An ghéarchéim thithíochta: 10,000 duine taobh amuigh de Theach Laighean inné

Ghlac breis agus 10,000 duine páirt i léirsiú i mBaile Átha Cliath inné, ag éileamh go rachfaidh an rialtas i ngleic leis an easpa dídine agus tithíochta sa tír.

Mic léinn as ceann ceann na tíre a bhí sa leathchuid den slua a shiúil ón Ghairdín Cuimhneacháin go Dáil Éireann lena míshástacht leis an dóigh a bhfuil an Rialtas ag déileáil leis an ghéarchéim thithíochta a léiriú.

Tá 10,000 duine anois gan dídean sa Phoblacht, 3,755 pháiste ina measc.

Ag labhairt faoin ghéarchéim, dúirt aoichainteoir amháin gurb í seo an fhabhb shóisialta agus an fhadhb chomhionannais is mó lenár linn, agus gurb iad mná agus páistí is mó atá thíos leis.

Bhí Uachtarán Aontas na Mac Léinn, Síona Cahill,  an tAth. Peter McVerry, an Seandóir Frances Black agus an ceoltóir Damien Dempsey i measc na ndaoine a labhair leis an slua ón ardán.

Bhí ionadaí ó gach páirtí polaitíochta ann fosta, ach amháin Fine Gael.

Thug lucht eagraithe an mhórshiúil le fios go bhfuil tuilleadh léirsithe ar na bacáin, agus go raibh siad ag súil go mbeidh siad níos mó agus níos glóraí arís.

Close
Close