Easpa seirbhísí Gaeilge ón stát - cén réiteach atá ar an scéal?

Cúpla seachtain ó shin d’fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Teanga tráchtaireacht speisialta a thug le fios nach bhfuil córas na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair ag feidhmiú mar is ceart.

Seo córas atá in ainm is a chinntiú nach mbíonn ar lucht labhartha na Gaeilge tiontú ar an Bhéarla agus iad i mbun gnó leis an Stát. Ach de réir thorthaí na tuarascála tá sé soiléir gur minic a dhéanann an córas laghdú agus cúlú ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. 

Deirtear sa tráchtaireacht go raibh moill 9 mbliana i gceist ag deireadh na bliana seo caite le feidhmiú seacht scéim teanga in eagrais éagsúla stáit agus go bhfuil 56 scéim teanga, as 116 san iomlán, atá imithe in éag; 6 cinn díobh sin le tréimhse níos faide ná 7 mbliana.

Deirtear chomh maith go dtógann sé ar an meán 3.5 bliain ón am a iarrtar ar chomhlacht poiblí an chéad scéim teanga
a ullmhú nó go mbíonn sí daingnithe agus 4 bliana i gcás an dara scéim teanga.

Léirítear san anailís atá déanta nár chuir aon Aire Gaeltachta cás aon chomhlachta a dhiúltaigh scéim a réiteach os comhair an Rialtais, cé go bhfuil an chumhacht sin ag an Aire faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Agus go raibh cúlú gealltanais in os cionn leath de na scéimeanna a aontaíodh agus a bhí ceaptha cur le seirbhísí i nGaeilge a daingníodh in 2015 agus 2016.

Labhair Meon Eile leis an an Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus le Julian de Spáinn, Ard-Runaí Chonradh na Gaeilge.

Thug muid cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill fosta le labhairt le Dónall Ó Cnaimhsí fán dóigh atá seo ag cur isteach ar mhuintir na Gaeltachta.


Tá roinnt moltaí curtha le chéile ag an an Choimisinéir Teanga a chinnteoidh go dtabharfaí reachtaíocht isteach a láidreoidh cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, dar leis.

Ina measc mhol an Coimisinéir gur cheart polasaí nua earcaíochta a bhunú chun íosmhéid foirne le Gaeilge sa chóras poiblí a chinntiú in achan eagraíocht stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal.

Tá sé molta fosta laghdú a dhéanamh ar réimse feidhme na scéimeanna teanga, de réir a chéile, trí níos mó seirbhísí a rialú faoi chóras rialacháin. Chinnteodh an méid seo éabhlóid nádúrtha i dtreo caighdeáin chomónta seirbhíse agus laghdófaí an t-ualach riaracháin a bhaineann le haontú scéimeanna teanga aonaracha, dar leis.

Chomh maith leis seo deirtear go bhfuil gá le próiseas monatóireachta neamhspleách a bhunú a thuairiscíonn ar fheidhmiú agus ar éifeacht an pholasaí earcaíochta chuig Tithe an Oireachtais.

Agus moltar nasc a chruthú idir an phleanáil teanga agus cearta teanga a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag oibrithe poiblí atá ag obair sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil ann.

Tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Séan Kyne, go bhfuil sé mar aidhm aige líon na bhfostaithe stáit atá ábalta seirbhísí a chur ar fail i nGaeilge a mheadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh atá ag obair sa Ghaeltacht.

Ach tá sé tugtha le fios ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, nach bhfuil aon rún aige athrú a dhéanamh ar an chóras earcaíochta don Ghaeilge atá ann faoi láthair, ach go bhfuil sé i gceist aige plé a dhéanamh leis an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí, le ‘tuiscint’ níos fearr a fháil air.


Close
Close