Ian Malcolm
Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil muid ag druidim le deireadh na bliana agus é in am dúinn súil siar a chaitheamh ar 2015.
Ar a lán bealach, gidh nach bhfuil sé linn go fóill, tá 2015 faoi scáth 2016 nuair a dhéanfar ceiliúradh ar na himeachtaí móra a d’athraigh cúrsaí an oileáin bhig seo go deo. Mar atá Éirí Amach na Cásca agus slad an Somme.
Ach cén sórt bliana a bhí againn abhus? Bliain chorrach ó thaobh na polaitíochta de, go háirithe ar an taobh ó thuaidh den teorainn agus na páirtithe ar a marana tar éis toghchán Westminster i mí na Bealtaine.
D’éirigh leis an DUP Oirthear Bhéal Feirste a bhaint ar ais ó Alliance agus ar dhóigh thig linn breathnú ar an toradh sin mar iarracht dheireanach Peter Robinson, atá ag fágáil an stáitse mar cheannaire an pháirtí.
Ach ní hé Robinson an t-aon cheannaire amháin atá éirithe as. Bhí drochbhliain ag an SDLP agus troid oscailte ina raibh cuid den pháirtí ar a ndícheall fáil réidh le hAlasdair McDonnell.
Ní raibh sé deas mar ábhar féachana agus gidh go raibh cosa McDonnell nite mar cheannaire, tá sé fós ann mar fheisire Westminster. Tá le feiceáil cén tionchar a imreoidh sé ar an pháirtí as seo amach.
Mar sin, agus muid ag dul isteach sa bhliain úr, tá dhá cheannaire nua againn, Arlene Foster don DUP agus Colum Eastwood don SDLP. Neosfaidh 2016 cén cumas atá iontu beirt agus iad ag tabhairt aghaidhe ar thoghchán eile.
Ó, agus ná déanaimis dearmad ar ghné eile den pholaitíocht i mbliana – straitéis an Hócaí Cócáí a d’úsáid an DUP le linn na tréimhse sin nuair a bhí droch-chuma ar an phróiseas pholaitiúil.
Bliain níos socra a bhí ann ó dheas, nuair a d’éirigh sé soiléir nach mbeadh an toghchán Dála ann go dtí 2016. Tháinig Renua ar an tsaol in am maith don chath agus ghlac an tAire Airgeadais Michael Noonan go fonnmhar leis an deis chun a fhlaithiúlacht a chur in iúl do na vótóirí sa bhuiséad.
Ach, agus an vóta ag teannadh linn, bígí ag súil le rí-rá nó dhó! Agus ag caint ar rí-rá, chuir Mick Wallace an lasair sa bharróg lena líomhaintí faoi ‘dhroch-bhanc’ NAMA agus díolachán a phunann ó thuaidh.
Níl an scéal sin ach ina thús ach ba é an rud ba mhó an vóta ‘Tá’ sa reifreann um phósadh aon-inscne. Bhí an díospóireacht géar ach thug sé le fios go bhfuil Éire athraithe i bhfad ó laethanta Dev.
Fianaise sa bhreis a bhí sa chuairt stairiúil a thug Prince Charles ar an Mhullach Mhór i gCo Shligigh, an áit ar dúnmharaíodh a uncail.
Scéal mór eile ab ea ceist Uisce Éireann agus agóidí forleathana i gcoinne na méadar agus na dtáillí. Is féidir a thuar go mbeidh sé go mór chun tosaigh mar ábhar troda sa toghchán.
Íorónta, mar sin, gur chríochnaigh cuid mhaith den tír, ar an dá thaobh den teorainn, faoi uisce, tar éis an scriosta a tháinig le Stoirm Desmond. Bhí pobal i gceantar na Sionainne agus i gCo Fear Manach thíos lena dhiabhlaíocht.
Anois, tá stoirmeacha ainmnithe agus seans againn cuid acu a Ghaelú!
Tá Deasún imithe, mar aon le Barney (nó Barr na Gaoithe, mar a bhaist mé air) ach tugaim faoi deara ar shuíomh Met Office na Breataine go raibh orthu ‘Clo-da’ a chur idir lúibíní tar éis ‘Clodagh’ ar eagla go raibh fadhbanna ag daoine leis an ainm!
Cá bhfios cad é a dhéanfaidh muid, mar sin féin, le Stoirmeacha Gertrude agus Vernon, ach is deas go bhfuil ainmneacha Ceilteacha ag cuid acu cheana – Orla agus Tegan fós le teacht.
Bígí ar an airdeall. Tá na Gaeil – nó na ‘Gales’ – ar an mháirseáil! Mar aon leis an chóras Eircode, a chruthaigh conspóid nó dhó.
Ar an mháirseáil fosta tá foirne sacair an oileáin.
Cháiligh Tuaisceart Éireann do Chomórtas na hEorpa gan stró faoi stiúir Michael O’Neill, ach bhí an próiseas níos deacra ag an Phoblacht, faoi stiúir Uí Néill eile, mar atá Martin.
Ach is cuma – beidh samhradh breá 2016 thall san Fhrainc ag lucht tacaíochta sacair na tíre, beag beann ar cibé imire den ghlas lena dtaobhaíonn siad.
Ag pilleadh ar théama na stoirmeacha, bhí ‘hairicín’ eile chun tosaigh in 2015. Chruthaigh Conor McGregor nach bhfuil a leithéid ann maidir le healaíona comhraic measctha nuair a fuair sé réidh lena chéile comhraic in 13 soicind ag an deireadh seachtaine.
Fágfaidh mé cúrsaí spóirt ansin – ní mian liom trácht ar Chorn Rugbaí na Cruinne, muna miste libh…
Céard faoin Ghaeilge?
Oireachtas den scoth i mBÁC, de réir dealraimh, ach na gnáth-argóintí faoi thodhchaí na teanga agus – ar ndóigh – faoi mhaoiniú Fhoras na Gaeilge.
Sin ráite, thaispeáin Peter Robinson go bhfuil cúpla focal aige nuair a dúirt sé ‘Tiocfaidh Ár Lá’ le Martin McGuinness an lá cheana! Cuirimis an ceann sin ‘sa mbanc’ – dul chun cinn beag, b’fhéidir, go háirithe i bhfianaise an méid a bhí ag Gregory Campbell an bhliain seo caite.
Ach cad é atá agam mar bhuaicphointe pearsanta na bliana?
Nóiméad beag sa spotsolas nuair a ghabh mé amhrán a bhaineanns le mo bhaile féin – an Lorgain – in Ardoifig an Phoist i mBÁC Luan Cásca.
Níl a fhios agam faoin lucht éisteachta, ach is é sin an rud a fhanfaidh i mo chuimhne ó 2015.
Bíodh Nollaig shona agaibh uilig sula dtugann muid aghaidh ar 2016.