Bhí Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inné agus athbhreithniú breithiúnach á lorg acu. Ceadaíodh an éisteacht i mí Bealtaine 2016 mar gheall ar theip an Fheidhmeannais, dar le Conradh na Gaeilge, straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.
Faoi Chomhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006 dúradh go mbeadh ar an Fheidhmeannas glacadh le straitéis don Ghaeilge.
Dhírigh Karen Quinlivan, abhcóide ar son Chonradh na Gaeilge, a hargóint ar an bhéim a cuireadh ar na focail ‘glacadh le straitéis’ sa chomhaontú.
Deir Alt 28 D de Chomhaontú Chill Rímhinn:
“Strategies relating to Irish language and Ulster Scots language etc
(1) The Executive Committee shall adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and protect the development of the Irish language.
(2) The Executive Committee shall adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and develop the Ulster Scots language, heritage and culture.
(3) The Executive Committee-
(a) must keep under review each of the strategies; and
(b) may from time to time adopt a new strategy or revise a strategy.’’
Dúirt Karen Quinlivan go raibh dualgas ar an Fheidhmeannas glacadh le straitéis don Ghaeilge. Dúirt sí gur cuireadh straitéis faoi bhráid an rialtais ach nár glacadh léi. Dúirt sí go raibh sé de cheart ag an Fheidhmeannas leasuithe a dhéanamh ar an straitéis agus an dualgas orthu glacadh léi laistigh de thréimhse ama réasúnta.
Dúirt sí go raibh an dualgas ar an Fheidhmeannas glacadh leis an straitéis agus ní hamháin díospóireacht a bheith acu faoin straitéis. Dúirt sí nach bhfuil a leithéid de straitéis i bhfeidhm go fóill ó thuaidh.
D’fhoilsigh Carál Ní Chuilín, an tIar-Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta straitéis 20 bliain don Ghaeilge sa bhliain 2015 i ndiaidh próisis chomhairliúcháin phoiblí a chur ar bun agus i ndiaidh di í a chur faoi bhráid airí eile.
Níor ghlac an Feidhmeannas leis an straitéis sin agus dúirt Karen Quinlivan ar son an Chonartha gur i gcoinne Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhí sé nach ndearnadh rud ar bith eile ina dhiaidh sin chun aontú ar straitéis agus chun glacadh le straitéis.
Níor cuireadh straitéis don Ghaeilge ar Chlár Rialtais na bliana seo chuaigh thart.
Dar le cás an Chonartha, tá an Feidhmeannas tar éis an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh a sharú fosta.
Dhiúltaigh Tony McGleenan ar son an Fheidhmeannais gur “sham-process” a bhí i measúnú an Fheidhmeannais.
Dúirt Tony McGleenan go ndearnadh measúnú ceart ar an dréacht-straitéis agus gur measúnú cáilíochtúil ar na pleananna a bhí ann.
Rinne sé cur síos sa chúirt ar an phroiséas measúnaithe a thosaigh sa bhliain 2012 nuair a cuireadh straitéis don Ghaeilge san áireamh i gClár an Rialtais.
Dúirt sé go ndeachaigh an Feidhmeannas i ngleic leis an straitéis nuair a cuireadh í os a chomhair.
Deir Conradh na Gaeilge gur ag sarú dualgais reachtúil atá an Feidhmeannas agus tá ordú breithimh á lorg acu chun iarraidh ar an Fheidhmeannas pleananna ar mhaithe le caomhnú agus le forbairt na Gaeilge a chur i bhfeidhm.
Ní dhearna an Breitheamh Maguire breithiúnas inné agus dúirt sé go ndéanfadh sé dianscrúdú ar na caipéisí agus ar an chás a cuireadh faoina bhráid.