Conspóid CervicalCheck: Bean a raibh ailse cheirbheacs uirthi fós ag fanacht ar scairt ó FSS...

Ba é cás Vicky Phelan a chuir tús leis an chonspóid CervicalCheck.

Baineann an chonspóid le torthaí míchearta ailse a tugadh do mhná agus ar coinníodh eolas uathu. 

Trí bliana tar éis é a bheith ráite léi nach raibh aon rud mínormálta ag baint le torthaí a tástála smearaidh, fuair Vicky Phelan diagnóis go raibh ailse gan leigheas uirthi.

D’admhaigh Patrick Lynch, ó ardbhainistíocht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), nár cuireadh ar an eolas 162 bean as an 209, atá thíos leis an neamart, go raibh athbhreithniú déanta ar a gcás.

Chomh maith leis sin, tá FSS tar éis a rá go bhfuil 18 bean lena mbaineann an chonspóid faoin tseiceáil ailse i mbéal na broinne básaithe cheana.

Ní léir an de bharr na moille a bhásaigh siad go fóill.



Ó bhriseadh an scéal tá glaoch curtha ag breis agus 2,000 duine ar an líne chabhrach a bhunaigh FSS faoin chonspóid, agus go leor acu go fóill ag fanacht ar fhreagra ar ais.

Duine acu siúd ná Neasa Healy, atá ag fanacht coicís le scairt ar ais a fháil.

Chuaigh Neasa le haghaidh tástáil smearaidh sa bhliain 2009. Dúradh léi go raibh gach rud go breá, ach nuair a chuaigh sí ar ais in 2013, fuair sí amach go raibh ailse cheirbheacs uirthi.

I ndiaidh di dul faoin scian cúpla uair, rinneadh histireachtóime uirthi chun fáil réitithe leis an ailse.

Ach i mí Iúil seo caite, dúradh le Neasa, le linn scrúdú sláinte, go raibh loit ailse sa bhroin aici in 2009, rud a fuair siad amach nuair a rinneadh athbhreithniú ar a torthaí scrúdaithe ó 2009 - ar ndóigh ach níor thuig Neasa ag an am go raibh fadhb ollmhór leis an chóras.


Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an rialtas diongbháilte go dtiocfar ar an fhírinne faoi gach ar tharla sa chás seo atá i ndiaidh beatha na mban a chur i mbaol. 

Dúirt sé go bhfuil Vicky Phelan agus Emma Mhic Mhathúna beirt tar éis seirbhís a sholáthar don Stát, seirbhís nár cheart go mbeadh orthu a thabhairt. Dúirt sé fosta nach raibh aon fhocal aige a thabharfadh sólás do Emma, Vicky agus a dteaghlaigh.

Ar nós Vicky Phealan, tá Emma Mhic Mhathúna i measc an 208 bean a fuair torthaí tástála míchruinne, agus ar an drochuair tá Emma, a bhfuil cúigear de theaghlach uirthi, ag fáil bháis faoi láthair.



Tá bearta ceadaithe ag an Rialtas le cuidiú a thabhairt do na mná agus a dteaghlaigh atá buailte ag an scannal tástálacha ailse.

Tuigtear go bhfuil seirbhís chomhairleoireachta agus cártaí leighis i measc na mbeart seo.

Ina theannta sin, dúradh go mbualfadh ionadaithe le gach teaghlach agus go gcuirfí pacáiste tacaíochta ar fáil daofa.

Tá John Connaghan, Leas-Ardstiúrthóir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ceapaithe ag an Rialtas ina Ardstiúrthóir eatramach ar an Fheidhmeannacht in áit Tony O'Brien, atá éirithe as a phost.

Bhí Tony O'Brien i gceannas ar FSS le linn na n-eachtraí a bhaineann leis an chonspóid agus dúirt sé go gcomhoibreodh sé go hiomlán leis an réamhfhiosrúchán.

Close
Close