Tarraingíodh slua Gael go Cnoc an Anfa Dé Máirt le haghaidh léirsiú faoi ghéarchéim mhaoinithe.
Eagraíodh an agóid mar chuid den ghluaiseacht RAIC (‘Réiteach Anois, Infhéistíocht Chothrom’) a cuireadh le chéile i mí Feabhra mar fhreagairt ar na ciorruithe. Ba í príomhsprioc na hagóide ná brú a chur ar an rialtas ó thuaidh - go háirithe ar an DUP - réiteach a fháil ar an ghéarchéim.
Tagann 25% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón Fheidhmeannas ó thuaidh agus 75% ó Rialtas na hÉireann agus níl cead ag ceachtar díobh tuilleadh airgid a chur leis muna n-aontaíonn an rialtas eile a chomhionann a thabhairt. Cé go bhfuil réiteach aontaithe ag an dá Aire Airgeadais, tá an DUP tar éis bac a chur roinnt uaireanta ar an mholadh seo a phlé mar chuid de chlár oibre an Fheidhmeannais.
Tháinig grúpaí amhail Glór na Móna, Cultúrlann Uí Chanáin, Ionad Uíbh Eachach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Líonra Leitir Ceanainn agus roinnt scoileanna lán-Ghaeilge chun na hagóide, ní hamháin le réiteach ar an ghéarchéim reatha a bhrú ach le tuilleadh infheistíocht fhadtéarmach a éileamh agus dlúthpháirtíocht a léiriú lena chéile fosta.
Bhí deis ag Meon Eile an agóid féin, an ghéarchéim mhaoinithe agus an ghluaiseacht RAIC a phlé le Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir um Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge. Labhair muid fosta le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, faoin agóid a reáchtáil RAIC agus an brúghrúpa TINTEÁN, a phléann le géarchéim thithíochta na Gaeltachta, taobh amuigh de Theach Laighean i mBaile Átha Cliath inné.
Ina theannta sin, mhínigh Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, an brú atá ar fhoireann na heagraíochta anois mar gheall ar na ciorruithe agus iad ag iarraidh seirbhísí a chur ar fáil don phobal timpeall orthu.