Eilís II, Inis Ceithleann agus an croitheadh láimhe

Eilís II, Inis Ceithleann agus an croitheadh láimhe

Bhí Banríon Éilís na Breataine ar cuairt in Inis Ceithleann, Fear Manach, Dé Máirt. Chuaigh sí go séipéal Naomh Mícheál le linn a tréimshe sa bhaile, an chéad uair riamh di bheith ag seirbhís Chaitliceach ó thuaidh.

Banrion

Dónall Mac Giolla Chóill

Chuir mé sonrú an tseachtain seo sa chur agus sa chúiteamh uilig faoi chuairt Bhanríon Shasana/Na Ríochta Aontaithe de chuid na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann/Tuaisceart na hÉireann/Na Sé Chontae/Uladh/Oir-Thuaisceart Uladh/Na Críocha Gafa/Norn Iron/Diúc Lancaster/Tiarna Mhanann/Banphrionsa Hanover.

Agus mé ag scríobh seo, scríobhaim mar Chonallach/Deisceartach/Státaire/Saorstátaire/Effing Free Stater.

Creid uaimse é, is minic a tugadh ‘Deisceartach’ orm in ainneoin fhianaise na tíreolaíochta agus ‘effing Free Stater’ orm in ainneoin go bhfuil siad ann i mBéal Feirste a chreideann gurb í Gaeltacht Thír Chonaill Mecca nó Shangri Lá anama s’acu.

Ach le cúpla seachtain anuas tá an t-effer beag seo ag léamh sna nuachtáin agus ag feiceáil ar na scáileáin, scéalta faoi chuairt Elizabeth chun na tíre seo.

Seo an chéad chuairt is fiche aici go hÉirinn, fiche cuairt ó thuaidh agus cuairt amháin ó dheas.

Is minic í in Éirinn agus de ghnáth i measc na 19 cuairt a thug sí ó thuaidh, ní bheadh i gceist ach cúig bhomaite ar an BBCUTV i measc na scéalta nuachta.

Nó ábhar mór ceiliúrtha ar RTÉ nuair a labhraíonn sí Gaeilge i mBaile Átha Cliath, mar a rinne sí an bhliain seo caite, an uair dheiridh aici ar an oileán seo.

An uair seo di inár measc bhí cur agus cúiteamh ann, bhí ábhar machnaimh ann as a dtáinig ábhar cainte agus díospóireachta cionn is go raibh seans ann go mbuailfeadh sí le LeasChéad-Aire Thuaisceart na hÉireann/Tuaisceart Éireann/Na Sé Chontae/Uladh/Oir-Thuaisceart Uladh/Na Críocha Gafa/Norn Iron.

Ach bhí ábhar cigilteach go leor ann; an gcroithfeá lámh le duine atá freagrach ag deireadh na dála mar cheannaire, as bás agus ollfhulaingt?

Bhí sé tuartha go mbeadh ar Martin McGuinness ina ról i bhfeidhmeannas reachtúil de chuid na Ríochta Aontaithe bualadh le Elizabeth agus seans fiú lámh a chroitheadh léi, muna mbeadh sé ullamh go humhal os a comhair.

Tá go leor a déarfadh gurbh í Amharclann an Lyric an áit chuí don chéad chasadh seo, áit tógtha le haghaidh mórdhrámaí agus eachtraí eipiciúla, agus sin an áit ar tharla sé, gur chroith Elizabeth Alexandra Mary agus James Martin Pacelli McGuinness lámh, ní uair amháin, ach faoi dhó agus iad ag bualadh le chéile don chéad uair ariamh i mBéal Feirste.

Bhí an chéad chroitheadh cúthalach déarfainn, mar a bheadh daoine ann a bhfuil aithne acu ar chlú a chéile ach gan aithne phearsanta a bheith ann.

Níl tú ag iarraidh amadán a dhéanamh díot féin ar an chéad chasadh.

Bhí an chéad fháilte seo faoi cheilt.

Ach bhí an dara ceann níos oscailte, os comhair na gceamaraí, agus fiú ar an Mháirt ní raibh muid cinnte go mbeadh taifead ann den chroitheamh láimhe. Sa deireadh bhí grianghraf foilsithe sna meáin taobh istigh de leathuaire.

Beidh easaontóirí ann choíche, nach raibh Theobald Wollf Tone ag iarraidh freastal orthu san 18ú aois?

Agus beidh lucht leanúna Ériu ann chomh maith a dhéanann neamhaird de Bhanba agus Fodhla bhocht.

Ach an cheist a chuir mé ní ba luaithe; an gcroithfeá lámh le duine atá freagrach ag deireadh na dála, as bás agus ollfhulaingt?

Thiocfadh an cheist sin a chur ar íospartaigh Inis Ceithleann agus Warrington, an oiread is a thiocfadh an cheist a chur ar íospartaigh Dhoire agus Bhaile Mhic Mhurchaidh.

Close
Close