Clásal coinsiasa - Céim Siar?

Clásal coinsiasa - Céim Siar?

Michaeline Donnelly

Le Leo Varadkar ag teacht amach inné mar fhear aerach, le reifreann ar phósadh comhghnéis ar na bacáin i mí Bealtaine, agus leis an Chlásal Coinsiasa nó Conscience Clause molta sna sé chontae, tá an cheist Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach (LADT) go mór i mbéal an phobail in Éirinn faoi láthair, thuaidh agus theas.

Ach le cúlú ó thuaidh seachas dul chun cinn, caithfear an cheist a chur – cén fáth a bhfuil muid chomh fada siar ó thuaidh i gcomparáid lenár gcomhpháirtithe ó dheas?

Dar ndóigh, bhí Twitter trí thine i ndiaidh fhógairt Varadkar, é uilig dearfach. Déanta na fírinne, an t-iontas is mó a bhí ar dhaoine ná nach raibh ach 36 bliain ag an Aire Sláinte!

Cé gur tháinig an Eaglais Chaitliceach amach i gcoinne pósadh comhghnéis díreach roimh an Nollaig, léirigh an phobalbhreith is déanaí go mbeadh 71% den daonra sna sé chontae is fiche ag vótáil i bhfabhar an phósta aeraigh.

Comhartha eile a bheadh i gceist le ‘yes vote’ go raibh tionchar na heaglaise ag laghdú i dtír a bhí faoi chois ag an eaglais chéanna tráth den tsaol.

Scéal eile ar fad atá ann ó thuaidh, áit a bhfuil tionchar nach beag ag an reiligiún ar cúrsaí aeracha, go háirithe leis an Bhille Comhalta Phríobháidigh atá molta ag Paul Givan ón DUP le ‘Conscience Clause’ a thabhairt isteach sa reachtaíocht.

Tá an Céad-Aire Peter Robinson ag tacú go láidir leis an bhille a ligfeadh do ghnóthaí gan seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine aeracha ar bhonn reiligiúnda.

Mar is eol dúinn, tá stair ag clann Robinson agus an DUP le cúrsaí aeracha.

Ba í a bhean chéile Iris Robinson a dúirt go raibh homaighnéachachas níos measa ná mí-úsáid páistí, agus go dtiocfadh léi síceolaí a mholadh a bheadh in ann daoine aeracha a ‘leigheas’.

Tá an páirtí féin ag iarraidh bac a chur ar phósadh aerach le fada, agus tá Edwin Poots ann ón pháirtí céanna, a bhfuil iarrachtaí dlíthiúla déanta aige bac a chur ar pháirtithe sibhialta ag uchtú páistí, agus cosc saoil a choinneáil ar fhir aeracha ag tabhairt fola.

Thosaigh an raic uilig mar gheall ar chás cúirte atá á thógáil ag an Choimisiún Comhionannais ó thuaidh i gcoinne Ashers Bakery, a dhiúltaigh glan ciste a dhéanamh a raibh teachtaireacht air ag tacú le pósadh aerach.

Dúirt triúr ón DUP, William McCrea, Nigel Dodds agus Sammy Wilson, ag an am go raibh leatrom á dhéanamh ag an Choimisiún ar an teach báicéireachta, agus nár cheart go mbeadh airgead poiblí caite sa bhealach seo.

Ag comhdháil an DUP i mí na Samhna díoladh cistí ó Ashers, agus bhí bailiúchán ann le cuidiú leis na costais dlíthiúla.

Suimiúil go leor, ní amháin go bhfuil an DUP in éadan chás cúirte an choimisiúin comhionannas, ach tá gníomhaí mór i gcearta LADT, Jeffrey Dudgeon i ndiaidh teacht amach le rá gur cheart stop a chur leis mar gur cás samplach é, agus go bhfuil rudaí ag dul ‘thar fóir’ sa treo sin.

Cibé rud faoin chás cúirte, tá léirithe ag an DUP arís is arís eile nach amháin go bhfuil easpa measa acu ar an phobal LADT, ach nimh agus gráin phearsanta ina n-éadan.

Tá achainí tosaithe ag bean ón Ómaigh i gcoinne an Chlásail Choinsiasa ar change.org, atá sínithe ag breis agus 18,000.

Tarraingíodh aird an phobail idirnáisiúnta ar an chás nuair a luaigh Stephen Fry, atá i ndiaidh céile s’aige a phósadh an tseachtain seo caite, an achainí ar Twitter.

Dúirt sé ar a bharr sin; ‘To be “slammed” by the bigots of the DUP is to be bathed in light and kissed by angels. I am content.’

Ar a laghad, tá páirtithe eile ag labhairt amach i gcoinne an chlásail seo, ina measc Sinn Féin, an SDLP agus Páirtí an Chomhaontais.

Beidh léirsithe i mBéal Feirste, i nDoire agus ar an Iúr ar an 31ú i gcoinne an chlásail, agus tchífidh muid ansin go bhfuil formhór na ndaoine anseo ar son comhchearta do gach duine, agus nach bhfuil muid sásta ligint do bhaicle beag biogóidí muid a tharraingt siar.

Close
Close