Éileamh ar chomharthaíocht Gaeilge sa mhórstáisiún iompair nua i mBéal Feirste

Rinne an grúpa gníomhaíochta Gaeilge, An Dream Dearg, agóid taobh amuigh de shuíomh úr an mhórstáisiúin iompair, Cros na bhFíodóirí, ar na mallaibh. Ghléas siad iad féin i veisteanna glé agus clogaid oibre agus comharthaí Gaeilge á gcur in airde acu ar fud an stáisiúin.

Tá An Dream Dearg ag éileamh cruinniú ar an Roinn Bonneagair agus Translink chun plé a dhéanamh ar chuimsiú na comharthaíochta dátheangaí sa mhórstáisiún nua, atá lonnaithe ar Mhórshráid Victoria i lár Bhéal Feirste.

Beidh ‘Weavers Cross’, atá le hoscailt i mbliana, ag teacht in ionad Stáisiún Bus Europa agus Stáisiún Mhorshráid Victoria.

Dúirt Eoghan Ó Garmaile ón Dream Dearg go bhfuil an grúpa ag iarraidh go bhfreastalódh an t-ionad seo ar an Ghaeilge chomh maith leis an Bhéarla agus é ar imeall na Ceathrún Gaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste.

Dúirt Cuisle Nic Liam ón Dream Dearg go bhfuil sé fíorthábachtach ráiteas fisiciúil a fháil ón Roinn chun dul i gcion ar an phobal.

Chuaigh Meon Eile i dteaghmháil le Translink faoin cheist. Is é seo an freagra a thug siad:

We await the outworking of the new Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022 and we look forward to working through guidance contained in the act in due course.”

Chuaigh Meon Eile i dteagmháil leis an Roinn Bonneagair fosta:

A DFI spokesperson said: The issue of bilingual signage is an operational matter for Translink, Minister ODowd has been clear that he is committed to the promotion of the Irish language. He is due to meet with Irish language campaigners later this week to discuss a number of issues of mutual interest.

Close
Close