Ciorruithe á mbagairt ar chúrsaí oiliúna ó thuaidh

Deir an Stiúrthóir ar an Ionad Foghlama Cruthaiteach go mbeidh a gcúrsaí oiliúna i mbaol a ndúnta má léantar le ciorruithe atá á moladh ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta.

Cuireann an tIonad nó ‘Nerve Belfast Creative Learning Centre’ oiliúint scannánaíochta agus ealaíne ar fáil do bhreis agus 120,000 duine ó thuaidh gach bliain.

Léirigh dréachtbhuiséad na Roinne Cultúir ciorrú de 50% ar bhuiséad an Ionaid Fhoghlama, atá mar chuid de Scáileán Thuaisceart Éireann.

“Ba cheart go mbeadh infheistíocht á déanamh i bhfás na earnáile, seachas gearradh siar,” a deir Máire Mhic Dhomhnaill ó Choláiste Feirste.

Bhí an tréimhse chomhairliúcháin do bhuiséad na Roinne in ainm is bheith críochnaithe ar an tseachtain seo caite ach cuireadh síneadh ceithre seachtaine leis go dtí 9 Márta.

Tuigtear do Meon Eile go bhfuil measúnacht tionchair comhionannais á dhéanamh ar mholtaí na Roinne faoi láthair.

Dúirt an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le Meon Eile nach bhfuil leithdháileadh deiridh déanta acu ar a buiséad fós, agus go bhfuil tacaíocht curtha ar fáil ag an Aire d’obair na n-Ionaid Foghlamtha Cruathaitheacha.

Ciorraithe a bhagairt ar an Ionad Foghlamtha Cruthaitheach
Close
Close