Ceist Chomhionannais - ''Pobal na Gaeilge ar son YesEquality''

Ceist Chomhionannais - ''Pobal na Gaeilge ar son YesEquality''

An Reifreann ar Chomionannas Pósta

Le Lisa Nic an Bhreithimh

Pobal

Dé Sathairn 14 Márta, tháinig grúpa le chéile i gceartlár Bhaile Átha Cliath chun ceist an Reifrinn ar Chomhionannas Pósta a phlé trí Ghaeilge.

Mheas an grúpa nach raibh go leor daoine ag plé ceisteanna móra an reifrinn trí Ghaeilge – sna meáin chumarsáide, ar na meáin shóisialta agus fiú i suíomhanna sóisialta.

Mheas siad gur cheart go dtiocfadh daoine le chéile timpeall na tíre le dul amach i mbun cainte le pobal na Gaeilge faoin reifreann ina dteanga féin, le ceisteanna an phobail a fhreagairt i nGaeilge agus é a chur chun cinn níos mó sna meáin Ghaeilge.

Is í tuairim an ghrúpa ná go mbaineann an reifreann seo le gach duine sa tír, as gach ceantar, i ngach aoisghrúpa.

Creideann an grúpa go mbaineann an reifreann seo go mór le comhionannas do phobal na hÉireann ar fad agus go bhfuil sé tábhachtach é sin a bhaint amach tríd an reifreann seo.

Ba mhaith leo daoine a spreagadh chun vótáil ar son an reifrinn ar an 22 Bealtaine toisc go gcreideann siad go láidir gur cheart go n-éireodh leis an reifreann do chomhionannas pósta do gach sórt cúpla in Éirinn.

Mar sin, cuireadh tús leis an bhfeachtas ‘’Pobal na Gaeilge ar son YesEquality’’ chun na spriocanna úd a bhaint amach. Ó shin (laistigh de sheachtain), tá breis is 500 leantóir ag an ngrúpa Facebook den ainm céanna agus tá an-chuid daoine ag teacht i dteagmháil leis an ngrúpa lena spéis a léiriú a bheith gníomhach san fheachtas agus chun a gcuid ceisteanna a chur.

Níos mó ná an Pósadh i gceist

Is faoi phósadh go díreach atá an reifreann seo ach deirtear go mbeidh tionchar mór ag toradh an reifrinn ar phobal na hÉireann ina iomláine ar bhealaí éagsúla. Léiriú a bheas sa toradh ar thuairim mhuintir na hÉireann mar phobal ar an bpósadh, ar an homaighnéasachas agus ar an gcomhionannas. Dúirt an t-Aire Aodhán Ó Riordáin i mí Feabhra go mbeadh pobal na hÉireann náirithe munar éirigh leis an reifreann seo, agus go léireodh sé nach gcreidimid mar Éireannaigh sa chomhionannas.

Dúirt sé, “The message that is going to send out to the world the year before we celebrate the 1916 Rising commemoration that we don’t really believe, when we were asked, we don’t really believe in equality.” (Irish Independent, 13 Feabhra 2015). Deir an taobh eile, nach bhfuil ag iarraidh go n-éireoidh leis an reifreann, nach bhfuil comhionannas i gceist sa díospóireacht seo ach gur cheart go mbeadh fear agus bean i gceist le ‘pósadh’ beirte agus gur cheart téarma eile agus dlithe éagsúla a bheith i gceist leis an bpáirtnéireacht idir beirt fhear nó beirt bhan.

I leabhrán de chuid na heagraíochta ‘Integritas’, deirtear gurb í an chiall leis an bpósadh ná fear agus bean ‘who, in their union capture the integrity and fullness of human nature in a unique way’(Marriage Referendum, www.integritas.ie)

Cinneadh le déanamh

Níl ach 22 bhliain caite anois ó rinneadh díchóiriúlú ar an homaighnéasachas in Éirinn.

Níl an pháirtnéireacht shibhialta againn ach le 5 bliana. Anois sa bhliain 2015, tá aire sláinte na tíre tar éis a fhógairt go poiblí gur fear aerach é féin agus cuirfear ceist an phósta aoninscne ar phobal na h

Éireann i reifreann a bhfuil gach páirtí polaitíochta ag tacú leis. Níl amhras ach go bhfuil cúrsaí ag athrú go tapaidh in Éirinn. Ón bpobalbhreith is deireanaí, deir 73% den phobal go gcaithfidh siad vótáil ar son an reifreann, deir 22% go gcaithfidh siad vótáil ina aghaidh agus deir 5% nach bhfuil siad cinnte fós. (Sunday Times, 15 Márta 2015)

Níl amhras ach gur ábhar casta é seo do go leor dínn, go bhfuil go leor daoine fós éiginnte, gur cheart go mbeidh deis ag gach éinne a dtuairimí a léiriú, agus a gceisteanna a chur agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh díospóireacht chothrom, ionraic ann.

Seo iad cuid de na cúiseanna go bhfuil an feachtas ‘Pobal na Gaeilge ar son YesEquality’ tosaithe anois agus an grúpa laistiar de breá sásta an scéal a phlé go hionraic agus ceisteanna daoine a fhreagairt trí Ghaeilge.

Beidh a thuairim féin ag gach duine agus beidh gach aon tuairim tábhachtach ar lá an vótála, an 22 Bealtaine 2015 do thodhchaí shaoránaigh na hÉireann araon.

……………………………………

Chuir ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill agallamh ar cheannasaí an grúpa stócaireachta nuabhunaithe ‘Pobal na Gaeilge do YesEquality’, Traolach Ó Buachalla . Seo chugaibh léargas ar phleananna agus modh oibre de chuid an ghrúpa stócaireachta Gaeilge atá nua-bhunaithe….

'Pobal na Gaeilge ar son YesEquality'
Close
Close