Ian Malcolm
Is minic na sceana amuigh i saol na polaitíochta ach cuireadh i dtaisce iad an tseachtain seo chun ómós a dhéanamh d’iarChéad-Aire Thuaisceart Éireann Ian Paisley.
Fiú ar Chnoc Stormont, ní raibh focail ghangaideacha le cloisteáil sa tseomra díospóireachta fhad is a bhí polaiteoirí ó achan pháirtí i mbun óráidí faoi leagáid is oidhreacht an Fhir Mhóir. Cibé tuairim atá agat air, is fíor go bhfuil bearna mhór fágtha ina dhiaidh.
Ach, agus polaiteoir i ndiaidh polaiteora ar a gcosa, ba léir go raibh na dallóga dúnta ag cuid acu go sealadach toisc nach fada ó bhíothas á cháineadh go géar, go háirithe eilimintí a bhíodh mar chairde aige ar an oilithreacht pholaitiúil leis tráth.
Ar an lámh eile, bhí sé follasach gur tháinig cuid de na focail mholta ó chroíthe na gcainteoirí – cuirim i gcás Leas-Chead-Aire an Tuaiscirt, Martin McGuinness, a labhair go cneasta ar a chaidreamh pearsanta féin leis ‘The Doc’.
Ní dóigh liom go raibh cur i gcéill ar bith i gceist leis an méid a dúirt sé. In ainneoin achan rud a bhí tuartha roimh ré, agus iad ar tí dul i mbun comhrialtais in 2007, d’éirigh leo beart dochreidte a dhéanamh – agus é a dhéanamh le meangadh gáire orthu i gcónaí.
Déan comparáid idir an cur chuige s’acusan agus an caidreamh fuar, sioctha atá le brath sa pháirtíocht chiotach, amscaí idir McGuinness agus Peter Robinson, comharba Paisley.
Go deimhin, is ar mo bhealach isteach sa charr go dtí mo láthair oibre a chuala mé an scéal – díreach tar éis a bheith ag éisteacht le clár BBC ina ndearnadh uair iomlán de chaint ar dheacrachtaí na beirte agus an próiseas polaitiúil faoi láthair.
Nuair a d’imigh Paisley den stáitse tháinig claochlú mór ar rudaí mar gheall ar nach raibh cairdeas na ‘Chuckle Brothers’ ann a thuilleadh. Bhí deireadh le ré an gháire inár gcóras polaitiúil agus sílim go pointe go bhfuil muid thíos leis dá bharr.
Ní féidir saol fada polaitiúil a bheith agat gan namhaid a dhéanamh ach ba bhrónach an dóigh inar cuireadh deireadh le ré Paisley, a pháirtí á bhrú amach gan dínit agus an eaglais a bhunaigh sé ag déanamh mar an gcéanna.
Ba fhollasach sna hagallaimh a rinne sé ar an BBC le hEamonn Mallie, go raibh searbhas ann. Labhair sé go borb fúthu siúd a bhí i mbun stocaireachta taobh thiar dá dhroim – iad ag plotáil lá a imeachta go míthrócaireach.
Ach sin an pholaitíocht duit – nárbh fhéidir le ceannaire nó dhó de chuid Fianna Fáil an gearán céanna a dhéanamh!
Ceist mhór atá ann anois, ar ndóigh, is ea ceist an DUP féin. Meastar go bhfuil Peter Robinson ag teacht faoi bhrú agus ní fios cén toradh a bheadh ar an chóras pholaitiúil reatha dá bhfaighfí réidh leis.
Cé a thiocfadh i gcomharbacht airsean? Ní fiú sin a phlé anois – tá mé ag ceapadh go mbeidh neart ama as seo amach an ceann sin a iniúchadh go géar.
Ach d’athraigh imeacht Paisley (agus ní ag caint ar a bhás atá mé ach ar a imeacht) a lán rudaí. Go dtí sin, dar liom, bhí an DUP agus SF ar an dul chéanna – dhá monailit dobhriste a bhí chomh seasmhach leis na Beanna Boirche.
Pléadh go ciúin le fadhbanna inmheánacha; fuarthas réidh leo siúd nach raibh ag teacht leis an ‘líne oifigiúil’ agus rinneadh beag is fiú de lucht a gcáinte. Ar an dóigh seo, mhair an íomhá – páirtithe ar an iomann chéanna i gcónaí, duine ar bith as tiúin.
Tá an nósmhaireacht sin le brath go fóill i Sinn Féin ach tháinig an traidisiún chun deiridh le himeacht Paisley. Tar éis na mbeart, nárbh eisean an té a bhunaigh an páirtí ach bhí lucht na comhcheilge fós in ann é a dhíbirt.
Ba é Paisley a thug an DUP go barr an tsléibhe, eisean a chloígh David Trimble agus freasúra Aontachtach eile. Rí na nAontachtach a bhí ann. Ní mar sin atá Peter Robinson, atá ag breathnú thar a ghualainn i dtreo Jim Allister agus an TUV.
Fuair Paisley réidh le cibé ‘bagairt’ a bhí ann. Ach tá an ‘bhagairt’ ag ardú arís agus ní thig a bheith cinnte go mbeidh sé ar chumas Robinson, nó ceannaire eile DUP, an namhaid a chiceáil isteach sa díog go furasta.
Fiú sna blianta ó d’imigh Paisley mar Chéad-Aire, tá athruithe tagtha ar an tsaol pholaitiúil sa Tuaisceart. Tá contúirtí ann i gcónaí agus tá géarghá le polaiteoirí samhlaíocha a bhfuil an pobal mar thosaíocht acu.
Is cinnte go raibh an tsamhlaíocht ag Ian Paisley sa deireadh.
Ní féidir a shéanadh nach mbeidh a leithéid arís ann.