Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann – Constaic d'fhorbairt na Gaeilge?

Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann – Constaic d'fhorbairt na Gaeilge?

Tá Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann (NI Equality Commission) ag déanamh dochair do chearta Gaeilgeoirí agus do chearta mionlaigh ó thuaidh agus iad ag comhlíonadh dualgais ‘dea-chaidrimh’, dar leis an tuarascáil ‘Unequal Relations?’

Sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste um Riaradh an Cheartais (CAJ) ar maidin, cuirtear i leith Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann (CCTÉ) go bhfuil níos mó béime curtha acu ar ‘dhea-chaidreamh’, polasaí chothú síochána, in áit chothú an chomhionannais, go háiríthe i gcás na Gaeilge.

Deir an tuarascáil nach ionann léamh an CCTÉ ar chás na teanga agus a léamh ar aighneas bhrat an Aontais. Níor leagadh an bhéim chéanna ar ‘dhea-chaidreamh’ i gcás an bhrait, dar leis an Choiste um Riaradh an Cheartais.

Cearta Teanga

Dúirt an Coimisiún Comhionannais go raibh díomá orthu leis an tuarascáil. Diúltaíonn an Coimisiúin glacadh leis go bhfuil dualgais dea-chaidrimh ag baint an bhoinn ó chearta comhionannais.

Is féidir aisfhreagairt an Choimisiúin a léamh anseo.

Measúnacht Tionchair Chomhionannais (Equality Impact Assesments) agus an Ghaeilge

Faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta (Alt 75), tá sé de dhualgas ar eagraíochtaí pobail tabhairt faoi Mheasúnaithe Tionchair Chomhionannais lena ndualgais reachtúla a chomhlíonadh.

In 2007, d’athraigh CCTÉ a bpolasaí i léith Mheasúnaithe Tionchair Comhionannais agus d’fhogair siad go mbeadh ar rannóg pobail dualgais ‘dea-chaidrimh’ a mheas, chomh maith le comhionannas.

De réir na tuarascála, iarradh ar eagraíochtaí pobail a chinntiú ina gcuid Measúnaithe nach bhféadfaidh a chur ina leith go raibh tionchar diúltach ag a bpolasaithe ar aon chuid den phobal nó ar dhea-chaidreamh sa phobal sin.

Deir an tuarascáil; “Cur i gcás… dá mholfaí gníomh fiúntach don mhionlach agus dá ndéanfadh an mórlach le cumhacht na polaitíochta gearrán faoin ghníomh seo. Siocair an ghearráin úid, déantar an gníomh a mheas mar ‘thionchar diúltach’ ar ‘dhea-chaidreamh’ agus ní leantar leis.

Am na cinniúna do chomhionannas agus dea-chaidreamh

Ar 23 Bealtaine, d’fhoilsigh Oifig an Phríomhaire agus an Leas-Phríomhaire cáipéis ‘Together; Building a United Community Strategy.’ Moladh sa chaipéis ainm an Choimisiúin Chomhionannais a athrú go dtí ‘An Coimisiún Comhionannais agus Dea-Chaidrimh’.

Tá an téarma ‘dea-chaidreamh’ luaite 179 uair sa doiciméad – gan aon sainmhíniú ag gabháil leis.

Faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá feidhm reachtúil ag an Choimisiúin breithniúcháin a dhéanamh ar dhualgais chomhionannais agus dea-chaidrimh i bpolasaithe na n-eagraíochtaí pobail.

Maíonn an tuarascáil áfach go bhfuil go leor samplaí ann nuair a bhí a mhalairt de scéal fíor.

Comharthaí
Comharthaí

An Ghaeilge agus ‘dea-chaidreamh’

Deir an tuarascáil go bhfuil an seasamh atá ag CCTÉ faoi ról na Gaeilge i gcaidreamh pobail ó thuaidh ag cur sriain ar an méid tacaíochta don teanga sa mhórphobal.

I mí Feabhra na bliana seo, bhronn Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann £200,000 d’infheistíocht iomlán ar luach £1 milliún le haghaidh comharthaíochta i gceantar Dhún Pádraig ar an choinníoll go mbeidh na comharthaí i mBéarla amháin.

Deir an Creat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint (FCNM) go raibh ‘dea-chaidreamh’ á úsáid le cosc a chur ar chomharthaí dátheangacha sa chás seo.

“Is ábhar imní a cluinstin go bhfuil ionadaithe ó chomhairlí ag maíomh go ndéanfaidh cur chun cinn na Gaeilge leithcheal ar an mhórphobal,” dar leis an Creat-Choinbhinsiún.

Tá sé ráite ag saineolaithe teanga i gComhairle na hEorpa nach bhfuil aon fhianaise ann a chruthaíonn go mbíonn tionchar diúltach ag comharthaí dátheangacha ar chomhionannas deiseanna sa mhórphobal.

An Ghaeilge agus Albanais Uladh

Deir an Coiste Saineolaí (COMEX), a dhéanann monatóireacht ar achtú na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, gur diúltaíodh maoiniú don Ghaeilge siocair “éilimh mhíchuí ar son cothromaíochta idir an Ghaeilge agus an Ultais” nuair nach raibh fáil ann a mhacasamhail a chur ar fáil d’Albainis Uladh.

Deir COMEX go ndearnadh moltaí áiríthe stad a chur le maoiniú na Gaeilge go dtí go mbeadh an fhorbairt chéanna bainte amach ag an Ultais.

Tá sé ráite ag COMEX áfach nach féidir an Ghaeilge agus Albainis Uladh a thomas leis an tslat chéanna agus go gcuirfeadh a leithéid i gcoinne forbairt a chéile.

Codarsnacht idir ‘dea-chaidreamh’ i gcás na Gaeilge agus Brat an Aontais

Tá codarsnacht le sonrú sa tslí inar chuir CCTÉ comhairle dhea-chaidrimh ar fáil faoi aighneas na mbratach le déanaí agus faoin Ghaeilge. De réir na tuarascála, is beag trácht a rinneadh ar dhualgais dea-chaidrimh i gcás bhrat an Aontais.

Tá éagsúlachtaí móra le sonrú i measúnacht CCTÉ faoin teanga:

“Agus iad ag déanamh breithnithe ar pholasaithe teanga, bíonn ‘tionchair diúltach’ le sonrú siocair gur ábhar cinntitheach agus suntasach í an Ghaeilge.

“Go hiondúil, cuireann CCTÉ fianaise chun tosaigh go bhfuil líon níos mó Caitliceach ag labhairt Gaeilge i gcomparáid le Protastúnaigh.”

Ní luíonn léamh an CCTÉ ar dhea-chaidreamh le freagrachtaí idirnáisiúnta i leith cearta mionteangacha, dar leis an Choiste um Rialú an Cheartais (CAJ).

Deir an CAJ go bhfuil bonn á bhaint de thionscnaimh chomhionannais agus tionscnaimh chearta-bhunaithe mar gheall ar an tslí a ndéanann CCTÉ dualgais ‘dea-chaidrimh’ a mheasúnú.

Comhairle an Choimisiúin ag teacht salach ar Chreat-oibrí Idirnáisiúnta

Tá imní léirithe ag Comhlachtaí Monatóireachta Cearta Daonna go dtagann dualgais dea-chaidrimh CCTÉ salach ar fhreagrachtaí cearta daonna na Ríochta Aontaithe.

Deir COMEX nach féidir comparáid a dhéanamh idir ghníomhanna a chuidíonn le mionteanga agus leithcheal i gcoinne chainteoirí na mórtheanga.

Rinneadh tagairt sa tuarascáil do chomhairle a chuir CCTÉ ar fáil i 2003 nuair a mhol siad cosc a chur ar an Ghaeilge san Ionad Oibre… “We would be concerned that on the basis of information provided in your letter employers may feel the safest option is to simply ban the use of Irish in the workplace.”

Polasaí dátheangach
Polasaí dátheangach

Constaic teanga – Polasaithe Pobail le ‘tionchar diúltach’

Chuir an Coimisiún comhairle ar eagraíochtaí pobail faoi Mheasúnaithe Tionchair Chomhionannais ag rá leo gur ‘tionchar diúltach’ iad ‘polasaithe ar a bhfuil sprioc acu’.

Mhol an Choimisiún do na heagraíochtaí polasaithe eile a roghnú sna cásanna úd. Deir an CAJ go mbaineann an cleachtas seo ó dualgais chomhionannais.

Deir an Coimisiúin Chomhionannais nach ndéanann siad féin cinneadh cad is ‘tionchar diúltach’ ann, ach go gcuireann siad comhairle ar eagraíochtaí pobail nuair a aithníonn siad féin a leithéid.

De réir na tuarascála nua, is a mhalairt de scéal a bhí fíor i nDoire nuair a mhol Comhairle Chathair Dhoire ainm oifigiúil na cathrach a athrú ó ‘Londonderry’ go ‘Derry’. Dúirt an Coimisiún go mbeadh ‘tionchar diúltach tromchúiseach’ ann cé nár tháinig an Chomhairle féin ar an chinneadh sin.

Ag an am, dúirt an Coimisiúin “nár chóir go mbeadh déantús polasaí bunaithe ar mhianta an mhórlaigh amháin.”

De réir an CAJ go bhfágann a leithéid do chinntithe go bhfuil cúiseanna neamhréir ann i leith an Choimisiúin agus comhairle éagsúil curtha ar fáil acu ar shaincheisteanna mionlaigh agus ar chearta chainteoirí Gaeilge.

Close
Close