Eispéireas iardhaltaí an Ghaeloideachais i mBéal Feirste - taighde Pobal foilsithe

D’fhoilsigh an t-eagras Gaeilge, Pobal, torthaí suirbhé a rinneadh ar eispéireas na n-iardhaltaí de chuid an Ghaeloideachais i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Ní dhearnadh a leithéid de thaighde riamh roimhe seo agus bhí sé mar aidhm ag Pobal an bhearna eolais maidir leis an Ghaeloideachas ó thuaidh a líonadh.

D'fhreagair 159 duine an suirbhé ar líne, a chuir réimse ceisteanna orthu maidir leis an saol i ndiaidh na scoile.

Figiúirí suntasacha a tháinig amach sa tuairisc a d'fhoilsigh Pobal, a léiríonn réimse na bpostanna atá ag iardhaltaí ó Ghaelscoileanna Bhéal Feirste chomh maith le cáilíochtaí s'acu agus an mhinicíocht a bhíonn Gaeilge á labhairt acu go fóill.

Ní dhearnadh staitisticí a bhailiú ach ó mhuintir Bhéal Feirste an uair seo ach tá Pobal ag súil leis an taighde a leathnú amach go dtí an sé chontae ar fad.

Labhair Meon Eile le Janet Muller agus le hEibhlín Mhic Aoidh faoi thorthaí an taighde agus an tátal is féidir a bhaint astu.

Close
Close