Díomá ar náisiúnaithe, áthas ar aontachtaithe

Díomá ar náisiúnaithe, áthas ar aontachtaithe

Ciarán Dunbar

Tá vóta Shinn Féin agus an SDLP le chéile ag an leibhéal is ísle ó bhí 1992 ann tar éis gur thit an vóta náisiúnach sna Sé Chontae go 38% in Olltoghchán na Breataine.

Toghchán fíormhaith a bhí ann don Aontachas áfach, bhain an UUP Fear Manach / Tír Eoghain Theas ar ais ó Shinn Féin agus bhain an DUP Béal Feirste Thoir ar ais ón Alliance.

Fuair Aontachtaithe 46% den vóta.

Thit vóta iomlán Shinn Féin 1% – mar is gnáth, tá an toradh sin á chur i láthair mar thubaiste dóibh.

Is áibhéil é sin ach tá an-díomá ar an pháirtí gan amhras.

Is buille ar leith Fear Manach / Tír Eoghain Theas a chailleadh, cé nach raibh ann ach iarrthóir Aontachtach amháin ann.

Ach theip ar Shinn Féin dul chun cinn a dhéanamh i nDún Theas agus i nDoire, dhá áit a raibh siad ag súil le feabhsú mór.

Is iad siúd an dá dhaingean láidre atá ag an SDLP i gcónaí agus ní dócha go n-athróidh sé sin choíche, a fhad is a bhíonn Mark Durkan agus Margaret Ritchie ag seasamh iontu.

Cé gur ardaigh líon na ndaoine a vótáil do Shinn Féin in Iarthar Bhéal Feirste, thit an céatadán den vóta 16.8% agus sin méid suntasach.

Ach mar sin féin, bhí 19,163 vóta ag an pháirtí go fóill agus 54.2% de na vótaí.

Tháinig Gerry Carroll ó People Before Profit sa dara háit le 19.2% den vóta.

Chaill Alex Attwood ón SDLP 6.5% dá vóta agus tháinig sé sa tríú háit.

Ar an toradh sin, is cinnte gur féidir le Gerry Carroll suíochán a bhaint amach i Stormont- is í an cheist ná an mbainfidh sé an suíochán sin ón SDLP nó ó Shinn Féin?

Beidh díomá ar Ghearóid Ó hEára agus ar Shinn Féin i bhFeabhal gan aon amhras.

Tá ballaí Dhoire á gcur faoi léigear acu le fada an lá ach seasann an SDLP an fód go docht i gcónaí.

D’ainneoin a phróifíle aird char éirigh le Gearóid Ó hEára aon dul chun cinn a dhéanamh, cé nár thit vóta Shinn Féin go suntasach.

Rinne Máirtín Ó Muilleoir go cosúil maith i mBéal Feirste Theas cé gur tháinig sé sa cheathrú háit.

Mar sin féin bhí Sinn Féin dóchasach go ndéanfadh sé níos fearr ná mar a rinne sa deireadh.

Tá cuma ar an scéal gurb é tuairim ar 25% an uas-vóta atá ar fáil do Shinn Féin ó thuaidh agus go mbeadh sé iontach deacair dóibh briseadh amach ón vóta sin.

Mar shampla, tháinig ceist an neamhfhreastalachais aníos sa toghchán.

Na tráchtairí is mó a dhírigh ar an phointe seo ach is iomaí iar-thacadóir leis an SDLP a dúirt liomsa go pearsanta nárbh fhéidir leo vótáil do Shinn Féin mar gheall air.

Agus bhí an SDLP sásta brú a chur maidir leis an cheist chomh maith, mar chreid siad go raibh Sinn Féin lag air i ndiaidh gur chroith Martin McGuinness lámh le Banríon Shasana.

Ceist choigilteach í seo do Shinn Féin – tá a fhios acu nach féidir leo tuilleamh vótaí a bhaint ón SDLP gan a gcuid suíochán a ghlacadh.

Ach tuigeann siad, fiú dá mbeadh siad ag iarraidh géilleadh go poibliú don Choróin is don Bhanríon, go scoiltfeadh sé sin an ghluaiseacht, gurb ionann é agus deireadh leis an phoblachtachas agus go n-úsáidfeadh a namhaide, go háirithe ó dheas, an físeán dóibh ag géilleadh ar bhonn laethúil chun spochadh astu.

Sin an fáth a bhfuil lucht frith-Shinn Féin ag spreagadh an pháirtí chun an gníomh seo a dhéanamh.

Dála an scéil, d’ainneoin na ráflaí atá a lua ag iriseoirí (nach bhfuil báúil do Shinn Féin leis an fhírinne a dhéanamh), mar thuairisceoir ar an talamh i gceantar an Iúir char chuala mé oiread is focal ó bhéal hPoblachtaigh a chuirfeadh in iúl dom gur dócha go dtarlóidh sé seo choíche – a mhalairt a bhí fíor.

Ach le teacht chun tosaigh Gerry Carroll in Iarthar Bhéal Feirste, cailliúint Fhear Manach / Tír Eoghain Theas, titim sa vóta agus easpa dul chun cinn go ginearálta, tá go leor machnaimh le déanamh ag Sinn Féin idir seo agus an chéad toghchán eile.

Ach cé go bhfuil tráchtairí áirithe ag maíomh go raibh toghchán measartha maith ag an SDLP, is é lom na fírinne ná gur thit a vóta 2.6% (tá vóta Alliance thuas 2.2 mar a tharlaíonn sé).

Arís, tá dian-mhachnamh le déanamh acu mar pháirtí.

Mar a dúirt an Comhairleoir Claire Hanna ar Twitter; “Relieved SDLP held seats & some good campaigns in targets but overall vote down again & we need to critically examine why before Assembly ’15.”

Mar an gcéanna le Sinn Féin, tá go leor dá lucht tacaíocht iontach míshásta leis an pháirtí, leis an easpa tallainne atá ag teacht tríd agus le ceannaireacht Alasdair McDonnell go háirithe.

Creideann go leor tráchtairí nach mbeidh Alasdair McDonnell sa phost mórán níos faide.

Ach an dtiocfadh dó gur vótáil náisiúnaigh do Shóisialaigh, Ghlasaigh nó Alliance féin fiú agus go gcreideann iad in Éirinn Aontaithe go fóill, nó an bhfuil athruithe níos suntasaí ag tarlú?

An é go bhfuil an fhéiniúlacht ‘Thuaisceart-Éireannach’ á glacadh agus go bhfuil iar-náisiúnaigh ag socrú síos sa Ríocht Aontaithe faoi dheireadh?

Ceist eile ná an bhfuil roinnt ceisteanna sóisialta ag tiomáint Caitliceach i dtreo an DUP mar a luaigh corr shagart?

Is é sin le rá an bhfuil seasamh Shinn Féin ar an ghinmhilleadh atá beagán níos liobrálaí ná mar atá ag na páirtithe eile, agus seasamh Shinn Féin agus an SDLP ar son an phósta aon-inscne, ag cur iallach ar Chaitlicigh choimeádacha a vótaí a chaitheamh ar son páirtithe aontachtacha?

Tá grúpa frith-ghinmhillte ag maíomh go ndearna siadsan dochar do Michelle Gildernew agus gur mar gheall ar a gcuid feachtasaíochta gur chaill sí a suíochán.

Agus an féidir gur vóta agóide é vóta Gerry Carroll go pointe?

Thiocfadh le daoine vótáil do Carroll agus fios maith acu nach dtoghfar é – ag cur a mhíshástachta in iúl do Shinn Féin go hiontach éifeachtach.

Arbh ionann vóta do Gerry Carroll agus diúltú don Náisiúnachas?

Deir Carroll nach náisiúnaí é ach sóisialaí agus dúirt sé go nglacfadh sé a shuíochán dá mbainfeadh sé é agus go nglacfadh sé an mionn dílseachta.

Ach tuigtear dom go bhfuil sé báúil don Ghaeilge agus ar son Éire Aontaithe san fhadtéarma.

Is fíor dar liom go bhfuil go leor poblachtanach trína chéile go polaitiúil faoi láthair: iad siúd nach easaontóirí iad ach nach bhfuil sásta le Sinn Féin ar chúiseanna áirithe – ar fhan siad sa bhaile go díreach?

Tá go leor ceisteanna ann agus glacfaidh sé am sula mbeidh sé soiléir an é go bhfuil náisiúnachas Éireannach ó thuaidh ag éirí níos laige nó an é nach bhfuil náisiúnaithe spreagtha ag an rogha polaiteoirí a cuireadh ar fáil dóibh?

Tá eilimintí sna meáin ag cur na ceiste i gcónaí – an bhfuil spás ann do ‘pháirtí nua neamhsheicteach’ ach fós féin atá ar son an aontais?

Ach an bhfuil spás ann do pholaiteoirí nua, do pháirtithe nua agus do smaointe nua ar an taobh náisiúnach den speictream chomh maith?

Close
Close