Colm Ó Broin
Is é inniu, 30 Meitheamh 2014, an lá a thiocfaidh deireadh oifigiúil le maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge a fágadh ar an trá fholamh de bharr an ‘Samhla Nua Maoinithe’.
Tá 11 eagraíocht i gceist – Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach, Altram, Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Forbairt Naíonraí Teoranta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhluadar.
Thosaigh scéal truamhéalach na Samhla siar in 2008 nuair a mhaígh an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag an am, Éamon Ó Cuív, go raibh an iomarca eagraíochtaí Gaeilge ann.
Ghlac Foras na Gaeilge leis an tuairim seo agus chuir siad tús leis an bpróiseas leasaithe.
Thóg sé sé bliana chun an próiseas seo a chríochnú – is leor sin amháin leis an droch-chaoi a láimhseáladh an ‘leasú’ seo a léiriú.
B’fhéidir go raibh an ceart ag an Aire Ó Cuív go raibh an iomarca eagraíochtaí ann, ach níor leagadh amach an cruthúnas go raibh an maíomh seo cruinn riamh.
Chuir na heagraíochtaí in éadan an phróisis go mór, ach tugadh cluas bhodhar dá dtuairimí.
Tugadh an chluas bhodhar d’aighneachtaí an phobail chomh maith.
Rinneadh cásanna speisialta de Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad agus tháinig sé eagraíocht eile slán ó slad faoi na sé réimse a phioc an Foras; Gaelscoileanna (Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge), Conradh na Gaeilge (Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Gael Linn (Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile), Oireachtas na Gaeilge (Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán), Glór na nGael (Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta) agus Cumann na bhFiann (Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga).
Beidh orthu teacht i gcomharbacht ar an obair a bhí ar bun ag na heagraíochtaí a caitheadh i dtraipisí.
Mar shampla, beidh ar Ghaelscoileanna an obair a bhí ar bun ag Forbairt Naíonraí Teoranta agus Altram a dhéanamh amach anseo.
Ní bheidh cúraimí Chonradh na Gaeilge (Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht) ró-dhifriúil ón obair atá ar bun acu faoi láthair ach tá ról níos leithne ag Oireachtas na Gaeilge – ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán’ agus ag Gael Linn – ‘Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile’.
An mbeidh na sé eagraíocht in ann don dúshlán seo, agus an mbeidh siad ábalta leanúint leis an obair eile a bhí ar bun acu go dtí seo?
Tá deireadh tagtha le maoiniú na n-eagraíochtaí ar fad ó thuaidh, agus neart amhrais go mbeidh na heagraíochtaí atá fágtha ó dheas in ann seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil ó thuaidh den teorainn.
Tá sé spéisiúil go bhfuil roinnt Gaeilgeoirí sna sé chontae, a bhformhór acu atá ina náisiúntóirí nó poblachtaigh, ag moladh eagraíochtaí a bhaineann leis na sé chontae amháin seachas cinn uile-Éireann – is é sin, cur chuige ‘críochdheighlteach’.
Dar ndóigh, má chreideann tú gurbh fhearr cur chuige do na sé chontae amháin in earnáil na Gaeilge – nach bhféadfaí an dearcadh sin a úsáid le hearnálacha eile?
Ó fógraíodh buaiteoirí na Samhla beagnach sé mhí ó shin níl mórán déanta chun imní an phobail faoin gcóras nua a mhaolú.
Níl sonraí tagtha amach faoi chur chuige na n-eagraíochtaí faoin struchtúr nua, ó na heagraíochtaí nó ón bhForas féin.
Tá éiginnteacht faoi chúraimí eile i gcónaí.
Is é aistriú teanga ó ghlúin go glúin ceann de na cúraimí is bunúsaí ó thaobh chaomhnú agus leathnú na Gaeilge de ach ní raibh sé mar cheann de na sé réimse a phioc an Foras.
Bhí an obair seo ar bun ag Comhluadar ach tá deireadh lena chuid maoinithe anois.
Leanfaidh Comhluadar ar aghaidh ar bhonn deonach ar feadh tamaill ar aon nós agus deirtear go bhfuil seans ann go mbeidh Glór na nGael ag cabhrú le teaghlaigh Ghaelacha amach anseo, ach níl sé seo dearbhaithe.
Is amhlaidh atá sé le seirbhís nuachta Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge – Gaelport.
Bhain an Foras maoiniú ón gComhdháil ach ansin dúirt siad gur tháinig sé ‘aniar aduaidh’ orthu go raibh deireadh le teacht le Gaelport.
Rinne siad moladh amaideach go ritheadh Conradh na Gaeilge an tseirbhís, ach níl na hacmhainní chun cúram eile mar seo a reáchtáil sa ré nua seo curtha ar fáil ag an bhForas don Chonradh.
Tá deireadh le teacht le suíomh na Comhdhála inniu agus tá baol ann nach gcaomhnófaí cartlann Ghaelport fiú, áis thaighde iontach leis na mílte scéalta nuachta a bhaineann leis an teanga.
Arís tá obair dheonach ar bun chun an áis seo a tharrtháil ach ní fios an éireoidh leis.
Is léiriú eile é seo ar an bpraiseach atá déanta ag an bhForas den phróiseas – agus níl ceacht ar bith foghlamtha acu ón scéal seo áfach.
Chuir siad deireadh le maoiniú do nuachtán clóite Gaeilge anuraidh ag rá “nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”.
Ansin bhain siad maoiniú ó Ghaelport, Beo.ie agus Saol.
Cé go bhfuil dhá chonaradh nua d’irisí le bronnadh, cuireadh na foilseacháin idirlín seo ar thine cnámha na hiriseoireachta Gaeilge in éineacht lena gcomhghleacaithe clóite; Lá, Gaelscéal, An tUltach, Feasta agus NÓS.
D’fhéadfadh tubaiste a bheith in ann d’earnáil eile gan mhoill – cur chun cinn na Gaeilge sa phobal.
Anuraidh d’iarr an Foras ar na grúpaí a fhaigheann maoiniú faoin Scéim Phobal Gaeilge iarratais a chur isteach ar scéim nua a mhairfeadh ó 2014-2017.
Tar éis dóibh na tairiscintí móra casta seo a ullmhú d’fhógair an Foras nach mbeadh an scéim nua ag dul ar aghaidh.
Ina ionad sin bronnadh maoiniú sealadach bliana ar an heagraíochtaí le haghaidh 2014.
Ní fios go fóill ceard atá beartaithe ag an bhForas, ach má tá slad le déanamh ar chur chun cinn na Gaeilge sa phobal, is é sin, croílár na hathbheochana, cén chúis atá ann leis an bhForas féin in aon chor?
Arís is arís eile an freagra atá ar an méid atá beartaithe ag an bhForas ná – ‘níl a fhios againn’, agus níl sé sin maith go leor.
Is iar-iriseoir le Lá agus Gaelscéal é Colm Ó Broin. Tá sé mar chathaoirleach deonach ar Choiste Gaeilge Mhuintir Chrónáin i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.