Creatháin in Köln

Herbalife
Herbalife

Gráinne Ní Ghillín

Fear péas, mainicín bicínithe, iriseoir spóirt, tógálaí, dearthóir grafaice, tiománaí leoraí, aisteoir a raibh páirt bheag aici sa scannán Batman is deireanaí.

Liosta é sin den ilghnéitheacht ceirdeanna a bhí ag cuid acu siúd a d’fhreastail ar mhór-imeacht in Köln na Gearmáine ag deireadh na míosa seo caite.

Bhí 15,000 duine as fud fad na hEorpa i láthair ag Extravanganza Herbalife cois Rhein. Díoladh gach ticéad don ócáid sa Lanxess Arena roimh ré. Bhí gach duine thar a bheith tógtha, ar ndóigh, sluaite móra acu ag búireach agus ag scairteadh in ard a gcinn.

Bhí ceol ard damhsa agus soilse gealánacha ann. Bhí físeáin snasta ar scáileáin mhóra a bhí ar crochadh ar fud an halla le meanma an tslua a choinneáil ard. Smaoinigh ar fhéile rac-cheoil nó ar na Cluichí Oilimpeacha agus beidh barúil mhaith agat den chineál atmaisféir a bhí ann.

Tá clú ar Herbalife mar chomhlacht a dhéanann táirgí bia le cuidiú le daoine meáchan a chailleadh. Is faoin Dochtúir Luigi Gratton a bhí teachtaireacht éagsúil a chraobhscaoileadh don lucht éisteachta, áfach, dáilteoirí neamhspleácha Herbalife sinn uilig.

“Cuidíonn na táirgí le gach duine saol folláin, gníomhach a chaitheamh. Ní cailleadh meáchain amháin atá i gceist leo."

Tá creatháin chothaitheacha agus deochanna fuinnimh ar na rudaí is mó díol agus tá sraith ar leith ann do lucht spóirt.

Caitheann Cristiano Ronaldo féin iad. De réir cosúlachta, is dáilteoir é a chol ceathrar sa Phortaingéil agus tá conradh urraíochta ag an imreoir sacair anois leis an chomhlacht.

Cé nach bhfuil a fhios ag duine ar bith go cinnte cé acu a chaith nó nár chaith Beckham táirgí Herbalife nuair bhí urraíocht á fáil aigesean, cuireadh in iúl dúinn go n-ólann Ronaldo na creatháin go rialta agus go mbíonn sé i dteagmháil leis an Stiúrthóir Spóirt agus Aclaíochta sa cheanncheathrú in Los Angeles gach lá.

Is cinnte nach bhfaca tú boscaí nó cannaí Herbalife ar na seilfeanna san ollmhargadh ná sa siopa sláinte áitiúil. Is amhlaidh a dhíoltar iad trí dháilteoirí neamhspleácha de réir an mhúnla chéanna a bhíonn in úsáid ag comhlachtaí mar Avon agus Forever Living.

Is iad na dáilteoirí a dhéanann an mhargaíocht uilig ar son an chomhlachta agus íoctar 73% den bhrabús leo. $6.4 billiún láimhdeachas Herbalife anuraidh, fás billiún dollar le hais na bliana roimhe sin.

Comhlacht mór atá ann. Bunaíodh é breis agus tríocha bliain ó shin agus tá dhá chineál ag obair leis: 6,000 de lucht corparáide agus ansin na dáilteoirí fuinniúla. Tá thart ar 2 mhilliún acu siúd ag feidhmiú in 89 tír ar fud an domhain.

Ag an extravaganza in Köln, bhí thart ar 250 duine ina suí san áit a bhí curtha ar leataobh ag baicle beag Éireannach dá gcomhthírigh.

Bhí blas na Liotuáine agus blas na Polainne ar roinnt mhaith acu, ach bratacha agus dathanna na hÉireann á gcaitheamh agus á gcroitheadh go mórtasach acu. Ba as Laois, Longfort, Corcaigh, Béal Átha an Rí, an Ómaigh agus Machaire Fíolta do dhaoine eile.

Éireannach é Des Walsh, uachtarán an chomhlachta. Fear mór rothaíochta atá sa phríomhfheidhmeannach, Action-Man ceart a rinne an chuid dheireanach den turas 150 km chomh fada le cathair Köln ar a rothar.

Ar úsáideoirí clúiteacha na n-earraí tá Madeleine Albright, iar-Rúnaí Stáit Mheiriceá atá anois 76 bliain d’aois. Thug sí óráid ón stáitse mór agus labhair sí ar ghné an daonlathais i gcomhlachtaí margaíochta il-leibhéil mar seo. “Tig le duine ar bith a ghnó nó a gnó féin a bhunú gan PhD san eolaíocht a bheith acu,” ar sí.

Is duine beag í Albright a bhfuil teacht i láthair mór aici. Luaigh sí an mheánaicme agus an tábhacht a bhaineann léi mar aicme mar is iad, dar léi, a éilíonn ar cheannairí an domhain a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh. “Cuireann an comhlacht seo le cruthú na meánaicme san áit nach bhfuil sí le fáil," ar sí.

I measc na gcainteoirí eile bhí dáilteoirí a bhfuil scór bliain agus tuilleadh caite acu ag tógáil a ngnónna. Thug siad comhairle shainiúil ar an dóigh leis an ghnó a eagrú agus a bhainistiú. Cuireadh dáilteoirí eile as tíortha éagsúla faoi agallamh, ina measc mic léinn as an Bheilg, lánúin as oileán beag sa Ghréig, bean tí as an Íoslainn atá ag súil leis an cheathrú páiste aici, agus traenálaí pearsanta as Albain.

Bhí ‘Slim Scotland’ ar na T-léinte ag foireann na hAlban. Sprioc shoiléir atá ann agus tá straitéis ar leith ann lena fíorú – agus tá an cur chuige céanna in úsáid i ngach tír eile. Tá clubanna aclaíochta nó caillte meáchain acu. Scaipeann siad an scéal faoi Herbalife i measc na gcomharsan agus mhuintir an bhaile, agus as sin isteach sna cathracha leo.

Is mar sin atá fás tagtha ar an chomhlacht seo le breis agus 30 bliain anuas agus is mar sin a tháinig rúnaí oifige, dlíodóir, oibrí feirme, múinteoir sciála, síceolaí, siamsóir páistí agus gruagaire ar bord.

Tá a gcuid sláinte ag dul i bhfeabhas, a deir siad, agus tá siad ag obair go dian dícheallach, ag snámh in aghaidh na heasa eacnamaíochta, lena ngnónna féin a thógáil ag cuidiú le daoine eile saol níos folláine a chaitheamh.

Close
Close