Dónal Mac Uilliam
Breis agus 70 bliain ó shin, bhí an Spáinn in aimhréidh pholaitiúil, shóisialta agus chogaíochta.
I ndiaidh poblacht bheith ar bun sa stát ar feadh cúig bliana, reachtáil an t-arm ceannairc in éadan an rialtais tofa, éirí amach a bhí faoi cheannas an Ghinearáil Francisco Franco.
Mhaígh Franco agus a chuid tacadóirí go raibh an t-éirí amach faisisteach olagarchach s’acu ina chrosáid naofa Chaitliceach in éadan fhórsaí an Chummanachais.
Mar a dúirt An Ginearál Franco é féin:
“Is crosáid é coimhlint na Spáinne! Mar shaighdiúirí Dé iomparaíonn muid soiscéalachas an domhain!”.
In Éirinn, áit a bhfuil stair fhada chasta le cráifeacht, creideamh agus críostaíocht – cuirimis ceist, cén fáth a ndeachaigh Éireannaigh chun na Spáinne le tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Spáinne i gcoimhlint dá leithéid, in éadan an fhaisisteachais?
Cad é mar a bhí siad ábalta an scoilt sheicteach a shárú i sochaí na hÉireann le theacht le chéile faoi bhrat an fhrith-fhaisisteachais le dul i gcabhair ar Phoblacht na Spáinne?
Agus cad é mar a scar óglaigh an fhírinne ó na bréagscéaltaí a bhí á spalpadh ó champa Franco agus ó chrannóg na hEaglaise Caitlicí?
Tá clú agus cáil ar Éirinn as a craifeacht ó thaobh na críostaíochta agus an Chaitliceachais de.
Ní nach ionadh mar sin go raibh frithghníomhú chomh láidir ann ó mhuintir na hÉireann nuair a chonacthas ceannlínte dá leithéid seo i bpáipéir nuachtáin na linne:
“Orphanage Blown up in Spain! Nuns and Orphans killed!”
Bhí ceannlínte mar seo le feiceáil ar bhonn laethúil sna nuachtáin mhóra ar fud fad na hÉireann sna 1930í.
Is fada an fhulaingt a bhí ag Caitlicigh na hÉireann mar gheall ar an chreideamh s’acu féin faoi chois na Sasana.
Is mar gheall air seo a bhí an oiread sin dílseachta ag an phobal in Éirinn don Eaglais Chaitliceach, agus í mar chrann taca acu leis na cianta fada daoirse.
Is furasta a thuigbheáil an dóigh a ndeachaigh an bhréagaisnéis seo i bhfeidhm orthu.
Bhí an gnáthphobal sásta glacadh le focal na heaglaise i dtaca leis na cúrsaí seo gan cheist agus is dá dheasca an trusta seo go raibh an Eaglais ábalta an bholscaireacht ar son Franco a scaipeadh go furasta i measc na ndaoine.
Bhí dearcadh na hEaglaise Caitlicí ríshoiléir ó thaobh an chogaidh de ó thus na coimhlinte sa Spáinn.
Ar an 13ú Deireadh Fómhair 1936, d’eisigh cruinniú d’ Easpaig na hÉireann, i Maigh Nuad ráiteas a cháin féinchosaint dhlisteanach na Dara Poblachta in éadan coup d’état na nginearál faististeach mar: “…the battle of Christendom against the subversive powers of Communism.”
D’eagraigh Easpaig na hÉireann agus an Fronta Criostúil bailiúcháin ar son Franco i dtithe pobail agus scaip siad bolscáireacht ar mhaithe le frithphoblachtanas reiligiúnach a chothú i measc daoine.
Dá bhrí sin, bhí sé de dhualgas ar a leithéid Seán Murray agus Peadar O’Donnell, chomh maith le baill cheannródaitheacha na cléire ar nós an Ath. Uí Fhlanagáin an chaimiléireacht bhréagreiligiunach seo a nochtadh.
Mar a mhaíonn Michéal Ó Ríordáin, óglach de chuid Pháirtí Cumannach na hÉireann (CPI):
“The old tradition of progressive struggle of solidarity with peoples fighting for their freedom elsewhere could be stifled but not completely killed”
Eagraíodh cruinnithe le dul i ngleic le feachtas na mífháisnéise seo agus is as na cruinnithe áitiúla seo a spreagadh fir óga lena dtír dhúchais a fhágáil chun aghaidh a thabhairt ar an Spáinn agus ar na faisistigh, cé go raibh a gcuid creidimh reiligiúnaigh ag teacht lena naimhde.
Mar shampla, Eamon McGrotty as Doire, a bhí ina Bhráthair Críostaí. Cé gur bráthair agus caitliceach a bhí ann, bhí sé ar buile leis an tacaíocht a bhí á tabhairt do Náisiúnaithe Franco ón Eaglais.
Ní amháin na huafáis sa Spáinn a chuir an bráthair bríomhar óg seo i dtreo na polaitíochta sóisialaí ach an leithcheal laethúil a léiríodh agus é ina mhúinteoir.
Mar a dúirt a dheartháir féin: “It was teaching children with no shoes… which made Eamon a socialist.”
Gidh gur Bráthair Críostaí a bhí in Eamon ar imeacht chun na Spáinne dó, ní dhearna an Eaglais comhbhá lena theaghlach nuair a fuair sé bás le linn Chath Jarama i Mí Feabhra 1937.
Dhiúltaigh Easpag Dhoire, An tEaspag Ó Catháin, aifreann cuimhneacháin a rá ar a shon.
Is fíor a rá gur thuig McGrotty go raibh cosúlachtaí contúirteacha ann idir éagothroime i sochaí na hÉireann agus an faisisteachas a bhí ag scaipeadh ar fud na hEorpa, fírinne a bhí míchompordach don Eaglais.
Dúirt a dheartháir Eamon: “He went to Spain because of his knowledge about the danger of advancing fascism in Europe”
Chreid McGrotty nach raibh neamhréiteach ar bith i gceist leis i dtaca lena chreideamh réiligiúnach agus é dubh in éadan an fhaisisteachais.
Bhí Robert (Bob) Hilliard, Ministir de chuid Eaglais na hÉireann arbh as Ciarraí ó dhúchas dó, ar aon intinn le McGrotty.
B’ionann na spreagthaí a bhí aige dul leis na Briogáidí Idirnáisiúnta agus a chomradaithe Caitliceacha.
Léiríonn sé seo na comhchosúlachtaí a bhí ann idir an frithfhaisisteachas agus teagaisc na críostaíochta ar an chothromaíocht agus ar an chomhionannas.
I litir a scríobh Hilliard dá theaghlach tamall gairid roimh a bhás i mí Eanáir 1937, thug sé cur síos beacht ar na fáthanna a bhí aige páirt a ghlacadh i gCogadh na Spáinne:
“I still hate fighting but this time it has to be done. Unless fascism is beaten in Spain it means war and hell for our kids”
Is fiú a lua, cé gur éirigh McGrotty agus Hilliard as na rólanna eaglasta s’acu sula ndeachaigh siad chun na Spáinne, is ón eispéireas a bhí acu mar Bhráthair agus mar Mhinistir a fuair siad a spreagadh frithfhaisisteach.
Bhí James Haughey, as An Lorgain i gCo. Ard Mhacha, cosúil le Hilliard agus McGrotty sa dóigh sin.
Bhí sé ina Chaitliceach dílis ach ina shóisialaí tiomanta chomh maith.
Bhí Haughey in ann an fhírinne a aithint sa choimhlint agus na bunphrionsabail a bhí aige a choinneáil.
Dá bhrí sin thaistil sé chun na Spáinne i mí na Bealtaine 1938. I ndiaidh dó bheith páirteach i gCath an Ebro, cuireadh Haughey sa tsluachampa géibhinn San Pedro Cardena i mí Mhéan Fomhair 1938.
Ba é sa sluachampa géibhinn seo a bheadh taithí ag Haughey féin d’fhírinne na ‘crosáide naofa’ de chuid Franco.
I gcuideachta Haughey, i gcillín a bhí foirstineach do 50 duine, bhí 400 priosúnach eile, sagairt ó Thír na mBascach agus ón Asturias ina measc.
I rith an Chogaidh Chathartha, in aineoinn na bolscaireachta ó champa Franco a léirgh t-an éirí amach faisisteach mar choimhlint na críostaíochta, rinne na faisistithe slad ar chléire agus ar phobal Thír na mBascach, ar phobail na Catalóine agus ar phobal Asturias.
Maraíodh na mílte ag buamadóirí eitleáin an Condor Legion (mar a léirigh Picasso ina shaothar cáiliúil ‘Guernica’) agus cuireadh mílte eile i gcampaí bpríosúin.
Is cinnte go ndeachaigh an bhearna sheicteach in Éirinn i bhfeidhm ar óglaigh Éireannacha sna Briogáidí Idirnáisiúnta.
In aineoinn an stró reiligiúnaigh i sochaí na hÉireann, chloígh na hóglaigh an scoilt reiligiúnach seo le díriú isteach ar scrios an fhaisisteachais.
Tá siombalachas speisialta ag baint leis an chéad bheirt Éireannach a chuaigh chun na Spáinne go díreach ón Tuisceart, Fred McMahon agus Joe Boyd – McMahon ina Phréisbitéireach agus Boyd ina Chaitliceach.
D’imigh siad ó Bhéal Feirste, a gcathair dhúchais, i mí Mheán Fómhair 1936 mar bhaill de ghrúpa otharcharr a tháinig as Glas Chú na hAlban.
Baill de Pháirtí Sóisialach Bhéal Feirste a bhí iontu agus ar imeacht dóibh, cuireadh fáilte rompu ó lucht tacaíochta, ón dá thaobh den bhearna sheicteach.
Bua soiléir é seo ó thaobh na dlúthpháirtíochta frithfhaisistí de.
Anois agus Cogadh Cathartha na Spáinne críochnaithe, cad é an dóigh is fearr chun seirbhís laochúil a chomóradh do bhaill na mBriogáidí Idirnáisiúnta?
Trí dhealbh, agus a leithéid, amháin? Ní hé.
Is í an dóigh is fearr agus is fóirsteanaí cuimhneachán a dhéanamh orthu ná a n-éiseamláir a leanúint agus a choinneáil beo: an íobairt; an dhlúthpháirtíocht; agus an neart le dul i ngléic le héigeartas.
Sin oidhreacht na nÓglach Éireannach leis na Briogáidí Idirnáisiúnta. Ná déanaimis dearmad orthu.