Ciarán Dunbar
Gortaíodh 56 póilín le linn círéibe i mBéal Feirste oíche Aoine an tseachtain seo a chuaigh thart, ní amuigh i limistéar comhéadain fada ar shiúl ó gach duine eile ach i gcroílár limistéar siopadóireachta agus tráchtála na cathrach.
Bhain an chíréib áirithe seo clúdach idirnáisiúnta amach agus ba bhuille eile é don gheilleagar leochaileach.
Chonaic muid carr trí thine, na litreacha ‘KE’ le feiceáil ar an uimhirphláta. Gan amhras, chuaigh dílseoir éigin abhaile sona sásta gur dhóigh sé carr de chuid ‘fenian’ éigin as Cill Dara.
Ní dócha gur mhothaigh sé an litir ‘D’ i gcoirnéal clé phláta an chairr, nó go raibh an roth stiúrtha ar an taobh ‘mícheart’.
Ba as Heidelberg na Gearmáine an carr sin, ní dócha go mbeidh na Gearmánaigh sin ag teacht ar ais chuig Béal Feirste go luath nó ag moladh na cathrach do dhaoine eile sa tír sin.
An oíche chéanna, tháinig long chúrsála, an Caribbean Princess, i dtír i gcuan Bhéal Feirste le 3,100 paisinéirí ar bord aici. Is cinnte nár chaith aon duine acu oiread is pingin rua i lár na cathrach. Arís, bheinn in amhras dá mbeadh siad ar ais.
Tá an dílseachas imithe ar strae, tá sé trína chéile agus thiocfadh leat a rá go bhfuil sé bómánta, ar an drochuair, tá sé iontach contúirteach chomh maith.
Mothaíonn dílseoirí go bhfuil cultúr s’acu faoi ionsaí.
Tá sé ráite ag an DUP agus eile leo go bhfuil ‘cogadh cultúrtha’ ar bun.
Sluaghairm láidir ghríosaitheach a ba é seo, agus glactar go forleathan go bhfuil an DUP tar éis dul suas an bóithrín seo mar chuid d’iarracht suíocháin Westminister a shracadh ar ais ó Naomi Long ó Pháirtí na Comhghuaillíochta.
Tá sé thar a bheith suntasach go raibh Cathair Dhoire go hiomlán síochánta an samhradh seo.
Ach cheana, mar is gnáth, tar éis na splaince seo a chur le breosla fhearg na ndílseoirí, shiúil an DUP ar aghaidh nuair a chaill siad smacht ar chúrsaí ar na sráideanna.
Is iad an UVF atá ag tiomáint na sluaite i láthair na huaire.
Is í an fhadhb atá ag na dílseoirí ná, cé go bhfuil cultúr láidir acu, tá an cultúr sin fite fuaite go hiomlán leis an pholaitíocht agus lena bhféiniúlacht pholaitiúil.
Ceol, spórt, siombalachas, tá siad ar fad truaillithe leis an pholaitíocht.
Mar shampla, de bhrí go bhfuil baint dhocht dhaingean idir brat na Breataine agus a gcoincheap cultúrtha tá siad ar daoraí i gcónaí nach bhfuil sé ar foluain i rith an ama ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste.
Ceist chultúrtha AGUS pholaitiúil atá ann, ní polaitiúil amháin.
Mar sin féin, nuair a chuirtear ceist orthu – cén fáth a gcreideann siad go bhfuil a gcultúr faoi ionsaí, taobh amuigh den chonspóid a bhaineanns leis an bhrat, agus nach bhfuil cead acu siúl thar shiopaí Ard Eoin – ní bhíonn freagair acu.
Dúirt an tráchtaire aontachtach Alex Kane faoi dhílseoirí, “is soiléir,” a scríobh sé sa ‘Belfast Newsletter’ Dé Luain seo caite, “go bhfuil roinnt acu faoi smacht ag scitsifréine pharanóideach.”
“Cha dtuigim iad,” a scríobh sé, “ní thrustann siad an UUP nó DUP ach ní vótálann siad don PUP… tá níos mó gráin acu do na meáin, d’aontachtachas lár-srutha agus do Choimisiún na Mórshiúlta ná mar atá acu do Shinn Féin, ciallaíonn sé sin go gcailleann siad a gciall agus go mbíonn siad ag cur le clár bolscaireachta Shinn Féin seachas ag cur chun cinn a gceann féin.”
Ní amháin gur ionsaigh dílseoirí an PSNI go fisiciúil, chuala muid dílseoirí ag béiceadh, ‘fenian lovers’ agus ‘taig lovers’ ar an PSNI. Botún straitéiseach amach is amach a ba é sin.
Dá mbeadh ciall ar bith ag dílseoirí, thuigfeadh siad go bhfuil círéib an deireadh seachtaine tar éis scoilt iomlán a dhéanamh idir an tOrd Oráisteach agus an PSNI, an rian deireanach den sean-stáitín.
Ag tús na seachtaine seo caite, d’iarr Cónaidhm na bPéas go mbeadh cosc ar gach mórshiúil conspóideach ar feadh sé mhí chun ligin dóibh teacht chucu féin tar éis thrioblóidí an tsamhraidh.
Tá ceannaire an SDLP, Alasdair McDonnell, ag tacú leis an mholadh sin.
Aisteach go leor, tá cáil d’easaontóirí poblachtacha ag glacadh chultúr na ndílseoirí chucu féin, ag tógáil thinte cnámha, ag dó bratacha orthu, ag ionsaí iriseoirí, ag máirseáil agus srl.
Ar an lámh eile, bhí sé an-aisteach ar fad a bheith ag éisteacht le dílseoirí i dTuaisceart Bhéal Feirste, ag canadh “Something inside so strong” le Labi Siffre, amhrán a chanadh poblachtaigh go traidisiúnta.
Mar sin féin, tá Sinn Féin go láidir ina gcoinne, tuiteáil Gerry Adams oíche na círéibe, go raibh bómántacht i mbréagriocht poblachtach ina íomhá scáthánach den bhiogóideacht aontachtach.
Ar ndóigh, tá Sinn Féin i gcomórtas díreach le grúpaí d’easaontóirí Poblachtach i gceantar Ard Eoin mar shampla, rud nach gcabhraíonn le hiarrachtaí chun réiteach a fháil ar cheist na mórshiúlta – ceist atá tar éis sleamhnú amach as smacht Shinn Féin.
Ach tá easpa ceannaireachta ann ar an taobh aontachtach leis an dá pháirtí mhóra buartha faoina vótaí i dtuaisceart Bhéal Feirste, áit a bhfuil dlúthbhaint idir an UVF agus an tOrd Oráisteach.
Diúltaíonn polaiteoirí aontachtacha teacht amach agus foréigean dílseach a cháineadh gan ‘ach’ a chur ag deireadh na habairte.
Beidh an taidhleoir Meiriceánach Richard Haass sa Tuaisceart an mhí seo chugainn ag obair ar phróiseas chun roinnt de na hábhair chonspóideacha a shocrú faoi dheireadh.
Níl aon bhaol ann dar liomsa go dtitfidh an próiséas síochána féin as a chéile ach tá baol ann go mbeidh níos mó foréigin ann agus, luath nó mall, go bhfaighidh duine éigin bás dá bharr.