Géarchéim thithíochta - 3 mhí ag iarraidh teacht ar lóistín i mBÁC gan rath

Tá leibhéal an chíosa agus caighdeán na n-áras cónaithe atá ar fáil i mBaile Átha Cliath ag déanamh imní do dhaoine, go háirithe mic léinn agus daoine óga gairmiúla, nó iad ar ioncam íseal.

Tháinig sé chun solais arú anuraidh in alt san Irish Independent go raibh 45 duine ag roinnt teach cúig sheomra i mBarra an Teampaill i lár na hArdchathrach.

Bhí ar a laghad deichniúr i ngach seomra agus achan duine acu ag íoc €200 sa mhí.

Ach is scéal coitianta é seo, go háirithe mar go bhfuil ganntanas tithe ar fáil agus tá an cíos ag ardú bliain i ndiadh bliana.

Tháinig ardú 10% ar an chíos i mBÁC le bliain anuas - deirtear anois gurb é €1,822 sa mhí an meánráta, €320 níos airde ná mar a bhí sé le linn an Tíogair Cheiltigh.

Tá Josephine de Búrca ag obair ar bhonn páirtaimseartha i mBÁC, a fhad is atá sí ag tabhairt faoi chéim san oideachas.

Tá Josephine ag streachailt le trí mhí anuas agus í ag iarraidh teacht ar lóistín, ach níl ag éirí léi.

Níos measa arís, níl ach cúpla seachtain fágtha aici go dtí go mbeidh uirthi bogadh amach as an teach a bhfuil sí ina cónaí ann faoi láthair.

Close
Close