Ciarán Ó Pronntaigh
Bíonn an daonáireamh cosúil leis na scóir ó chluichí peile, amanna.
Cad é mar atá ag éirí leis an ‘fhoireann’ s’againn an cheist is mó a chuala mise nuair a foilsíodh na figiúirí.
Agus cosúil leis na foirne peile, tá a fhios ag daoine cé acu foireann a dtugann siad tacaíocht di.
Tá daoine ann a deir gur chóir dúinn bheith níos aibí faoi chúrsaí agus gan bheith ag dul don chomhaireamh sheicteach seo ach, ceartaigh mé má tá mé contráilte, is é sin an tslat tomhais a bhunaigh an stáitín seo ó thuaidh an chéad lá agus is ar an bhunús sin atá sé ag dul ó shin.
Cá mhéad duine agaibh a d’imir an cluiche ‘tomhais cá mhéad Caitliceach/Protastúnach a bheidh sa daonáireamh i mbliana’?
Ardú de 1% a bhí sa phobal Caitliceach go dtí 45% agus ísliú de 5% sa phobal Protastúnach na figiúirí tábhachtacha.
Don chéad uair riamh, bhí níos lú ná tromlach ag na Protastúnaigh sna sé chontae.
Seans go bhfuil cuid de na daoine nár áirigh iad féin mar chuid den phobal Phrotastúnach le cur leis an fhigiúr seo ach ar an lámh, eile seans go rachadh cuid acu chuig an pobal Chaitliceach chomh maith.
Ach, cad é a deir na figiúirí seo linn? Cuid mhaith, mar a tharlaíonn nó léiríonn siad go sonraíoch an stádas lag atá ag na hAontachtaithe anois i mBéal Feirste, mar shampla.
Arís, ná cuir i mo leith go bhfuil mé seicteach ag caint ar chúrsaí creidimh agus polaitíochta san aon abairt amháin. Go dtí go bhfeicim athrú ar an scéal, agus níl aon seans go dtarlóidh sin go luath de réir fhianaise na scliúchas faoi bhratach Shasana, cloífidh mé leis.
Agus baineann an t-aighneas a bhain le ‘normalú’ cheist na brataí leis na figiúirí seo chomh maith.
Agus seo an rud nach dtuigim. Cinnte, chuirfeadh a leithéid corraí ar na hAontachtaithe agus bheadh orthu freagra éigin a thabhairt ach cad chuige a bhfuil na scliúchais fós ag dul ar aghaidh agus tuilleadh á bpleanáil?
Nó tuigeann siad chomh glé glinn leis an spéir ghorm nach bhfuil tromlach acu anois i mBéal Feirste agus nach mbeidh choíche.
Cad é a bhí siad ag iarraidh a bhaint amach? Cúrsaí polaitíochta in oirthear na cathrach ach sin scéal eile.
Ag dul ar ais chuig cúrsaí spóirt, bhí cluiche i Roinn B ag na Gaeil, chomh maith, ar ndóigh, áit a mbíonn an Ghaeilge ‘ag imirt’ ó cuireadh mar cheist ar an daonáireamh i 1991 í.
Agus arís, tháinig ardú an-bheag ar líon na ndaoine a dúirt go raibh conamar éigin Gaeilge acu, ó 167,487 sa bhliain 2001 go dtí 184,898, ardú de 0.25% go dtí 10.65%.
Is dócha go raibh imní ar dhaoine dá mbeadh titim ar bith ann agus is maith an rud a fheiceáil go bhfuil an figiúr measartha seasta ach má dhéantar grinnstaidéar ar na figiúirí cumais feictear go bhfuil cúlú éigin ann.
Ach, níl duine ar bith againn a shíleann go bhfuil na scórtha míle duine ag dul thart ag caint Gaeilge an t-am ar fad.
B’fhearr liom amharc ar na figiúirí seo mar dhaoine ag léiriú don saol mór ní hamháin go bhfuil imir éigin den Ghaeilge acu ach go bhfuil siad bródúil go bhfuil a leithéid ann agus gur mian leo go mbeadh polasaí i bhfeidhm a dhéanfadh cinnte de go mairfeadh agus go bhfásfadh an teanga.
Má amharcaimid ar na figiúirí ar an bhonn sin tá sciar nach beag den phobal linn cheana.
Is féidir an dubh a chur ina gheal amanna má úsáidtear staitisticí ar an dóigh cheart agus chonaic muid sin leis an dóigh a ndearnadh iad a thuairisciú.
I measc na bhfigiúirí a tháinig amach bhí an ceann faoi ‘phríomhtheanga’. Tugadh le fios nach raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga ach ag 4,161, taobh thiar den Pholainnis agus den Liotuáinis.
Ábhar díomá dom féin nuair a léigh mé iad an chéad iarraidh. Cá ndeachaigh an 167, 487 a bhí ann i 2001?
Ansin, ar chosa in airde, tháinig ríomhphost ón Roinn Cultúir, ag cur in iúl gur ardú a bhí ann i gceart nuair a amharctar ar gach cumas.
Is dócha go bhfuil fiúntas sa dá fhigiúr, ag brath ar cé acu ceann a léann tú ar dtús!