Fiosrúchán Leveson - Bliain ar aghaidh

Fiosrúchán Leveson - Bliain ar aghaidh
Fiosrúchán Leveson
Fiosrúchán Leveson / iStockphoto

Cailín 13 bliana d’aois ina luí marbh ar feadh seacht mí, í nocht i gcasarnach móintí agus iriseoir de chuid an News of the World ag éisteacht go rúnda le teachtaireachtaí ar ghuthán póca an chailín óig.


Ba í an íomhá seo de Milly Dowler ba mhó a chuir déistin ar dhaoine agus mar thoradh ar an déistin sin a chuir Rialtas na Breataine Fiosrúchán Leveson ar bun.

Ach ní cás Milly Dowler amháin ba chúis leis an fhiosrúchán a bunaíodh bliain ó shin. Bhí go leor cásanna eile ina raibh an gnáthphobal ar tharla tubaistí dóibh – tuismitheoirí Holly Wells agus Jessica Chapman a maraíodh i Soham i 2002 (an bhliain chéanna inar maraíodh Milly), tuismitheoirí Madeleine McCann agus teaghlaigh shaighdiúir Shasanacha a maraíodh thar lear – bhí siad seo i measc na gceiliúrán (celebrities) agus daoine eile a raibh iriseoirí in impireacht Rupert Murdoch, News International, ag cúléisteacht leo.

Ach ar ndóigh, bhí an fhadhb ní b’fhorleithne ná an chúléisteacht.

Mhaigh chauffeur de chuid News International gur thug sé dosaen pacáiste a raibh airgead iontu do phóilíní a bhí ag sceitheadh eolais d’iriseoirí agus ba léir go raibh caidreamh mí-fholláin idir póilíní áirithe agus News International a d’fheadfadh cásanna cúirte a chur ó mhaith.

Mura raibh sé sin dona go leor, ba léir go raibh caidreamh amhrasach idir polaiteoirí agus an preas, leoga go raibh an preas agus Rupert Murdoch agus a eagarthóirí agus deachtú polasaithe rialtais.

Cuir an trí ghné seo le cheile – i.) an preas agus an pobal, ii.) an preas agus an Phóilíneacht agus iii.) an caidreamh idir an preas agus polaiteoirí agus an rialachán lag ar an tionscal agus tá cúlra Leveson agat.

Agus bliain caite ag an bhinse fiosrúcháin, cad é a thiocfaidh as agus an mbeidh tionchar aige ar dhlí na hÉireann?

Measann an Dr Daithí Mac Síthigh, léachtóir i nDlí na Mean Digiteacha, nach mbeidh athrú suntasach fadtéarmach ar chur chuige na meán.

“Nuair a cuireadh Fiosrúchán Leveson ar bun, d’éirigh na tablóidí iontach ciúin ar eagla go gcuirfeadh siad isteach ar an rialtas agus go bhfaigheadh siadsan díoltas agus córas dleathach rialúcháin a chur ar bun ach le déanaí, ceapaim go bhfuil muid ag dul ar ais chuig an “ghnáth-nuacht” agus beidh scéalta maidir le gnéas, le drugaí agus le daoine mór le rá i saol na siamsaíochta agus spóirt sna nuachtáin laethúla agus Domhnaigh,” ar sé.

Agus ní nach ionadh. Tá ráchairt ar na scéalta sin i measc an phobail.

Ba iad na daoine ceanna a léigh an News of the World – 3 mhilliún acu – a raibh déistin orthu nuair a fuair siad amach faoi na modhanna uafásacha oibre a chleacht siad.

Leoga, ba bheag spéis a bhí ag daoine sa scéal go dtí gur tháinig scéal Milly Dowler amach.

“Bhí daoine ar nós cuma liom faoi na taicticí as ar baineadh úsáid le spiaireacht a dhéanamh ar cheiliúráin Z-liosta nó polaiteoir nó póilíní a raibh caimiléireacht ar bun acu ach d’athraigh sin ar fad i gcás Milly. Mheas bunús na ndaoine nár le leas an phobail é sin agus sin an ait a dtarraingíonn daoine an líne,” arsa Daithí.


Sin ráite, tá cur is cúiteamh ann faoi cad is “leas na ndaoine” ann.

Deir Mac Síthigh go raibh an-phlé maidir le príobháideachas corradh le seacht mbliana ó shin nuair a bhí Michael McDowell ina aire dlí agus cirt.

“Bhí bille príobháideachais beartaithe ag McDowell ach dúirt eagarthóirí agus iriseoirí nuachtán go taobh an bille a bhí beartaithe ag McDowell ina bhagairt ar shaoirse na meán cumarsáide. Níor leanadh ar aghaidh leis ach le muinín an phobail a thógáil sa phreas thall, is dócha go mbeidh comharba an Press Complaints Commission thall i bhfad níos cóngaraí do chóras na hÉireann,” ar sé.

Tá tuiscint níos fearr againn ar conas a oibríonn na meáin chumarsáide agus na nascanna idir iad agus polaiteoirí sa Bhreatain. An molfaidh sé dlí chun a chinntiú go bhfuil neamhspleáchas idir eatarthu? An molfaidh sé athrú maidir le húinéireacht na meán? 

Tá impleachtaí aige sin anseo.

“I gcionn bliana, cuir i gcas, agus Denis O’Brien nó a leithéid ag iarraidh níos mó cumhachta a fháil, beidh an pobal á rá, ‘fan, caitheann muid bheith an-chúramach mar tá a fhios againn cad é a tharla sa Bhreatain nuair a bhí ollchumhacht ag scaifte beag daoine.’

Robert McMillen

Close
Close