na dteifeach sa chathair agus sa tuairsceart trí chéile.

Is é an grúpa PPR (Participation and the Practice of Rights) a d'eagraigh an t-imeacht agus labhair Seán Mac Bradaigh ón eagraíocht le Meon Eile faoin sprioc a bhí leis.

Bhí deis ag na teifigh labhairt faoina dtaithí féin sa chóras iarrthóirí tearmainn agus faoin streachailt leanúnach a bhíonn rompu ó tháinig siad chuig an tír. Bhí deis ag cúpla polaiteoir labhairt fosta agus bhí plé ann ar na féidéireachtaí chun staid na dteifeach a fheabhasú.

D'inis Seán faoi na drochchoinníolacha atá ann do na teifigh atá ag teacht go hÉirinn, agus an tacaíocht a thugann eagraíochtaí ar nós PPR dóibh. Dar leis gurb í an fhadhb is mó atá ann dóibh nach féidir leo obair agus airgead a shaothrú dá dteaghlaigh. 

Labhair Meon Eile le Ruxandra Stancu agus a hiníon Judy faoina dtaithí féin agus faoin luach a bhaineann le hócáidí den chineál sin a eagrú.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin obair a dhéanann PPR anseo.

Close
Close