Dónall Mac Giolla Chóill
Dúradh tráth gurbh amhail le Marmite í – tá grá an domhain agat uirthi nó fuath nimhe.
Níl aon idirbhealach ann, níl aon rogha eile ar fáil.
Agus ag tomhas ó na tuairiscí nuachta i ndiaidh don tseanbhean bás a fháil, tá go leor daoine sa dá champa.
Fuair mé teachtaireacht téacs um lón ar an Luan ag fógairt “Ding-Dong tá an chailleach marbh faoi dheireadh! :-D”, agus thuig mé ar an toirt, fiú gan aon nuacht feicthe agam, go raibh Maggie Thatcher ar shlí na fírinne.
Ina dhiaidh sin, chaith mé cuid mhaith den lá ag féachaint ar an nuacht ar teilifís, ag dul idir staisiúin agus soláthairí nuachta leis an chlúdach a mheas.
Ar an chuid is mó, don chéad chuid den lá bhí an tuairisciú measúil, gan aon chonspóid nó aon urchóid.
Ansin um thráthnóna i ndiaidh seal measartha, tháinig cúpla guth easaontach chun cinn, na mianadóirí agus na hiaroibrithe mhór-thionscail thuaisceart Shasana, agus iad ag déanamh cur síos ar an dochar a rinne an t-iarPhríomh-aire, ní amháin dóibh féin, ach do shliocht a sleachta.
Ansin tháinig Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams os comhair na gceamaraí, agus dúirt go ndéarna an bhean seo cuid mhór dochair do mhuintir na Breataine, agus do mhuintir na hÉireann.
Is beag ábhar iontais seo ag na tráchtairí.
Cuireadh sonradh sa mhéid agus nár chloígh Neil Kinnock leis an chur chuige foirmeálta ag tús an lae a lean gach duine eile ina bhfeartlaoi, nuair a bhí sé i dtús cadhnaíochta ag rá gur “unmitigated disaster for Britain” a bhí inti.
Ansin roimh dheireadh na hoíche tháinig na híomhánna ó Ghlaschú, daoine óga, cuid mhaith acu ró-óg le cuimhne a bheith acu ar Thatcher i réim, ag damhsa thart ar an tsráid, agus buidéalacha seaimpéine a n-oscáilt acu.
Anois tá mé eolach ar chuid mhór nósanna ceiliúrtha agus comórtha anseo agus in Albain – is de shliocht Albanach mé i ndeireadh na dála – ach tá gair agus gleo agus damhsa agus oscailt buideálacha seaimpéine measartha coiteantna mar chomharthaí ceiliúrtha.
Bhí áthas agus fuath le chéile á bhfógairt i mBriostó agus Londain Shasana chomh maith.
Ansin thar oíche in iarthar Bhéal Feirste agus i nDoire, gníomh a cháin ní amháin polaiteoirí Aontachtacha ach Poblachtánacha chomh maith nuair a tvuíteáil Martin McGuinness nár chóir ligint dá bás ár n-inchinn a nimnhiú.
Agus mé ag leanstan an chlúdaigh uilig ar teilifís, agus ina dhiaidh sin sna nuachtáin, rith sé liom nach amháin saol Maggie Thatcher a bhíothas á chlúdach, ach mo shaol féin.
Rugadh mise dhá bhliain roimh do Mhaggie theacht i gcumhacht mar Phríomh-aire i 1979.
Mar sin de bhí mise 13 bliana d’aois nuair a d’éirigh sí as i 1990.
Tógadh mise i dteaghlach ina raibh Maggie Thatcher mar a bheadh saghas babhdaí ann, gidh go n-admhódh mo mháthair ó am go chéile, in éadan a tola, go raibh meas inteacht aici uirthi, ach sin an dearcadh feimineach á nochtadh aici.
Ach sa mhórchuid ní raibh meas aici ar a cuid polasaithe i leith Thuaisceart na hÉireann, i 1980 agus 1981 le linn na Stailceanna Ocrais, agus 1984-85 agus Stailceanna na Mianadóirí Guail.
Fiú i dtigh s’againne bhí amhras ann an mbeadh Charlie Haughie ábalta aici ina gcuid cainteanna, agus measadh gurbh fhearr léi Garret FitzGerald mar chomhghleacaí, mar gur cosúil é le ball páirtí s’aici.
Nuair a theip ar Haughey go huile agus go hiomlan theacht chun tosaigh ag tacú leis an Chomhaontú Angla-Éireannach, bhí mo mhuintir féin iomlán cinnte gur bhuail Thatcher bob ar FitzGerald agus go raibh rud inteacht lofa sa Chomhaontú.
Níos moille i mo shaol, nuair a bhí Thatcher imithe ón ardán pholaitiúil, bhí Maggie mar shaghas Bhadhbh Catha i measc na ndaoine a chaith mé cuid mhaith de mo shaol – muintir Iarthar Bhéal Feirste.
Is cuimhin liom cara amháin liom, nach n-ainmneoidh mé anseo, a bheith ina shuí ag ól cupán caifé tá deich mbliana ó shoin, nuair go tobann rith duine isteach ón tsráid agus dúirt leis “Tá deá-scéal iontach agam duit a…” ar an toirt dúirt mo chara; “Caidé? Ná habair liom go bhfuair Maggie Thatcher bás!”
Mar fhocal scoir, cuireadh ceist orm féin ar an Luan i ndiaidh an scéal a bheith fógartha go raibh sí básaithe, mo bharúil an sna Flaithis nó in Ifreann í anois, ní raibh d’fhreagra agam ach nach raibh fhios agam – seans gur seo deis don Phápa Prionsias Limbo a athoscáilt le spás le haghaidh aoí amháin.