Faic foghlamtha ón Tíogar Ceilteach agus bolgán tithíochta ar na bacáin arís

Faic foghlamtha ón Tíogar Ceilteach agus bolgán tithíochta ar na bacáin arís

Colm Ó Broin

Tá borradh faoi phraghsanna tithíochta ar an dá thaobh den teorainn faoi láthair.

Is cosúil nach bhfuil faic foghlamtha ón uafás a chothaigh an bolgán deireanach nó tá polaiteoirí agus an lucht amhantraíochta ag déanamh neamhairde den bhorradh ar mhaithe lena leas féin.

De réir na bhfigiúirí is déanaí d’ardaigh praghsanna tithíochta 8.4% ó thuaidh agus 12.5% ó dheas le bliain anuas. Tá cúrsaí níos measa i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath – áit ar ardaigh praghsanna 14% agus 24% faoi seach.

Ina ainneoin seo shéan an Taoiseach Enda Kenny an tseachtain seo caite go raibh bolgán tithíochta sa phríomhchathair.

Dar leis nach bhfuil ann ach éagothromaíocht idir ‘soláthar agus éileamh’.

Chuala muid an amaidí chéanna le linn an Tíogair Cheiltigh – go raibh míniú simplí leis an mborradh faoi phraghsanna: ardaíonn praghsanna nuair atá éileamh níos mó ná soláthar, agus sin sin.

Tá’s againn an dea-thoradh a bhí ar an anailís róshimplí seo – dífhostaíocht ollmhór, eisimirce ollmhór, na mílte sáinnithe i dtithe nach féidir leo díol, €67 billiún de dhrochfhiacha na mbanc leagtha ar ghualainn an phobail, ciorruithe caiteachais ar na daoine is leochailí sa tír, mar aon leis an ardú i líon na ndaoine a chuir lámh ina mbás féin le blianta beaga anuas.

Chuirfeadh míniú ‘soláthar agus éileamh’ an Taoisigh náire ar dhéagóir atá ag déanamh staidéir ar eacnamaíocht don Teastas Sóisearach.

Fantaisíocht atá ann – ní chuireann sé san áireamh gur féidir srian a chur ar sholáthar d’aon ghnó, nó gur féidir leis an éileamh a bheith bunaithe ar rámhaille agus fainic.

Bonn-tuiscint atá leis an teoiric seo ná go bhfuil margaí ‘réasúnta’.

Ach ní bhíonn daoine ‘réasúnta’ i gcónaí, uaireanta ní bhíonn ciall ná réasún ag baint leis na rudaí a cheannaíonn siad – mar sin cén fáth a mbeadh margaí réasúnta?

Tá géarchéim eile ann anois san earnáil tithíochta – an t-ardú ollmhór atá tagtha ar chíosanna agus ar easpa dídine.

De réir na carthanachta Focus Ireland tá teaghlach amháin in aghaidh an lae á chaitheamh amach ar shráideanna na Poblachta faoi láthair.

Deirtear go bhfuil muintir na hÉireann dúghafa le húinéireacht tithíochta de bharr fulaingt ár sinsir in aimsir na dtiarnaí talún brúidiúla fadó.

Sin an fáth a bhfuil cearta an tionónta in Éirinn níos láidre anois ná tír ar bith eile ar domhan, gur féidir léasanna fadtréimhseacha a fháil le srianta ar ardú cíos agus araile… mar dhea!

Ní mór srianta agus smacht a chur ar mhargaí i gcásanna éagsúla – an margadh tithíochta ach go háirithe.

Bealach amháin chun é seo a dhéanamh ná srianta a chur ar chíos, polasaí atá á mholadh ag Focus Ireland, Threshold agus Pobal Shíomóin.

Tá cíosrialú i bhfeidhm i gcathracha ar fud na hEorpa, Thuaisceart Mheiriceá agus ceantracha eile.

De gnáth ní bhíonn an cead ag tiarnaí talún cíos a ardú níos airde ná an ráta boilscithe agus is féidir léasanna buan ar feadh 10 mbliana, 20 bliain, nó níos faide fiú, a fháil.

Níl na cathracha seo ina gcíorthuathail de bharr an pholasaí – mar aon leis sin laghdaíonn cíosrialú an amhantraíocht ar thithíocht atá flúirseach in Éirinn agus sa Bhreatain.

Tá seans ann go gcuirfí an polasaí seo i bhfeidhm ó thuaidh má bhuann Lucht Oibre na Breataine an chéad olltoghchán eile sa Ríocht Aontaithe.

Ach tá sé ráite ag an Aire nua Comhshaoil nua ó dheas, Alan Kelly, nach bhfuil sé i gceist aige cíosrialú a chur i bhfeidhm.

Tá sé sásta dul i muinín an mhargadh, cosúil le David Cameron – agus an ghéarchéim a leigheas le tithe breise.

Admhaíonn sé áfach go dtógfaidh sé dhá bhliain chun an soláthar tithíochta a ardú.

Fiú dá bhféadfadh an t-ardú seo an fhadhb a leigheas, rud nach bhfuil cruthaithe in aon chor, beidh na tiarnaí talún in ann cíos a ardú arís is arís eile i rith an dá bhliain sin agus níos mó daoine a dhíbirt as na tithe agus árasáin atá acu.

Dála an scéil is ball den Lucht Oibre é Alan Kelly, ní Fine Gael.

Bheifeá ag súil go gcuirfeadh Fine Gael in éadan srianta ar chíosanna, ach shílfeá go mbeadh an Lucht Oibre ar a shon.

An leithscéal a thug siad do na ciorruithe caiteachais a chuir siad i bhfeidhm i gcomhar le Fine Gael le trí bliana anuas ná nach raibh an dara rogha acu toisc go bhfuil an tír gann ar airgead.

Ach níl leithscéal ar bith acu faoi chúrsaí tithíochta – ní chosnódh sé pingin rua orthu tuilleadh cearta a thabhairt do thionóntaí.

Caithfear an cheist a chur ag an tráth seo, an páirtí den eite chlé iad an Lucht Oibre ar chor ar bith mura bhfuil siad sásta an polasaí neamh-radacach, neamh-chostasach seo a chur i bhfeidhm fiú?

Má leantar le polasaithe a theip san am atá caite ná bíodh iontas orainn má theipeann orthu arís.

Close
Close