Chuaigh feachtas thuismitheoirí agus dháltaí Choláiste Lú chun sráide an deireadh seachtaine seo caite i gCearnóg an Mhargaidh i gcroílár Dhún Dealgan agus iad ag éileamh go gcuirfear scolaíocht lán-Ghaeilge ar fáil arís sa scoil.
Bunaíodh Coláiste Lú mar Ghaelscoil in 2014 ach is aonad Gaeilge anois é a fheidhmíonn mar chuid den scoil Bhéarla, Coláiste Chú Chulainn. Soláthraíonn an Roinn Oideachais aonaid cosúil le Coláiste Lú nuair atá éileamh d'oideachas dara leibhéal Gaeilge ann ach nuair nach bhfuil go leor daltaí ann le scoil iomlán a reáchtáil.
Mar atá faoi láthair, tá daltaí Choláiste Lú, a bhí cleachtaithe le hoideachas lán-Ghaeilge a bheith acu, anois ag freastal ar thromlach a gcuid ranganna trí Bhéarla, agus gan ach dhá ábhar ar fáil anois i nGaeilge mar gheall ar easpa múinteoirí cáilithe.
Dúirt Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (Louth and Meath Education and Training Board, LMETB) i bpreasráiteas:
“LMETB report a shortage of suitably qualified teachers to teach through the medium of Irish for the Aonad at Coláiste Chú Chulainn… LMETB is not in a position to commit resources sanctioned for other students to meet certain expectations expressed by parents/ guardians of students attending the aonad at coláiste Chú Chulainn.”
De réir na dtuismitheoirí, bunaíodh Coláiste Lú mar Ghaelscoil in 2014 ach tar éis bliana íslíodh stádas na scoile go haonad laistgh de Choláiste Chú Chulainn.
Cé go ndearnadh gearán faoi seo ag an am, bhí an tumoideachas lán-Ghaeilge fós ar fáil do dhaltaí Choláiste Lú agus, dá réir sin, ghlac tuismitheoirí leis an chinneadh.
Dar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna áfach, bhí fadhb leis an mhodh a míníodh seo agus is é sin is cúis leis an rúaille búaille faoi láthair.
I litir idir an Roinn Oideachais agus Coláiste Chú Chulainn, dúradh an méid seo:
Dúirt úrlabhraí ó Chomhairle na dTuismitheoirí, Proinsias Mac an Ghirr, gurbh é céiliúradh oidhreachta na teanga agus an chultúir Ghaelaigh sa cheantar a bhí i gceist leis an léiriú seachas agóid.
Cuireadh fáilte roimh aoichainteoirí ó eagraíochtaí éagsula, agus bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i láthair chun tacú leis an fheachtas.
Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, an scoil agus na húdarais áitiúla oideachais na céimeanna cuí a ghlacadh chun an t-éileamh láithreach ar scolaíocht iomlán trí Ghaeilge a shásamh, gan mhoill. Ní mór teacht láithreach a bheith ag na daltaí seo ar oideachas trí Ghaeilge agus ní ghlacfar le sop in áit na scuaibe.”
Dúirt Aideen McCormick, tuismitheoir a bhfuil páistí aici ar Choláiste Lú: “Is mór an trua gur gá dúinn sa lá atá inniu ann dul chun sráide chun bunchearta oideachais agus bunchearta teanga ár bpáistí a chosaint. Níl uainn ach an soláthar Gaeloideachais a gealladh dúinn nuair a chuir muid ár bpáistí go Coláiste Lú, mar Ghaelcholáiste, an chéad lá.”