Deireadh le sean-ré na polaitíochta is ea bua Trump?

Deireadh le sean-ré na polaitíochta is ea bua Trump?

Eoin Ó Murchú

Tá sean-ré na polaitíochta agus na heacnamaíochta i Meiriceá – agus ar fud an domhain, b’fhéidir – curtha in amhras mar gheall ar bhua Donald Trump i rás na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe.

Tá droim láimhe tugtha ag an-chuid den aicme oibre le fealsúnacht na rachmasóirí, fiú más ard-rachmasóir é Trump fein.

Mar, ag deireadh thiar, bhí an bua seo ag Trump toisc gur éirigh leis stáit mar Michigan, Wisconsin, Ohio is Pennsylvania a thabhairt leis – stáit a bhíodh dílis do na Daonlathaigh roimhe seo, stáit a raibh tionscail throma lonnaithe iontu, ach stáit anois a bhfuil a mbunús tionscail in aimhréidh ar fad.

‘Crios meirge’ a thugtar ar na ceantair seo a raibh fostaíocht mhaith ar fáil go forleathan iontu tráth, ach ceantair anois nach bhfuil dóchas ag na pobail a bhfuil cónai orthu iontu a thuilleadh.

Thug Trump geallúint do na vótóirí anseo go gcuirfeadh sé ar leataoibh na comhaontaithe trádála a scrios a gcuid jabannaí is go bhféachfadh sé chuige go dtabharfaí jabannaí nua isteach.

Ba í Hillary Clinton urlabhraí Wall Street maidir leis seo, agus bhí páirt lárnach aici is ag a fear céile Bill i gcur le chéile na gcomhaontaithe trádála.

Ar ndóigh, toghadh Barack Obama an chéad uair leis an ngeallúint chéanna maidir le jabannaí, ach níor eirigh leis ar chor ar bith.

Ní raibh sé mar aidhm fiú ag Hillary Clinton.

Cinnte, tá fimínteacht i gceist le Trump, mar bhain sé fein leas as na féidearthachtaí céanna le cuid dá infheistíocht a aistriú as SAM le brabús níos fearr a dhéanamh i dtíortha eile.

Agus ag caint faoi phostanna sa mbaile, is duine é Trump nach bhfuil sásta aitheantas a thabhairt do cheardchumainn nó an ráta a leagann an ceardchumann síos a íoc lena chuid oibrithe óstáin.

Seans maith mar sin nach gcomhlíonfaidh sé na geallúintí a thug sé, ach seo é an clár oibre a mheall vótaí ón aicme oibre chuige.

Agus is dócha dá mbeadh Bernie Sanders ina iarrthóir ag na Daonlathaigh go n-éireodh leisean na stáit tionscail sin a choinneáil ó Trump, Florida a ghnóthú b’fhéidir is an bua a bheith aige.

Ach rinne Coiste Naisiúnta na nDaonlathach gach cleas le Sanders a bhrú faoi chois, agus cá bhfuil siad anois?

Ar bhealach freisin ní bua do na Poblachtánaigh é bua Trump, mar fuair sé an t-ainmniúchán in ainneoin an pháirtí, bíonn sé i gcoimhlint leis na daoine is mó le rá sa bpáirtí sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe, agus seans maith nach mbeidh mórán comhoibrithe ar fáil dó ansin.

Ar an domhan mór, ámh, tá baol cogaidh mhóir laghdaithe ó theip ar Chlinton, bean a bhí ar bís le dul i gcoimhlint leis an Rúis sa tSíria agus san Úcráin.

Caithfidh fáilte a chur roimhe sin.

Ach ní chuirfidh ceannairí na hÉireann, thuaidh nó theas, fáilte roimh an mbagairt go laghdófaí ar infheistíocht ó na Stáit Aontaithe má éiríonn le Trump brú a chur ar na comhlachtaí móra infheistíocht a dhéanamh sna Stáit féin ar mhaithe le jabannaí a chruthú ansin.

Tráth bhíodh Micheal Martin, ceannaire Fhianna Fáil, ag rá gur chóir tréimhse na hinfheistíochta ó thar lear a úsáid le tionscail dhúchasacha a chruthú.

Ní dhéanann se trácht ar a leithéid anois, ach más féidir linn an stát ó dheas agus an leathstát ó thuaidh a shaoradh ó ghreim báis an Aontais Eorpaigh (agus tionscalaíocht stáit a dhéanamh), ní bheadh muid ag brath ar fhoinse a lorgaíonn an brabús is mó gur féidir is a rachaidh aon áit ar thóir an bhrabúis sin.

Ar ndóigh, níor thug páirtí ar nós na nDaonlathach sna Stáit, Páirtí an Lucht Oibre in Éirinn agus na páirtithe daonlathacha sóisialacha ar fud na hEorpa aon aird ar mhianta an lucht oibre le fada an lá.

B’fhéidir go bhfuil an t-arracht ag dúiseacht?

Cinnte, mura dtugann an eite chlé aird ar mhianta na haicme oibre tiocfaidh an eite dheis isteach chun leas a bhaint as an mbearna.

Sea, is é an ceacht atá le foghlaim ná nach fiú bheith ag casaoid faoi ghnéithe gránna Trump.

Tá na gnéithe sin ann go tiubh – an dímheas ar mhná, an déistin ar inimircigh, an ghráin ar dhaoine ó Mheicsiceo nó o thíortha Moslamacha.

Ina ionad sin, ní mór freastal ar mhian na n-oibrithe ar son jabannai is saol níos fearr dóibh féin is dá gclann, in ionad iad a dhíol ar altóir an domhanaithe.

Close
Close