Dlí Dháithí á cheiliúradh sa Devenish

Bhí ócáid fhoirmeálta ar siúl i mbálseomra an Devenish in iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh le ceiliúradh mór a dhéanamh ar Dhlí Dháithí, nó ‘Dáithí’s Law’, a ritheadh trí Theach na Teachtaí i Londain i mí an Mhárta.

Córas deonaithe orgáin scar-rogha atá I nDlí Dháithí agus tiocfaidh sé i bhfeidhm sa Tuaisceart ar an 1 Meitheamh 2023.

Ainmníodh an dlí seo i ndiaidh gasúr óg sé bliana d’aois, Dáithí Mac Gabhann, atá go fóill ag fánacht ar thrasphlandú croí. Rugadh Dáithí in 2016 agus Siondróm Hipeapláiseach Croí Clé air, galar croí neamhchoitianta a chiallaíonn nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart. Ní raibh na dochtúirí in ann a dhath a dhéanamh do Dháithí beag agus mar sin an t-aon rogha ná aistriú croí a fháil.

Is é sin is cúis leis an fheachtas rathúil atá ar bun ag tuismitheoirí Dháithí ó shin, Máirtín agus Seph, agus ag pobal mór tacadóirí, chun feasacht a ardú faoin tábhacht a bhaineann le bheith i do dheontóir orgáin. B’aistear dúshlánach é do Chlann Mhic Gabhann ach tá tacaíocht mhór agus próifíl ard bainte amach acu mar gheall ar a gcuid oibre ar fad ar son Dháithí agus an deonaithe orgáin. Agus ar ndóigh tá clú nach beag orthu i measc na nGael, ó thuaidh go háirithe.

Bhí lúcháir ar dhaoine freastal ar an imeacht speisialta sa Devenish, go háirithe lucht An Dream Dearg. Tá caidreamh thar a bheith láidir acu le Clann Mhic Gabhann agus tá tacaíocht nach beag léirithe ag An Dream Dearg thar na blianta leis an fheachtas.

Is féidir aistear Dháithí a leanstan anseo.

Close
Close