Léargas ar na círéibeacha ó thuaidh

An 29ú Márta bhris círéib amach i gceantar aontachtach i gCathair Dhoire. Cúrsaí Brexit agus tórramh Bobby Storey a bhí á lua ar dtús i measc na gcúiseanna taobh thiar den trioblóid. Tharla amhlaidh i mBéal Feirste an oíche dár gcionn agus lean an trioblóid ar aghaidh ar feadh coicíse beagnach. Is léir anois go bhfuil rudaí eile chomh maith ag spreagadh daoine óga le dul amach ar na sráideanna.

Labhair Meon Eile leis an Dr Ian Malcom, tráchtaire aontachtach, faoin chúis na troiblóide. Luaigh sé go bhfuil daoine fásta ann atá ag tacú le daoine níos óige agus iad i mbun na gcíréibeacha.

Bhí Dan Ó Murchú, atá ina ghníomhaí pobail leis an Beechmount Residence Collective, ar an láthair le linn na trioblóide agus é ag iarraidh ar na daoine óga stop a chur lena raibh ar siúl acu. D'inis sé dúinn faoin mhéid a chonaic sé agus é ann.

Agus labhair muid le Mary Durkan a léirigh na deacrachtaí atá roimh dhaoine óga an lae inniu anseo i dTuaisceart na hÉireann agus an tacaíocht bhreise is ceart a chur ar fáil dóibh.

Close
Close