Ceist Campbell - Cén masla atá ann agus deis mar seo againn?

Ceist Campbell - Cén masla atá ann agus deis mar seo againn?
Aisfhreagra ar chaint Gregory Campbell

Ian Malcolm

Ar Lá an Chuimhneacháin (nó Remembrance Day i mBéarla) i mbliana, chaith mé dhá rud ar mo chasóg. An Poipín agus An Fáinne. Dhá shiombail chumhachtacha taobh le taobh.

Leis an Fháinne bhí mé ag léiriú thábhacht na Gaeilge i mo shaol agus leis an Phoipín bhí mé ag cuimhneamh orthu siúd a fuair bás ionas go mbeadh an ceart agam mo theanga a labhairt.

Ní raibh achan duine sásta ach bhí an chuid is mó den aischothú a fuair mé dearfach, ó Aontachtaithe agus Phoblachtaigh araon. Mhothaigh mé go raibh rud beag bídeach déanta agam ar son an chomhionannais i dTuaisceart Éireann.

Bogaimis ar aghaidh cúpla seachtain go comhdháil bhliantúil an DUP, nuair a thaispeáin Feisire Stormont Gregory Campbell pota iógairt agus a rinne aithris ar na foclaí damanta sin: ‘Curry my Yogurt’!

Céim siar don chomhionannas?

Tá mé cinnte go bhfuil a fhios agaibh gur Protastúnach, Briotanach agus Aontachtach mé féin, atá bródúil as na rudaí sin uilig. Ach is eol daoibh chomh maith gur cainteoir Gaeilge mé atá ag saothrú i ngort na teanga s’againne leis na blianta.

Bítear ag caint i mBéarla ar ‘worn the T-Shirt, read the book’. Scríobh mé an leabhar! ‘I dTreo na Cuimsitheachta: Protastúnaigh agus an Ghaeilge’ is ainm don téacs agus cruthaíonn sé – sílim – go bhfuil mé lán dáiríre faoin téama.

Tá mé ar mo dhícheall i gcónaí an teanga a chur chun cinn i measc mo phobail féin. Cuirim i gcás comharsan de mo chuid a bhí ag magadh faoin teanga go síoraí.

Sé mhí ó shin, tháinig sé chugam agus d’iarr sé orm an bhféadfainn ceacht simplí Gaeilge a thabhairt dó. Luaigh sé logainm ar thrácht a mháthair air nuair a bhí sé óg. D’aistrigh mé é dó agus bhí lúcháir air.

Sin an dul chun cinn atá déanta againn agus measaim cineál bródúil nuair atá mé in ann áilleacht na Gaeilge a chur in iúl do dhuine a raibh dearcadh diúltach ar an teanga aige.

Cén damáiste atá déanta ag Gregory Campbell mar sin?

Tada! Faic! Tá gar déanta aige do chúis na teanga lena chuid maslaí. Mar gheall ar a fhriotal tá níos mó Protastúnach ag taispeáint suime sa Ghaeilge agus measaim go dtiocfaidh bláth ar an chrann atá plandáilte aige i seomra an Tionóil sna blianta atá le teacht.

Maidir le Gregory é féin, tá níos mó ná ionsaí ar an teanga i gceist: tá sé i mbun stocaireachta, súil aige ar an duais mhór nuair a imíonn Peter Robinson ón stáitse pholaitiúil. Ach sin scéal eile do lá eile.

Mar sin féin, níor mhiste liom a bheith cothrom leis ar bhealach. Is féidir go n-eascraíonn a shloinne ó na foclaí ‘cam’ agus ‘béal’, rud a chuir Poblachtaigh in iúl le gliondar le linn na raice.

Ach cad chuige nár luaigh duine ar bith acu go bhfuil féidearthacht eile ann? Nach fíor go bhfuil an t-ainm Mac Cathmhaoil ann fosta? Chuirfeadh aistriúchán air sin cruth eile ar an scéal, mar atá fear crógach ar pháirc an chatha.

Fágaimis é sin ar an leataobh faoi láthair! Ach ceist shuimiúil atá ann.

Buíochas leis, tá an Ghaeilge níos feiceálaí ná mar a bhí sí riamh i dTuaisceart Éireann agus tá Aontachtaigh eile ag cosaint na teanga anois, Mike Nesbitt, ceannaire an UUP, ina measc.

Tá Pobal, scátheagras na Gaeilge, agus Turas, grúpa teanga in Oirthear Bhéal Feirste tágtha le chéile chun Acht Teanga a éileamh. Arbh fhéidir smaoineamh ar a leithéid cúpla bliain ó shin?

Agus feicim féin torthaí fhriotal Ghregory go pearsanta. Tá rang agam darb ainm Hidden Ulster i gColáiste Stranmillis agus bhí déistin ar mo mhic léinn faoina ndúirt sé. Tá mé ag caint ar rang mheasctha, ina bhfuil Protastúnaigh agus Caitlicigh ag foghlaim faoin oidhreacht chomhchoiteann atá againn i dTuaisceart Éireann.

Deirim i gcónaí go mbaineann an teanga linn uilig trínár sloinntí, logainmneacha agus sa dóigh ina n-úsáideann muid an Béarla anseo. Níl sa teanga sin ach cineál péinte ar bhallaí daingne Gaeilge.

Ar Twitter fosta tá daoine ag léiriú suime sna ranganna s’agamsa agus sílim go bhfuil an rabharta mór spéise mar gheall ar na foclaí a d’úsáid Gregory, agus é ag iarraidh a bheith maslach don Ghaeilge.

Dála an scéil, ní hé Gregory an chéad duine sa DUP a rinne an cleas seo. Déantar dearmad air, ach is cuimhin liom gur úsáid Sammy Wilson na foclaí céanna – ‘yogurt’ agus ‘Coca-Cola’ – sa Tionól tamall de bhlianta ó shin.

Seans go bhfuil script ag an DUP, script a thógann siad amach ón chófra achan cúpla bliain chun olc a chur ar na Náisiúnaigh in aimsir na práinne. Cén phráinn? Ná déan dearmad go bhfuil cainteanna ar siúl faoi láthair!

Caithfidh mé a rá gur maith liom curaí agus iógart – ach chan ar an phláta chéanna ag an uair chéanna. Bhronnfadh a leithéid de bhéile na sciodair orm!

Ach ná bímis ag amharc ar fhoclaí Ghregory mar mhasla. Ba chóir dúinn a bheith sásta…

Tá níos mó déanta aige ar son ná Gaeilge ná duine ar bith eile le blianta. Tapaímis an deis!

Close
Close