Eoin Ó Murchú
Ní ionadh ar bith é gur éirigh leis an rialtas dul i bhfeidhm ar an oiread sin ceardchumann sa tseirbhís phoiblí gur ghlac siad le tuilleadh dífheabhsaithe ar phá is ar choinníollacha oibre a gcuid ball.
Ar an gcéad fhéachaint ar ndóigh níl an scéal chómh dona is a d’fhéadfadh mar a tuaradh go mbeadh, ach sin é nós na n-eachtraí seo go mbíonn sé níos éasca droch-mhargadh a dhíol más féidir a thabhairt le fios go bhfuil feabhsú éicínt bainte amach.
Agus sin é go díreach atá á rá ag SIPTU agus ag IMPACT, an dá cheardchumann is mó sa tséirbhís phoiblí: is é sin go raibh an rialtas ag lorg rudaí níos measa fós, is go gcaithfidh glacadh leis an tairiscint atá ar an mbord nó go dtabharfaidh an rialtas reachtaíocht isteach le socrú níos measa a bhrú ar na hoibrithe.
Tá sé speisiúil ámh go bhfuil Jack O’Connor ó SIPTU ag iarraidh freastal ar an dá thrá maidir leis seo. Ar thaobh amháin tá sé ag rá gurb e seo an socrú is fearr a d’fhéadfadh a fháil tré chainteanna leis an rialtas, ach ar an taobh eile tá sé ag tabhairt foláireamh go bhfuil seans láidir ann nach nglacfaí leis ar aon chuma.
Go bunúsach tá trí cheist ann: an cóir tabhairt faoina hoibrithe poiblí ar chor ar bith agus cuid eile den ualach a chur orthu le muid a thabhairt amach as an tsáinn ar chuir rachmas an Tíogair Cheiltigh ann muid.
Uimhir a dó: an nglacfadh baill na gceardchumann, SIPTU is IMPACT ach go háirithe, leis an socrú seo.
Agus uimhir a trí, céard a dhéanfaidh na ceardchumainn a shiúil amach ó na cainteanna is cén tionchar a bheas ag aon ghníomhaíocht acusan ar an scéal ina iomláine.
Má ta difríochtaí idir na ceardchumainn tá siad aontaithe nach cóir an t-ualach a chur ar oibrithe. Ní hiad a fuair na buntáistí is mó ón Tíogar Ceilteach, ní hiad ba chúis leis an tubaist agus ní hiad is cóir a bheith ag íoc as.
Ach níl an cineál rialtais againn a chuirfeadh an t-ualach ar lucht an tsaibhris nó ar an Eoraip a chruthaigh an ghéarchéim le polasaithe neamhfhreagarthacha na mbanc Eorpach.
An fhaid is atá an rialtas seo ann, agus Páirtí an Lucht Oibre sáite sa rialtas céanna, beidh polasaithe acu atá fábharach don Eoraip is do lucht an tsaibhris.
Agus an nglacfar leis? Níl sé seo cinnte, agus léiríonn éiginnteacht Jack O’Connor é, ach mar sin féin is leir go gcreideann ceannairí na gceardchumann nach bhfuil an diongbháilteacht ag oibrithe dul ar stailc. Má tá deacrachtaí airgid ag daoine anois, bheadh sé i bhfad níos measa gan teacht isteach ar bith agus tá súil ag an rialtas – agus ceannairí SIPTU is IMPACT – gur leor sin lena gcuid díograise a mhaolú.
Ach beidh feachtas deacair ann, is deis mhaith ag an eite chlé iarracht fhiúntach a dhéanamh le oibrithe a thabhairt leo in aghaidh an tsocrú agus in aghaidh an rialtais.
Lárnach dó seo ar ndóigh ná an seasamh a ghlacfaidh na ceardchumainn a shiúil amach ó na cainteanna – gardaí, altraí, oifigigh cléireachais is eile. Nuair a glacadh le Comhaontú Pháirtí an Chrócaigh ghéill ceardchaumainn a bhí in aghaidh an tsocruithr le cinneadh an mhóraimh, ach tá amhras orm gur mar sin a bheas an uair seo.
Ní hamháin go bhfuil seasamh láidir tóigthe ag an INMO, UNITE agus an CPSU mar shampla in aghaidh an tsocruithe, ach tá a gcuid ball go fírinneach bréan den tsíor-ghéarleanúint orthu. Ní bheidh sé éasca d’aon dream dul ar stailc, ach b’fhéidir nach mbeadh aon rogha ag a lán oibrithe atá brúite síos an iomad mar atá cheana.
Ar ndóigh má éiríonn leis an rialtas an droch-mhargadh seo a fháil tríd beidh lámh shaor acu sna cúrsaí seo go dtí go dtagann olltoghchán (nuair a íocfas Páirtí an Lucht Oibre an reicneáil i dtaobh a gcuid faillí is tréigin).
Ach má theipeann ar an margadh beidh an rialtas i mbaol agus brú uafásach láidir ar Pháirtí an Lucht Oibre.
Cheana féin tá daoine ag teacht le cheile, mar Roisín Shortall, Tommy Broughan, Patrick Nulty is eile le Labour Nua a chur le chéile.
Bealach amháin nó bealach eile níl aon bhealach réidh os comhair Éamon Gilmore is a chuid cáirde ag eascairt as an plean seo.