Cearta Gaeilge chun tosaigh ar ‘dhea-chaidreamh’ in Oirdheisceart Uladh

Cearta Gaeilge chun tosaigh ar ‘dhea-chaidreamh’ in Oirdheisceart Uladh

Amárach a thiocfaidh na 11 ollchomhairle úra i gcomharbacht ar na 26 comhairle reatha ó thuaidh.

Cé gur chothaigh Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin fearg na nAontachtach nuair a chinn siad an Ghaeilge a chur os cionn an Bhéarla ina suaitheantas, tá athrú eile déanta ag an Chomhairle chéanna a thugann comhionannas don Ghaeilge ar bhealach nár tharla chuige seo ó thuaidh.

Tá fóráil úr i bpolasaí na Comhairle a chinntíonn nach féidir tionscnaimh Ghaeilge a dhiútiú sa Chomhairle ar bhonn ‘dea-chaidrimh’ a thuilleadh.

I gcaitheamh na mblianta dhiúltaigh polaiteoirí ón UUP agus DUP i gcomhairlí Léim an Mhadaidh, Machaire Fíolta agus Doire do thionscnaimh agus do bheartais Ghaeilge ar an bhonn go mbeadh “tionchar diúltach” ag feiceálacht na Gaeilge ar ‘dea-chaidreamh’ ina bpobal.

Faoin pholasaí nua atá i gComhairle an Iúir. Mhúrn agus an Dúin, déanfar cinnithe faoin Ghaeilge a mheas de réir ‘comhionannais’ agus ní de réir ‘tionchar ar dhea-chaidreamh’ sa phobal.

Suaitheantas dátheangach ag Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin
Suaitheantas dátheangach ag Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin

Is gá d’eagras pobal measúnú tionchair comhionannais nó Equality Impact Assesment a dhéanamh le gach tionscnamh pobail de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Le linn mheasúnú tionchar comhionannais, tá cead ag an phobal a n-imní a chur in iúil faoi aon ní a chuireann isteach ar ‘dea-caidreamh’ ina gceantar, dar leo.

Deir Leas-Stiúrthóir an Choiste um Riaradh an Cheartais, Daniel Holder, go bhfuil dian-stocaireacht á déanamh acu ar an cheist seo mar gheall ar an mhí-úsáid a bhain polaiteoirí áirithe as an pholasaí.

Labhair Meon Eile le príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, agus le comhairleoir Shinn Féin, Barra Ó Muirí, faoin pholasaí úr.

Dea-caidreamh agus cearta teanga i gcás comhairlí áitiúla an Tuiscirt

Pléifidh an tAire Cultúir, Ealaíon agus Foilíochta, Carál Ní Chuilín, cur i bhfeidhm na Cairte um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh i dTuaisceart na hÉireann i gcruinniú sa Bhruiséil ar an mhí seo chugainn.

“Tá cruinnithe le bheith agam leis na Náisiúin Aontaithe faoi chearta teanga agus leis an Choiste Saineolaithe a dhéanann monatóireacht ar chur i bhfeidhm na Cairte um Teangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.”

“Tá súil agam comhpháirtíochtaí a fhorbairt a chuideoidh linn reachtaíocht chomhionannais a fhorbairt a thabharfas cosaint don Ghaeilge ó thuaidh,” a dúirt an tAire Ní Chuilín.

An tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóilíochta, Carál Ní Chuilín - cearta teanga le plé san Eoraip

Tá Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ar an chéad Chomhairle chun glacadh le polasaí a chinntíonn go ndéanfar tionscnaimh teanga-bhunaithe a mheas de réir ‘chomhionannais daonna’ seachas ‘tionchar ar dhea-chaidreamh’.

Tuigtear go bhfuil plé ar bun le beartais amhlaidh a chur i bhfeidhm sna Comhairlí eile ina bhfuil tromlach náisiúnach iontu.

Close
Close