Cén toradh a bheas ar reachtaíocht SPAD?

Cén toradh a bheas ar reachtaíocht SPAD?
Stormont
Stormont

Ciarán Dunbar

Tráthnóna Dé Luain seo caite ritheadh An Bille Státseirbhíse (comhairleoirí speisialta) trí Thionól Thuaisceart Éireann – vótáil 56 de na Baill Tionóil ar son an bhille agus vótáil 28 ina choinne.

Thug gach páirtí aontachtach agus an Alliance Party tacaíocht dó, vótáil Sinn Féin agus Steven Agnew (Comhaontas Glas) ina choinne.

Cé nach raibh an SDLP sásta le gnéithe áirithe den reachtaíocht, staon an páirtí den vóta agus dhiúltaigh siad ‘achainí bhunchúraim’ a shíniú, a chuirfeadh bac ar an reachtaíocht.

Is gléas é an ‘achainí bhunchúraim’, nó ’petition of concern’, a úsáidtear chun a chinntiú go bhfuil ‘tacaíocht trasphobail’ ag reachtaíocht nua. Ciallaíonn sé go bhfuil ceart crosta éifeachtach ag an dá phobal ar a chéile.

Ba é Jim Allister ón TUV a chuir an bille seo os comhair an Tionóil mar Bhille Comhalta Príobháideach. Tá sé ag iarraidh go dtugfar ‘Ann’s Law’ air in ómós do dheirfiúr Mary Travers.

Scaoil an IRA Mary Travers chun báis in 1984 agus í ag teacht amach as séipéal i ndeisceart Bhéal Feirste in éineacht lena máthair agus a hathair. Bhí sí 22 bliana d’aois ag an am.

Dar leis an IRA gur “botún” a bhí ann agus gurb é a hathair, Tom Travers, a scaoileadh sé huaire ach a mhair, an targaid. Bhí Tom Travers ina bhreitheamh chúirt dúiche, sprioc dhlisteanach de réir dhearcadh an IRA.

Tháinig an t-ábhar conspóide seo chun tosaigh tar éis gur cheap Sinn Féin Mary McArdle, an t-aon duine a ciontaíodh as páirt a ghlacadh san eachtra, mar chomhairleoir speisialta ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín in 2010.

Spreag an ceapachán seo Ann Travers, deirfiúr Mary Travers, chun dul i mbun feachtasaíochta agus is minic a labhair sí go paiseanta sna meáin ó shin. Tá sé thar a bheith suntasach gur éirigh léi mar dhuine aonair feachtas chomh rathúil a chur le chéile.

Tá teachtaireachtaí éagsúla ag teacht amach ón SDLP áfach. Tá cuma ar an scéal go bhfuil daoine áirithe sa pháirtí a dtaitníonn an reachtaíocht leo mar bhuille ar Shinn Féin agus daoine eile buartha faoin tionchar a bheas aige ar vóta s’acu féin sa chéad toghchán eile.

Go poiblí, tá Sinn Féin ar daoraí faoin reachtaíocht, ach tá go leor den tuairim go bhfuil deis ar leith acu buille marfach a bhualadh ar an SDLP anois.

Tar éis a bheith ag caint le náisiúntóirí, bheinn den tuairim nach raibh an chuid is mó acu sásta le cur chuige seo an SDLP.

Tá daoine míchompordach go raibh cuma ar chúrsaí go raibh an SDLP ag tacú le Jim Allister agus an TUV. Meastar gur “biogóid sheicteach” agus “dineasár” é Allister agus nár chóir go mbeadh náisiúntóirí “ag tacú leis” ar dhóigh ar bith. Ar ndóigh, níor thacaigh an SDLP leis – staon siad ón vóta go díreach.

Ar ndóigh, déanfaidh sé maitheas nach beag do Jim Allister agus an TUV go polaitiúil ach go bunúsach is beag an tionchar a bheas aige ar an saol i gcoitinne ar an ábhar nach gcuirfear isteach ar dhuine amháin ag an phointe seo, Paul Kavanagh (Comhairleoir Speisialta Martin McGuinness).

Tharla dúnmharú Mary Travers i dtoghcheantar cheannaire an SDLP, Alasdair McDonnell, Deisceart Bhéal Feirste. Ba Chaitlicigh meánaicmeacha iad Clann Travers.

Is féidir go ndéanfaidh cinneadh an SDLP maitheas dóibh sa cheantar áirithe seo agus i measc na meánaicmí Caitliceacha i gcoitinne ach thiocfadh dó gur a mhalairt a tharlós in áiteanna eile.

Mar shampla, in agallamh ar na mallaibh, luaigh Alasdair McDonnell “pecking order” i dtaca le híobartaigh na dtrioblóidí. Ar an ábhar nach gcuirfidh an tAcht isteach ach ar iarbhaill den IRA agus ní dócha ar iarbhaill de na fórsaí slándála, ní bheadh cuid mhór daoine sa phobal náisiúnach sásta leis an fhriotal cainte áirithe seo, go háirithe iad siúd a d’fhulaing mar gheall ar ghníomhaíocht fhórsaí an Stáit – rud atá curtha in iúl don SDLP le linn na díospóireachta seo.

Mar sin, cén fíor-thoradh a bheas ag reachtaíocht SPAD? I ndeireadh na dála, ní bhfaighfear aon fhreagairt ar sin go dtí an chéad toghchán eile.

Is é mo léamh ar an scéal ná gur féidir go bhfuil dochar déanta ag an SDLP dó féin agus go gcaillfidh siad vótaí dá bharr – vótaí aistriúcháin go háirithe.

Mar sin féin, is fada an tréimhse seachtain sa pholaitíocht agus tá go leor ama ag an SDLP chun sochar a bhaint as na cúinsí seo go fóill.

Seans go spreagfaidh seasamh an SDLP roinnt dá lucht tacaíochta a d’fhan sa bhaile ar lá an toghcháin le blianta beaga anuas chun teacht amach agus vótáil arís?

Beidh le feiceáil.

Close
Close